Skip to main content
EURES

EURES Targeted Mobility Scheme

Cuardaitheoirí Poist

EURES Targeted Mobility Schemes for jobseekers banner

An bhfuil sé ag dul crua ort post nó deis oiliúna a fháil i do thír féin? An bhfuil tú ag smaoineamh ar obair a fháil i dtír eile, ach níl a fhios agat conas na bacainní a shárú?

Bain triail as "EURES Targeted Mobility Scheme"!

  1. Céard
    í an "EURES Targeted Mobility Scheme"?
    • Faoin scéim cuirtear tacaíocht thiomnaithe ar fáil ó sheirbhísí náisiúnta fostaíochta do dhaoine atá ag lorg oibre, oiliúna nó printíseachtaí i dtír eile san Aontas Eorpach, san Iorua nó san Íoslainn.
    • Ar bhonn cothrom, téann sé i ngleic leis na riachtanais atá ag cuardaitheoirí poist i dtaca le bacainní soghluaisteachta a bhaint.
    • Cabhraíonn sé le fostóirí i dtíortha a bhfuil oibrithe spreagtha cáilithe á lorg acu.
    • Mar chuid den tacaíocht atá ar fáil, tá maoiniú ann chun rudaí cosúil le cúrsaí teanga, costais taistil agus costais chothaithe a chlúdach, sin agus chun aitheantas a fháil ar do chuid cáilíochtaí.
  2. atá in ann iarratas a dhéanamh?
    • Cuardaitheoirí poist atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn.
    • Náisiúnaigh de thír den Aontas, den Iorua nó den Íoslainn – nó aon duine a bhfuil cónaí air go dlíthiúil sna tíortha sin.
    • Aon chuardaitheoir poist, beag beann ar cháilíochtaí.
  3. Conas
    is féidir leat tús a chur le do chuardach poist?
    • Cliceáil ar na naisc thíos chun teacht ar thionscadail reatha atá á reáchtáil ag príomhsheirbhís fostaíochta agus a comhpháirtithe
    • Iarr eolas orthu maidir leis an bpróiseas iarratais, an cuardach post, agus cuidiú i dtaca leis an meaitseáil agus an earcaíocht

Fostóirí

EURES Targeted Mobility Schemes banner for Employers

An bhfuil tú ag iarraidh daoine a bhfuil próifíl ar leith acu a earcú, ach tá sé ag dul crua ort iad a aimsiú i do thír féin? Ar mhaith leat foireann ilchultúrtha a thógáil a thabharfaidh buntáiste do do ghnólacht?

Bain triail as "EURES Targeted Mobility Scheme"!.

  1. Céard
    í an "EURES Targeted Mobility Scheme"?
    • Faoin scéim cuirtear tacaíocht thiomnaithe ó sheirbhísí fostaíochta áitiúla ar fáil do do ghnólacht chun cuardaitheoirí poist spreagtha agus cáilithe a earcú ó thíortha eile san Eoraip le haghaidh oibre, tréimhsí oiliúna nó printíseachtaí.
    • Más gnólacht beag nó meánmhéide thú, is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht airgeadais chun clúdach a dhéanamh ar chuid de na costais oiliúna agus lánpháirtíochta a bhaineann leis na baill foirne nua sin.
  2. atá in ann iarratas a dhéanamh?
    • Gach gnólacht nó eagraíocht atá lonnaithe i dtír den Aontas Eorpach, san Iorua nó san Íoslainn, beag beann ar an earnáil eacnamaíoch nó ar mhéid an ghnólachta
    • Aon ghnó a thairgeann conradh oibre scríofa dar fad ar a laghad:
      6 mhí i gcás post nó do phrintíseachtaí
      3 mhí i gcás tréimhsí oiliúna.
    • Aon ghnólacht/eagraíocht a thairgeann socrúchán atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
  3. háit as ar féidir le do ghnólacht duine a earcú?

    In aon tír den Aontas Eorpach, san Íoslainn nó san Iorua

  4. Conas
    is féidir tús a chur leis?
    • Cliceáil ar na naisc thíos chun teacht ar thionscadail reatha atá á reáchtáil ag príomhsheirbhís fostaíochta agus a comhpháirtithe
    • Iarr eolas orthu maidir leis na coinníollacha rannpháirtíochta

Príomhsheirbhís fostaíochta agus a comhpháirtithe

thionscadail reatha atá á reáchtáil ag príomhsheirbhís fostaíochta agus a comhpháirtithe