Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

Fianáin ar EURES

 

Bainimid úsáid as fianáin ar ár suíomh gréasáin. Is éard is fianán ann ná píosa beag sonraí a dhéantar a stóráil trí shuíomh gréasáin ar ríomhaire nó ar ghléas móibíleach an chuairteora.

Bainimid úsáid as fianáin le haghaidh fheidhmiú teicniúil an tsuímh gréasáin agus, má thoilíonn tú leis, chun d’eispéireas brabhsála ar ár suíomh gréasáin a bhailiú chun críocha staidrimh chomhiomlánaithe, arb é is cuspóir dóibh feabhas a chur ar ár gcumarsáid agus ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil.

Is féidir leat roinnt faisnéise a fháil freisin faoi fhianáin a bhaineann lenár gcainéil ar na meáin shóisialta.

 

Europa Analytics agus a chuid fianán

Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach, a dhéanann faireachán agus meastóireacht ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA), EURES, MECS agus an Choimisiúin Eorpaigh chomh maith le suíomhanna gréasáin eile a dhéanann ionad sonraí an Choimisiúin a óstáil.

Úsáideann sé ardán anailísíochta foinse oscailte, Matomo (ar a dtugtaí Piwik roimhe seo), atá faoi rialú iomlán an Choimisiúin Eorpaigh. Leis an ardán sin, féadtar sonraí pearsanta an úsáideora deiridh a chosaint a bhuí le gnéithe amhail seoladh IP a chur ó aithint. Féadtar úsáid a bhaint as fianáin freisin chun staidrimh anaithnidithe a bhunú faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna.

Faisnéis agus bearta um chosaint sonraí in Europa Analytics

Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach trína dtomhaistear éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh ar Europa.

Is féidir leat úsáid na seirbhíse seo a dhiúltú — tríd an bhfógra meirge fianán atá ar bharr an chéad leathanaigh a dtugann tú cuairt air nó ag Europa Analytics.

Má roghnaíonn tú gan an tseirbhís seo a úsáid, ní bheidh tionchar aige sin ar d’eispéireas nascleanúna ar shuíomhanna Europa. Tá Europa Analytics cumraithe chun úsáid a bhaint as an bhfearann dara leibhéil europa.eu (arna úsáid ag suíomhanna gréasáin na n-institiúidí Eorpacha) agus chun fianáin chéadpháirtí a stóráil.

Leis na fianáin (ó Matomo) a úsáideann Europa Analytics, cuirtear ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh an t-eolas seo a leanas faoi chuairteoirí a rianú. Bainimid úsáid as an bhfaisnéis seo chun tuairiscí staidrimh chomhiomlánaithe a ullmhú maidir le gníomhaíocht na gcuairteoirí:

  • Seoladh IP (masctha)
  • Suíomh: tír, réigiún, cathair, neas-domhanleithead agus neas-domhanfhad (Geoshuíomh)
  • Dáta agus am na hiarrata (cuairt ar an suíomh)
  • Teideal an leathanaigh a bhfuiltear ag breathnú air (Teideal an Leathanaigh)
  • URL an leathanaigh a bhfuiltear ag breathnú air (URL an Leathanaigh)
  • URL an leathanaigh ar breathnaíodh air roimh an leathanach reatha (URL atreoraí)
  • Taifeach scáileáin ghléas an úsáideora
  • Am in amchrios áitiúil an chuairteora
  • Comhaid a cliceáladh agus a íoslódáladh (Íoslódáil)
  • Naisc le fearann seachtrach ar cliceáladh orthu (Nasc amach)
  • Am giniúna leathanach (an t-am a thógann sé ar an bhfreastalaí gréasáin leathanaigh ghréasáin a ghiniúint agus a íoslódáil ansin ag an gcuairteoir: Luas an leathanaigh)
  • Príomhtheanga an bhrabhsálaí atá á húsáid (Ceanntásc um Theanga a Ghlactar)
  • Leagan an bhrabhsálaí, breiseáin an bhrabhsálaí (PDF, Flash, Java,...) leagan an chórais oibriúcháin, aitheantóir an ghléis (Ceanntásc um ghníomhaire úsáideora)
  • Teanga an leathanaigh ar tugadh cuairt air
  • Feachtais
  • Cuardach Suímh
  • Teagmhais

D’fhonn cruinneas na dtuairiscí a tháirgtear a fheabhsú, stóráiltear faisnéis freisin i bhfianán céadpháirtí ónár suíomh gréasáin agus bailíonn Europa Analytics ansin í:

  • Aitheantas Cuairteora uathúil randamach
  • Am a chaith an cuairteoir ar leith don chéad chuairt
  • Am a chaith an cuairteoir ar leith don chuairt roimhe seo
  • Líon na gcuairteanna a thug an cuairteoir ar leith

Chuir ELA de chúram ar an gCoimisiún Eorpach na sonraí a bhailítear trí fhianáin chéadpháirtí a bhailiú agus rialú iomlán a choinneáil orthu trí na sonraí a stóráil i bhfreastalaithe atá go hiomlán faoi úinéireacht agus faoi rialú an Choimisiúin Eorpaigh é féin.

Chomh maith le roinnt fianán neamhbhuan, gineann Matomo fianán seasmhach aitheantais randamach, trína bhféadfaidh Europa Analytics a aithint nuair a fhilleann úsáideoir ar an suíomh. Tá dáta éaga 13 mhí ag an bhfianán seo, agus ina dhiaidh sin baintear é go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora.

  • Is fianáin iad fianáin chéad pháirtí a shocraítear ag an suíomh gréasáin a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air. Ní féidir ach an suíomh gréasáin sin iad a léamh.  Ina theannta sin, d’fhéadfadh suíomh gréasáin seirbhís sheachtrach a úsáid chun anailís a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil daoine ag baint úsáide as a suíomh. Socraíonn Europa Analytics a bhfianán féin chun é sin a dhéanamh agus ní úsáideann sé páirtithe seachtracha.
  • Is fianáin iad fianáin sheasmhacha a shábháiltear ar do ríomhaire agus ní scriostar iad go huathoibríoch nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí, murab ionann agus fianán neamhbhuan, a scriostar nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.

Toiliú le d’eispéireas brabhsála a bhailiú chun críocha staidrimh chomhiomlánaithe

Mar réamhshocrú, NÍ rianaíonn Europa Analytics an t-eispéireas brabhsála atá ag cuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Féadfaidh tú, áfach, rogha a dhéanamh toiliú le d’eispéireas brabhsála ar ár suíomh gréasáin a chur ar fáil dúinn chun críocha staidreamh comhiomlánaithe a chur ar fáil.

Má tá na fianáin uile díchumasaithe agat, spreagfar an fógra meirge fianán duit ag gach cuairt ar ár suíomh gréasáin.

Rochtain shrianta ar fhaisnéis

Déantar gach cumarsáid maidir le sonraí anailísíochta a chriptiú trí phrótacal HTTPS. Ní fhéadtar rochtain ar thuairiscí anailíseacha Europa Analytics a fháil ach amháin trí Chóras Fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (ECAS) ag baill foirne údaraithe de chuid an Choimisiúin atá ag déileáil le Matomo, ag baill foirne na hinstitiúide Eorpaí ábhartha nó ag fochonraitheoirí seachtracha atá údaraithe go cuí, a bhféadfaí go gceanglófaí orthu suíomhanna áirithe a anailísiú, a fhorbairt agus/nó a chothabháil go rialta.

Seoltaí IP a mhascadh

Nóta: Déantar institiúid, cathair agus tír thionscnaimh chun críocha staidrimh a chinneadh ón IP iomlán, agus ansin déantar iad a stóráil agus a chomhiomlánú sula gcuirtear masc i bhfeidhm. Baineann Europa Analytics úsáid as meicníocht chun IP  a chur ó aithint, trína ndéantar cuid de IP (Prótacal Idirlín) gach cuairteora a mhascadh go huathoibríoch, rud a fhágann go bhfuil sé dodhéanta cuairteoir ar leith ar Europa a aithint tríd an aon seoladh IP amháin.

Logaí cuairteora

Scriosann Europa Analytics logaí cuairteoirí go huathoibríoch tar éis 13 mhí. Stórálann an Coimisiún Eorpach sonraí comhiomlánaithe ar feadh tréimhse éiginnte chun críocha anailíse.

Fianáin ar na meáin shóisialta

Tá EURES gníomhach ar chúig ardán meán sóisialta. Lenár láithreacht ar Facebook, Instagram, LinkedIn, X, agus YouTube déantar ár láithreacht agus ár n-infheictheacht ar líne a neartú.

  • Ní shocraítear fianáin ar shuíomh gréasáin ELA nuair a thaispeántar naisc chuig ár gcainéil ar na meáin shóisialta agus atá tú ag brabhsáil ar ár suíomh gréasáin.
  • Is féidir leat féachaint ar fhíseáin EURES, a dhéanaimid a uaslódáil ar ár leathanach YouTube freisin. Is féidir leat naisc a leanúint freisin ónár suíomh gréasáin chuig Facebook, Instagram, X agus LinkedIn.
  • Trí chliceáil ar an gcnaipe LinkedIn ar ár suíomh gréasáin, atreorófar thú chuig an suíomh LinkedIn, a bhfuil a bheartais fianáin agus phríobháideachais féin aige nach bhfuil aon smacht againn orthu.
  • Má chliceálann tú ar an deilbhín X (Twitter roimhe seo) ar an suíomh gréasáin seo, atreorófar thú chuig an suíomh X/Twitter, a bhfuil a bheartais fianáin agus phríobháideachais féin aige nach bhfuil aon smacht againn orthu.
  • Is amhlaidh atá i gcás Facebook agus Instagram

Fianáin theicniúla d’fheidhmchláir ghréasáin

Baineann na fianáin seo a leanas leis na feidhmchláir ghréasáin atá mar chuid de shuíomh gréasáin EURES:

  • Aimsigh post agus na gnéithe uile a bhaineann leis (d’aíonna, do chuardaitheoirí poist cláraithe agus do bhaill foirne EURES)
  • Aimsigh Iarrthóirí agus na gnéithe uile a bhaineann leis (d’fhostóirí cláraithe agus do bhaill foirne EURES)
  • Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES
  • Naisc
  • Staidreamh
  • Mo EURES

 

Fianáin sainrogha an chuairteora:

Ainm

Seirbhís

Aidhm

Cineál agus fad an fhianáin

cck1

Pacáiste toilithe fianáin

Déantar do shainroghanna maidir le fianáin a stóráil

(mar sin ní iarrfar ort arís)

Fianán neamhbhuan céadpháirtí, 6 mhí

 

Fianáin oibríochtúla (fíordheimhniúcháin):

Ainm

Seirbhís

Aidhm

Cineál agus fad an fhianáin

CASTGC

EURES CAS

Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES

Fianán neamhbhuan céadpháirtí,
a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a scor

CASPRIVACY

EURES CAS

Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES

Fianán neamhbhuan céadpháirtí,
a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a scor

EURES_CAS_SESSIONID

EURES CAS

Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES

Fianán neamhbhuan céadpháirtí,
a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a scor

EURES_CAS_LOGGED_IN

EURES CAS

Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES

Fianán neamhbhuan céadpháirtí,
a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a scor

 

Fianáin oibríochtúla (teicniúla):

Ainm

Seirbhís

Aidhm

Cineál agus fad an fhianáin

XSRF-TOKEN

domhanda do gach feidhmchlár gréasáin EURES

Úsáidtear é chun ionsaithe tras-suímh a sheachaint

Fianán neamhbhuan céadpháirtí,
a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a scor

EURES_XXX_SESSIONID

Feidhmchlár EURES XXX

Faisnéis faoi sheisiún EURES

Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a scor

 

Fianáin anailísíochta :

Ainm

Seirbhís

Aidhm

Cineál agus fad an fhianáin

_pk_id#

Seirbhís anailísíochta gréasáin

Aithnítear cuairteoirí ar an suíomh gréasáin (ar bhealach anaithnid – ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta faoin úsáideoir).

Fianán seasmhach céadpháirtí, 13 mhí

_pk_ses#

Seirbhís anailísíochta gréasáin

Aithnítear na leathanaigh ar bhreathnaigh an t-úsáideoir céanna orthu le linn na cuairte céanna.

(ar bhealach anaithnid — ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta faoin úsáideoir).

Fianán seasmhach céadpháirtí, 30 nóiméad

Contact

Is féidir leat eolas a fháil faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin trínár data-protectionatela [dot] europa [dot] eu (nOifigeach Cosanta Sonraí).