Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

Fógair post

Is as bunachair sonraí faoi stiúir na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí sna tíortha atá páirteach in EURES an chuid is mó de na poist ar thairseach EURES maidir le Gluaisteacht Poist. Le hInneall Cuardaithe EURES, déantar fiosrú faoi phoist ar an toirt leis na bunachair sonraí náisiúnta ar fad trí theicneolaíocht ar a dtugtar Seirbhísí Gréasáin a úsáid. Bíonn dhá chineál poist i gceist:

  • "poist EURES", de chomhartha leo nuair a bhíonn curtha in iúl ag an bhfostóir go mbeadh suim duine as tír eile a earcú don phost nó
  • aon phoist eile arna bhfógairt sna bunachair sonraí náisiúnta maidir le poist.

Más mian leat post a fhógairt i mbunachar sonraí náisiúnta agus a fhoilsiú dá réir sin ar thairseach EURES freisin, tá roinnt roghanna agat. Tá modhanna Féinseirbhíse ar an Idirlíon agus Ionaid Glaonna ar fáil i gcuid mhaith tíortha. Tugtar eolas faoin nós le leanacht agus an té ar cheart teagmháil a dhéanamh leis i ngach tír faoi seach sa tábla thíos. Tá sonraí teagmhála do na comhairleoirí ar fad de chuid EURES le fáil ach cliceáil ar an gcnaipe “Teagmháil le Comhairleoir de chuid EURES” sa cholún ar chlé.

Tugtar faoi deara gur minic gá le haitheantas úsáideora chun úsáid a bhaint as na córais Féinseirbhíse agus go n-éilítear i roinnt tíortha a bheith cláraithe mar fhostóir sa tír sin sular féidir poist a fhógairt ann.