Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta23 Eanáir 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 6 nóiméad

Conas dul i ngleic le suaitheadh cultúir agus le cumha i ndiaidh an bhaile: Comhairle maidir le hoiriúnú do thimpeallacht nua

Is féidir le haistriú go tír nua a bheith ina eispéireas spreagúil agus tairbheach, ach d’fhéadfadh roinnt dúshlán agus deacrachtaí a bheith ag baint leis freisin.

Nuair a bhogann tú thar lear, d’fhéadfá a bheith ag plé le nósanna, le teangacha, le luachanna agus le hionchais éagsúla a d’fhéadfadh mearbhall, scoiteacht nó frustrachas a chur ort. Tá gach seans ann go n‑aireoidh tú uait do theaghlach, do chairde agus an gnáth-thimpeallacht a bhfuil tú eolach uirthi ar fhág tú i do dhiaidh í. Is gnách agus coitianta na mothúcháin sin – is ionann iad agus dhá fheiniméan ar leith ar a dtugtar suaitheadh cultúir agus cumha i ndiaidh an bhaile.-

Is éard atá i gceist le suaitheadh cultúir an t‑imoibriú síceolaíoch agus mothúchánach a ghabhann le maireachtáil i gcultúr nua nó coimhthíoch. Is féidir leis teacht ar dhuine ar bith, beag beann ar a n‑aois, a gcúlra nó an méid taistil atá déanta acu. Is ar bhealaí éagsúla a bhíonn suaitheadh cultúir le sonrú, cuir i gcás:

  • mothú imníoch, greannach nó faoi ghruaim;
  • deacrachtaí codlata nó ite;
  • mothú leamh, uaigneach nó scoite amach;
  • deacrachtaí cumarsáide nó deacrachtaí ó thaobh cairde a dhéanamh;
  • mothú neamhdhaingean nó neamhleor;
  • comharthaí sóirt fisiciúla amhail tinneas cinn, cráphianta boilg nó tuirse.

Is ionann cumha i ndiaidh an bhaile agus dúil a bheith agat i ngnéithe coitianta agus compordacha do thíre dúchais. Is féidir le fachtóirí éagsúla a bheith ina gcúis leis, cuir i gcás na nithe seo a leanas a aireachtáil uait:

  • daoine muinteartha agus tacaíocht shóisialta;
  • an bia, na caithimh aimsire nó na gníomhaíochtaí is fearr leat;
  • braistint féiniúlachta agus muintearais;
  • gnáthamh agus struchtúr;
  • noirm agus luachanna cultúrtha.

Is freagairtí nádúrtha agus sealadacha ar mhórathrú saoil iad suaitheadh cultúir agus cumha i ndiaidh an bhaile araon. Ní chiallaíonn siad go bhfuil tú lag ná go ndearna tú cinneadh mícheart. Is cuid de dhul i dtaithí ar thimpeallacht nua iad agus ar fhoghlaim faoin éagsúlacht agus faoin saibhreas a ghabhann leis an timpeallacht sin. Mar sin féin, mura dtugtar aghaidh orthu, is féidir leo difear a dhéanamh do d’fholláine, do d’fheidhmíocht agus do do shástacht. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach teacht ar bhealaí sláintiúla agus éifeachtacha chun dul i ngleic leo agus chun an leas is fearr a bhaint as d’eispéireas thar lear.

Seo roinnt leideanna agus acmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leat déileáil le suaitheadh cultúir agus le cumha i ndiaidh an bhaile:

  • Bí ullamh sula n‑imíonn tú: Déan roinnt taighde ar chultúr na tíre nua. Foghlaim faoi stair, faoi thíreolaíocht, faoi chúrsaí polaitíochta, faoi gheilleagar, faoi reiligiún, faoi ealaín agus faoi bhia na tíre. Déan iarracht roinnt focal agus frásaí bunúsacha sa teanga áitiúil a fhoghlaim. Faigh amach faoi na gnéithe praiticiúla a bhaineann le maireachtáil ansin amhail an aeráid, an córas iompair, cúram sláinte sa tír sin, an córas oideachais agus an córas dlí. Cabhróidh an méid sin leat ionchais réalaíocha a bheith agat agus ábhair mhíthaitneamhacha iontais a sheachaint.
  • Coinnigh meon oscailte agus dearcadh dearfach: Bí fiosrach agus measúil ar na difríochtaí a chuireann tú faoi deara. Déan iarracht iad a fheiceáil mar dheiseanna chun foghlaim agus fás, seachas mar bhagairtí nó constaicí. Seachain breithiúnais nó comparáidí a dhéanamh bunaithe ar do chultúr féin. Ina ionad sin, déan iarracht tuiscint a fháil ar na cúiseanna agus ar an mbrí atá taobh thiar d’iompraíochtaí agus de luachanna na ndaoine a mbuaileann tú leo. Bí solúbtha agus inoiriúnaithe agus tú ag plé le cúrsaí an tsaoil ann. Cuimhnigh nach ann do bhealach ceart ná mícheart chun rudaí a dhéanamh. Níl ann ach bealaí éagsúla chun tabhairt fúthu.
  • Lorg tacaíocht shóisialta agus idirghníomhaíocht shóisialta: Ceann de na bealaí is fearr chun suaitheadh cultúir agus cumha i ndiaidh an bhaile a shárú is ea ceangal a dhéanamh le daoine eile ar féidir leo cairdeas, treoir agus compord a thairiscint duit. Déan iarracht cairde a dhéanamh le muintir na háite agus le heachtrannaigh eile fosta. Bí páirteach i gclubanna, i ngrúpaí nó in eagraíochtaí atá in oiriúint do do spéiseanna agus do do chaithimh aimsire. Glac páirt in imeachtaí, i ngníomhaíochtaí nó i bhféilte sóisialta lena ndéantar ceiliúradh ar chultúr do thíre óstaí. Déan teagmháil le do theaghlach agus le do chairde sa bhaile trí ghlaonna gutháin, trí chomhráite físe, tríd an ríomhphoist nó ar na meáin shóisialta. Mar sin féin, ná bí ag brath an iomarca ar na daoine sin toisc go bhféadfadh sé sin cosc a chur ort naisc nua a chruthú agus tú féin imeascadh i do thimpeallacht nua.
  • Tabhair aire duit féin: Is féidir le bogadh go tír nua a bheith strusmhar agus tuirsiúil. Tá sé riachtanach do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach a choinneáil mar sin. Bíodh dea-nósanna itheacháin agat, déan aclaíocht go rialta agus faigh do dhóthain codlata. Aimsigh bealaí chun do scíth a ligean agus do shuaimhneas a dhéanamh, mar shampla éist le ceol, léigh leabhar nó bí ag déanamh machnaimh. Faigh cabhair ghairmiúil má bhraitheann tú go mór faoi bhrú.

Ná déan dearmad ceiliúradh a dhéanamh ar do chuid éachtaí agus taitneamh a bhaint as bheith i do chónaí thar lear. Ní furasta an rud é bogadh go tír nua ach is eachtra iontach agus luachmhar atá ann ar an gcuma chéanna. Bí bródúil as an gcéim sin a ghlacadh agus as na dúshláin ar dócha a bheidh os do chomhair a shárú. Tabhair aitheantas do do dhul chun cinn agus do d’éachtaí, cibé acu an beag nó an mór iad. Tabhair luach do shaothair duit féin as do chuid iarrachtaí agus éachtaí. Bíodh spraoi agat agus bain sult as an áilleacht, an éagsúlacht agus na deiseanna a chuireann an tAontas ar fáil duit. Cuimhnigh nach bhfuil tú i d’aonar agus gur ball de phobal bríomhar, dinimiciúil daoine ag a bhfuil na haislingí agus na mianta ceannann céanna thú.

Cé gur féidir le cónaí thar lear dúshláin ar leith a chruthú, cuireann sé go leor deiseanna ar fáil freisin. Féach ár n‑alt Na 7 dtairbhe is mó a bhaineann le bheith ag maireachtáil agus ag obair thar lear.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

 

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Administrative and support service activities
  • Arts, entertainment and recreation
  • Education
  • Information and communication
  • Other service activities

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.