Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

Fógra dlíthiúil EURES

Séanadh

Déanann an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) an suíomh gréasáin seo a chothabháil chun feabhas a chur ar rochtain an phobail ar fhaisnéis faoina chuid tionscnamh agus faoi bheartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne. Is é an sprioc atá againn an fhaisnéis sin a choinneáil tráthúil agus cruinn. Má chuirtear earráidí in iúl dúinn, déanfaimid iarracht iad a cheartú. Ní ghlacann an tÚdarás Eorpach Saothair aon fhreagracht ná dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an bhfaisnéis ar an suíomh seo.

Is faisnéis

  • de chineál ginearálta amháin í an fhaisnéis seo agus níl sé i gceist léi aghaidh a thabhairt ar imthosca sonracha aon duine ar leith ná aon eintiteas ar leith
  • nach gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta
  • a bhíonn nasctha uaireanta le suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag ELA orthu agus nach nglacann ELA freagracht ar bith astu
  • nach ionann comhairle ghairmiúil ná dlí (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí).

Tabhair do d’aire nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn de théacs a glacadh go hoifigiúil é doiciméad atá ar fáil ar líne. Is í Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh amháin (an t-eagrán clóite nó, ón 1 Iúil 2013, an leagan leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex) an t-aon téacs amháin atá barántúil agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige.

Tá sé mar sprioc againn an cur isteach a thagann as earráidí teicniúla a íoslaghdú. D’fhéadfadh sé, áfach, go ndearnadh roinnt sonraí nó faisnéise ar ár suíomh a chruthú nó a leagan amach i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí, agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna den sórt sin isteach ar ár seirbhís ná nach gcuirfí isteach uirthi ar shlí eile. Ní ghlacann ELA aon fhreagracht maidir le fadhbanna den sórt sin a tharlaíonn mar thoradh ar úsáid a bhaint as an suíomh seo ná as aon suíomh seachtrach a bhfuil naisc ann dó.

Níl sé i gceist leis an séanadh seo teorainn a chur ar dhliteanas ELA de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná a dhliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach bhféadtar a eisiamh faoin dlí sin.

Séanadh maidir leis an nasc seachtrach

D’fhéadfadh “naisc sheachtracha” a bheith ar an suíomh gréasáin chuig suíomhanna gréasáin nach bhfuil aon smacht ag ELA orthu agus nach nglacann ELA freagracht ar bith astu.

Nuair a roghnaíonn cuairteoirí ar shuíomhanna gréasáin ELA nasc a leanúint chuig aon suíomh gréasáin seachtrach, beidh siad faoi réir bheartais fianáin, phríobháideachais agus dhlíthiúla an tsuímh gréasáin sheachtraigh.

Níl comhlíonadh na gceanglas cosanta sonraí agus inrochtaineachta is infheidhme de shuíomhanna gréasáin seachtracha atá nasctha le suíomhanna gréasáin ELA faoi rialú ELA agus is ar an suíomh gréasáin seachtrach atá an fhreagracht fhollasach.

Séanadh formhuinithe

Is é an cuspóir atá le haon tagairt nasctha ó shuíomhanna gréasáin ELA d’aon acmhainn sheachtrach, do sheirbhís ar líne nó do shuíomh gréasáin ar leith, ná feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar shuíomhanna gréasáin ELA agus cabhrú le cuairteoirí ar na suíomhanna gréasáin sin.

Ní hionann tagairtí nasctha den sórt sin agus formhuiniú ag ELA ar an acmhainn sheachtrach shonrach, ar an tseirbhís ar líne ná ar shuíomh gréasáin, ná formhuiniú na faisnéise atá sa tagairt nasctha, ná formhuiniú na n-eagraíochtaí ar leo na suíomhanna gréasáin seachtracha.

Beartas príobháideachais

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideachas an úsáideora. Baineann an beartas príobháideachais le suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá laistigh den fhearann europa.eu.

Beartas príobháideachais

Fógra cóipchirt

Cóipcheart © maidir le hinneachar iomlán an tsuímh gréasáin seo mura sonraítear a mhalairt: An tÚdarás Eorpach Saothair – ELA.

Údaraítear athúsáid, ar choinníoll go n-admhaítear ELA mar fhoinse an ábhair.

Maidir le doiciméid aonair, d’fhéadfadh prionsabal ginearálta na hathúsáide a leagtar amach thuas a bheith faoi réir coinníollacha sonracha mar a léirítear sna fógraí cóipchirt aonair atá iontu. Moltar d’úsáideoirí tagairt a dhéanamh do na fógraí cóipchirt aonair seo.

Is maoin eisiach de chuid an Údaráis Eorpaigh Saothair — ELA — ELA iad lógónna ELA agus EURES agus tá cosc ar a úsáid gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ó ELA.