Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta13 Nollaig 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Na 7 dtairbhe is mó a bhaineann le bheith ag maireachtáil agus ag obair thar lear

Is iad tuarastal níos mó nó caighdeáin mhaireachtála níos fearr, agus iad sin amháin, na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair thar lear dar le cuid mhór daoine. Ach is mó i bhfad an tairbhe a bhaineann le taithí idirnáisiúnta a fháil ná mar a cheapann daoine.

Top 7 benefits of living and working abroad
Unsplash

Féinmheas níos mó

Bíonn dúshláin ar leith ag baint cur fút thar lear – idir lóistín a fháil, cúrsaí riaracháin éagsúla a oibriú amach, foghlaim cén chaoi billí a íoc, agus an córas iompair áitiúil a úsáid chun taisteal timpeall. Ach is fiú go mór an tairbhe an trioblóid mar mothóidh tú thar cionn nuair a bheidh na rudaí sin go léir oibrithe amach agat. Tuigfidh tú gur féidir leat déileáil le timpeallacht nua, agus tabharfaidh sé sin an mhuinín duit a bheidh ag teastáil uait chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile sa saol. Is rud an-tábhachtach ar fad é sin mura bhfuil go leor taithí agat ar a bheith i do chónaí leat féin.

Scileanna saoil nua

Is minic a bhíonn tú scartha amach ó do chóras tacaíochta nuair a bhogann tú thar lear. I rith an ama sin, is féidir leat fáil amach faoi bhearnaí éagsúla eolais agus scileanna nach raibh ar eolas agat go dtí sin. Mar shampla, b’fhéidir go bhfaighfeá amach nach bhfuil tú in ann an béile is fearr leat a réiteach ná cuntas a choinneáil ar do bhuiséad míosúil. Níl aon dul as againn ach scileanna nua a fhoghlaim nuair atá cónaí orainn thar lear, agus cabhraíonn sé sin linn a bheith níos neamhspleáiche.

Dearcadh nua ar an saol

Cibé acu is as baile beag nó cathair mhór ó dhúchas thú, gheobhaidh tú dearcadh nua luachmhar ar an saol nuair a bhogfaidh tú thar lear. Ach dul i dtaithí ar dhearcadh agus ar chur chuige cultúr eile i leith an tsaoil, cabhróidh sé leat do chruinneshamhail féin a fhairsingiú agus a shaibhriú agus do luachanna pearsanta féin a dheimhniú. Is deacra i bhfad é sin a dhéanamh mura raibh cónaí ort lasmuigh de do phobal féin riamh.

Scileanna cumarsáide níos fearr

Bíonn ort comhluadar nua sóisialta agus gairmiúil a chruthú nuair a bhogann tú thar lear. Ní éasca é sin a dhéanamh, go háirithe más duine cúthail thú nó mura bhfuil an teanga áitiúil ar do thoil agat. Mar sin féin, is é sin an chaoi is fearr chun do scileanna cumarsáide a fheabhsú – is scileanna iad atá an-tábhachtach i do shaol laethúil, agus cuireann fostóirí luach mór orthu freisin.

Scileanna níos fearr i dteangacha eile

Is cuma cé mhéad ceacht teanga a dhéanann tú agus cé chomh minic a bhíonn tú ag cleachtadh le haipeanna foghlamtha teanga ar an bhfón agat, is é maireachtáil i dtír ina labhraítear an teanga an chaoi is fearr chun do scileanna teanga a fheabhsú. Is iontach an deis í tú féin a ‘thumadh’ sa teanga chun do scileanna éisteachta agus labhartha a neartú.

Buntáistí a fháil ar chuardaitheoirí poist eile

Ní rachaidh sé as faisean riamh taithí oibre idirnáisiúnta a bheith ar do CV agat. Is léiriú é ar inoiriúnaitheacht, spreagadh agus dúthracht – trí scil a mbíonn meas mór ag fostóirí agus lucht earcaíochta orthu. Anuas air sin, beidh buntáiste breise agat mar thoradh ar an taithí idirnáisiúnta i gcomparáid le hiarrthóirí eile nár oibrigh thar lear riamh.

Cuir le do líonra gairmiúil

Is iontach an deis í obair thar leat chun cur le do líonra gairmiúil. Ní féidir a chumhachtaí atá líonra gairmiúil dea-fhorbartha a shéanadh. Ní dhéantar go leor folúntais phoist a fhógairt go poiblí; ina ionad sin, líontar iad mar thoradh ar scéal scéil agus ar líonrú gairmiúil. Mar sin, bí cinnte labhairt le do chomhghleacaithe nua agus caidreamh maith gairmiúil a bhunú leo. Ní bheadh a fhios agat cá as a dtiocfadh an chéad tairiscint fostaíochta eile.

An é mian do chroí gnó a thosú? Tá go leor againn den tuairim gur deas a bheith i do mháistir ort féin, ach ní éasca teacht ar an smaoineamh gnó ceart ná é a shaothrú. Caith súil ar ár leideanna maidir le smaoineamh gnó a fhorbairt a oibríonn duit féin.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

Sé leid maidir le smaoineamh gnó a fhorbairt a oibríonn duit féin

 

Tuilleadh eolais:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.