Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

Leideanna agus Moltaí

Tá an chuid seo dírithe ar lucht cuardaigh fostaíochta as na hearnálacha ollscoile agus polaiteicnice agus orthu sin a bhfuil cáilíochtaí níos airde acu tríd is tríd: mic léinn agus céimithe, múinteoirí agus taighdeoirí. Toisc go bhfuil éileamh ar earnálacha poist ar leith i dtíortha áirithe de chuid an AE, tá seans maith ag lucht cuardaigh fostaíochta ardoilte post a fháil thar lear.

Má tá sé ar intinn agat tús a chur le do shlí bheatha ghairmiúil, post nua a aimsiú, nó deis oiliúna a fháil i dtír eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus/nó san Eilvéis, féach ar na codanna anseo thíos agus na naisc ghaolmhara a bhaineann leo le do thoil.

Aistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil thar lear

Tréimhse éiginnteachta atá san aistriú ó scoil go hobair. An bhfuil ar tí do chuid staidéir a chur i gcrích (nó é curtha i gcrích agat cheana féin)? An mian leat bogadh chuig agus dul i mbun oibre i dtír eile de chuid an LEE? Má tá scileanna teanga iasachta agat, má tá tú solúbtha, díograiseach agus spreagtha chun tabhairt faoi phost nua i dtír nua agus timpeallacht cultúrtha nua araon, tá an phróifíl díreach ceart agat chun tabhairt faoi ghairm nua ar bhonn idirnáisiúnta!

6 CHÉIM CHUN TÚS A CHUR LE DO GHAIRM THAR LEAR

Is féidir leis an aistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil thar lear a bheith ina dhúshlán. Thairis sin, is minic go mbíonn dúshlán agus a lán ama i gcest leis an bpróiseas i leith iarratas a dhéanamh ar phost! Chun an t-aistriú seo a éascú, liostáiltear 6 chéim anseo thíos le 'leideanna & pointí' úsáideacha a thabharfaidh ábhar machnaimh duit sula mbogann tú chuig tír eile. Gliogáil ar gach ábhar agus téigh i gcomhairle leis an leathanach ábhartha le do thoil.

Leideanna & pointí ...

Má tá a thuilleadh faisnéise ag teastáil uait chun cabhrú leat an t-aistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil thar lear a bhaint amach, téigh i gcomhairle le suímh ghréasáin eile trí ghliogáil ar "Eolas agus poist do chéimithe" i "Naisc Ghaolmhara".

Mar fhocal scoir, ach fós tábhachtach: Tá níos mó ná 1000 comhairleoir EURES réidh chun cabhair agus cúnamh a thabhairt duit faoi ábhar ar bith a bhaineann leis an margadh saothair Eorpach. Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES i do thír chónaithe chun tús a chur leis. Gheobhaidh tú sonraí teagmhála na gcomhairleoirí EURES trí ghliogáil ar “Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES”.

Gairm bheatha do thaighdeoirí

Is féidir le taighdeoirí tairbhe a bhaint as deiseanna chun dul i mbun oibre nó staidéir i mBallstáit eile agus as Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht Thaighdeoirí. Tá suíomh gréasáin nua - EURAXESS – Taighdeoirí ag gluaiseacht  ar fáil anois le raon leathan seirbhísí. Is ionad ilfhreastail é do thaighdeoirí atá ag iarraidh a ngairm bheatha agus a bhforbairt phearsanta a chur chun cinn trí dhul chuig tíortha eile. Tá an tseirbhís phearsanta seo ar fáil saor in aisce chun faisnéis chuimsitheach, nua-aimseartha a sholáthar faoi fholúntais fostaíochta agus deiseanna cistíochta i ngach réimse staidéir ar fud na hEorpa. Feidhmíonn sé chomh maith mar an chéad phointe tagartha d'ábhair amhail do chearta féin, chomh maith le cearta na n-institiúidí taighde agus cistíochta, agus soláthraítear go leor nasc a chabhróidh leat sula dtéann tú, agus i ndiaidh d'imeachta, chomh maith. Caith súil ar "Ábhair ghaolmhara" um a thuilleadh faisnéise.

FÓGRA

Tabhair faoi deara go dtugann an mhír "Maireachtáil agus Obair" de thairseach EURES a thuilleadh sonraí do bhalltíortha EURES sa mhír a bhaineann leis na bileoga eolais "Leideanna & Pointí".

Gheobhaidh tú freagraí ar cheisteanna eile chomh maith faoin Aontas Eorpach agus faoi shaorghluaiseacht saoránach chun dul ag maireachtáil, staidéar a dhéanamh agus dul i mbun oibre i mBallstáit eile i dtairseach EUROPA.