Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

EURES i do thír féin

Líonra Eorpach um chomhar de sheirbhísí fostaíochta is ea EURES. Clúdaíonn sé gach tír AE chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.

An Oifig Eorpach um Chomhordú (ECO)

Is í an Oifig Eorpach um Chomhordú, arna bunú laistigh den Údarás Eorpach Saothair, a chomhordaíonn an líonra ar an leibhéal Eorpach. Bainistíonn ECO tairseach EURES agus an t-ardán gréasáin EOJD.

Oifigí Náisiúnta um Chomhordú (NCOnna)

Tá Oifig Náisiúnta um Chomhordú i gcomhair EURES ceaptha ag gach tír, agus tá an oifig sin freagrach as an ngréasán náisiúnta Ball agus Comhpháirtithe a chomhordú.

Baill agus Comhpháirtithe EURES

Is iad Baill agus Comhpháirtithe EURES a chuireann na seirbhísí ar fáil do churdaitheoirí poist agus d’fhostóirí.

Tá ról ar leith ag Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (PES), de bharr go gcuireann siad seirbhisí ar fáil agus go nglacann siad páirt sna seirbhísí sin mar Bhaill EURES díreach mar Bhaill eile. Chomh maith le Seirbhísí Poiblí Fostaíochta, is féidir le seirbhísí agus eagraíochtaí fostaíochta eile a sholáthraíonn seirbhísí do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí páirt a ghlacadh freisin mar Bhaill EURES nó mar Chomhpháirtithe EURES. Braitheann sé ar na cineálacha seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

Soláthraíonn Ball de chuid EURES raon iomlán seirbhísí EURES ach bíonn tairiscint seirbhíse níos teoranta ag Comhpháirtí de chuid EURES, ag brath ar mhéid na heagraíochta nó ar chineál na seirbhísí eile a sholáthraíonn sé de ghnáth.

EC Yellow 25_#fff4bb
Aimsigh ball nó comhpháirtí de chuid EURES

Faigh amach cé hiad agus conas teagmháil a dhéanamh leo trí thír a roghnú tríd an gcnaipe thíos.