Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta6 Iúil 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Cuirfidh na scileanna boga seo le dul chun cinn i do ghairm bheatha

Tá níos mó fostóirí ag tabhairt tús áite do scileanna boga ar scileanna iad atá riachtanach le haghaidh dul chun cinn agus forbairt gairme beatha. D’fhéadfaí na doirse a oscailt do dheiseanna nua trí bhailchríoch a chur ar na scileanna luachmhara seo agus d’fhéadfadh sé sin cabhrú le cuardaitheoirí poist óga seasamh amach.

 woman laughing amidst men in chairs

Scileanna cumarsáide

Cé go ndéantar neamhiontas dóibh minic go leor, is féidir le scileanna maithe cumarsáide a bheith ina gcuid ríthábhachtach de thacar sainscileanna gairmí ar bith. Cibé más ag caint le comhghleacaithe, le cliaint nó le comhpháirtithe gnó atá tú, tá sé riachtanach a bheith in ann do chuid smaointe a chur in iúl go soiléir agus éisteacht go cúramach leis an méid atá á rá ag an duine eile.

Ní tharlaíonn feabhsú do scileanna cumarsáide thar oíche ach is féidir leat tosú de bheith ag smaoineamh i gcónaí roimh rud éigin a rá, agus a chinntiú go mbíonn do chuid cainte soiléir agus gonta. Mura mbíonn rud éigin soiléir, ná bíodh faitíos ort ceisteanna a chur chun é a shoiléiriú. Tapaigh aon deis chun bheith ag cleachtadh agus ná déan dearmad aiseolas a lorg.

Óráidíocht phoiblí

Scil eile a ndéantar neamhiontas di í an óráidíocht phoiblí. Gabhann a chuid dúshlán féin le bheith ag labhairt go poiblí – gné eile de a bhaineann le scileanna cumarsáide, ar ndóigh – go háirithe do dhaoine atá cúthaileach nó a mbíonn scéin stáitse orthu. Mar sin féin, is féidir leis an scil seo tionchar a imirt ar fhorbairt do ghairme beatha mar ní mór do gach cuideachta cainteoir maith a chur i láthair ag imeachtaí cuideachta, ag cruinnithe le cliant, ag comhdhálacha, etc.

Chun feabhas a chur ar do scileanna óráidíochta poiblí, ná téigh thar fóir leis ag an tús; cuir chugat é rud éigin a chur i láthair os comhair d’fhoirne nó bhaill do rannáin ar dtús. Tóg an t-am beagáinín cleachtaidh a dhéanamh roimh ré agus bí cinnte aiseolas a lorg ó do chomhghleacaithe i gcónaí chun a fháil amach caidé ar éirigh go maith leis agus caidé a d’fhéadfaí a fheabhsú. Díreach cosúil le scileanna cumarsáide eile, tógann sé am chun é a thabhairt chun foirfeachta, ach is féidir na buntáistí a ghabhann leis a bheith suntasach.

Bainistiú ama

Tá bainistiú éifeachtach ama ríthábhachtach do ghairmithe óga atá ag iarraidh a dtáirgiúlacht a uasmhéadú agus spriocdhátaí a chomhlíonadh. I measc na rudaí atá riachtanach chun go n-éireoidh leo tá tascanna a chur in ord tosaíochta, spriocanna a leagan síos agus seachráin a bhainistiú. Trí scileanna bainistíochta ama den scoth a fhorbairt is féidir leat cáil a tharraingt ort féin as bheith iontaofa agus éifeachtach, rud a bhíonn i gcónaí go maith i dtimpeallacht oibre.

Is féidir leat tosú amach ar do chuid scileanna bainistithe ama a fheabhsú tríd an altEURES  seo maidir le conas cloí le sprioc-amanna a léamh.

Cuntasacht

Is cuma cé mhéad a bhímid ag iarraidh fanacht glan orthu, ní féidir botúin ag an obair a sheachaint i gcónaí. Is í an chaoi a láimhseálann tú na botúin seo an rud a dhéanann an difríocht idir dea-fhostaí agus drochfhostaí. An ndéanann tú iarracht an milleán a chur ar dhuine eile, an mbíonn tú ag lorg leithscéalta, nó an nglacann tú freagracht iomlán as an méid a dhéanann tú? Má tá meancóg déanta agat, bí soiléir faoin ról a bhí agat ina taobh agus glac leis na hiarmhairtí a ghabhann léi. Is é sin an bealach is fearr chun foghlaim ó eispéireas den chineál sin.

Réiteach fadhbanna

Sna hamanna síorathraitheacha seo, bíonn meas ag cuideachtaí ar fhostaithe ar féidir leo fadhbanna casta a réiteach. Cuireann an scil seo ar chumas gairmithe óga cásanna a anailísiú go hoibiachtúil, roghanna malartacha a mheas, agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Chun feabhas a chur ar do chumas chun fadhbanna a réiteach, bí ag lorg deiseanna chun dul i ngleic le tionscadail dhúshlánacha, chun páirt a ghlacadh i seisiúin tobsmaointeoireachta, agus cuir sonrú sa chaoi a láimhseálann comhghleacaithe ag a mbíonn níos mó taithí plé le cásanna casta.

Obair bhuíne

Is orgánaigh chasta iad cuideachtaí ina mbíonn ról riachtanach ag gach fostaí. Tá sé tábhachtach go n-oibreoidh fostaithe go maith le chéile chun dúshláin níos casta a shárú. Bíonn an obair bhuíne ríthábhachtach chun go n-éireoidh le gach rannán. Is éard atá i gceist le scileanna oibre buíne ná an éisteacht ghníomhach, meas a bheith ag cách ar dhearcthaí éagsúla, agus cumarsáid agus comhordú éifeachtach a dhéanamh le baill foirne. Chun na scileanna sin a fheabhsú, deiseanna a lorg chun páirt a ghlacadh i ngrúpthionscadail agus obair dheonach a dhéanamh le haghaidh tascanna foireannbhunaithe.

Idirbheartaíocht

Is dócha go bhfuil scileanna idirbheartaíochta ar na scileanna ar an liosta seo is deacra a fhorbairt, ach d’fhéadfaí a rá gurb iad na scileanna is luachmhaire iad chomh maith. Is féidir scileanna maithe idirbheartaíochta a chur i bhfeidhm in go leor comhthéacsanna gairmiúla, amhail agus margaí a chur i gcrích, coinbhleachtaí a réiteach ag an obair, nó fiú agus tú ag dul i mbun idirbheartaíochta maidir le do thuarastal.

Chun feabhas a chur ar do scileanna idirbheartaíochta, déan cleachtadh ar bheith ag éisteacht go gníomhach le tuiscint a fháil ar dhearcadh an pháirtí eile agus déan iarracht torthaí ag a mbeidh buntáiste ag gach taobh ann a bhaint amach trí dhíriú ar shochair fhrithpháirteacha agus ar réitigh chruthaitheacha. Is féidir leat an t‑altEURES seo a léamh freisin chun cabhrú leat maidir le hardú pá a iarraidh ar d’fhostóir.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

An bhfuil tú ag streachailt leis an iarracht píosa oibre a dhéanamh in am?Foghlaim conas gan spriocdháta eile a ligean tharat choíche arís

Conas ardú pá a iarraidh ar d’fhostóir

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.