Skip to main content
EURES
Alt nuachta26 Bealtaine 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cúig chomhartha chinnte go bhfuil tú réidh le haghaidh ardú céime

An bhfuil fonn ort dul suas an dréimire corparáideach agus dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm bheatha? Agus aitheantas á thabhairt agat do na comharthaí a léiríonn go bhfuil tú réidh le haghaidh ardú céime, is féidir leat dóigh mhaith a chur ort féin chun rath a bheith ort agus chun deiseanna nua a thapú laistigh de do chuideachta.

Five sure signs that you are ready for a promotion

Tá tú tar éis éirí níos tapúla agus níos éifeachtaí i do chúraimí laethúla

Le himeacht ama, beidh tascanna ar dhoiligh duit iad roimhe seo níos éasca duit, agus beidh tú níos tapúla agus tú i mbun iad a chríochnú. Má bhraitheann tú nach bhfuil do chuid tascanna laethúla dúshlánach duit a thuilleadh, agus má tá siad á gcur i gcrích agat gan stró, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chomhartha go bhfuil tú réidh chun bogadh suas.

Tosaíonn do bhainisteoir ag cur tuilleadh cúraimí ort

Scaití, d’fhéadfadh do bhainisteoir nó d’fhostóir a thabhairt faoi deara go bhfuil do ról reatha sáraithe agat fiú sula dtugann tú féin faoi deara é. De réir mar a théann tú i bhfeabhas i do phost, seans maith go bhfaighidh tú tuilleadh freagrachtaí de réir a chéile chun meaitseáil le do scileanna. Má tá athrú tagtha ar an liosta de do chuid tascanna agus de na cúraimí atá ort ó mar a bhí sé sa chur síos bunaidh ar an bpost, d’fhéadfadh sé a bheith go maith comhrá a bheith agat le do bhainisteoir faoi na chéad chéimeanna eile le haghaidh do ghairme sa chuideachta.

Is tusa an té ar a gcuireann do chomhghleacaithe ceisteanna

Le himeacht ama agus de réir mar a ghnóthaíonn tú taithí, beidh tú i do shealbhóir luachmhar ar eolas na cuideachta. Tabharfaidh tú faoi deara, b’fhéidir, go mbeidh daoine ag teacht chugat níos mó agus níos mó le haghaidh ceisteanna agus le haghaidh rudaí eile a bhaineann leis an obair. Más foinse eolais agus chomhairle thú agus má bhíonn muinín ag do chomhghleacaithe ionat, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chomhartha go bhfuil tú réidh chun do ghairm bheatha a bhrú chun cinn.

Bíonn tuilleadh muiníne ag do bhainisteoir ionat ná mar a bhí roimhe

Nuair a chuireann tú tús le post nua, is gnách go ndéanann do bhainisteoir maoirseacht níos dlúithe ar do chuid oibre. Mar sin féin, de réir mar a éiríonn tú níos fearr agus níos éifeachtaí le do chuid cúraimí, d’fhéadfadh do mhaoirseoir a chinneadh go bhfuil níos lú maoirseachta de dhíth ort. Ciallaíonn sé sin go mbíonn muinín acu asat jab maith a dhéanamh agus nach mbíonn eagla orthu go ndéanfá botúin. Comhartha atá sa mhéid sin go mb’fhéidir go bhfuil tú tar éis do ról a shárú.

Tá tuilleadh aiseolais dearfaigh á fháil agat ón mbainistíocht

Tá an t-aiseolas dearfach a thugtar go díreach ar cheann de na bealaí is mó atá gan débhrí chun a fhios a bheith agat go bhfuil ag éirí go maith leat. Ar ndóigh, d’fhéadfadh roinnt bainisteoirí a bheith ní ba dhrogallaí a gcuid fostaithe a mholadh ná a chéile, fiú más rud é go bhfuil ag éirí go maith leo. Coinnigh súil ar aon aiseolas dearfach a fhaigheann tú ó do chomhghleacaithe, agus go háirithe ón mbainistíocht. Nuair a bheidh dóthain aiseolais carntha agat, b’fhéidir go mbeadh cás maith agat chun ardú céime a iarraidh.

D’fhéadfadh an chosúlacht a bheith ar an scéal go mbeadh comhfhreagras ríomhphoist ina thasc gan tábhacht, ach tá roinnt rialacha bunúsacha ann ar chóir do gach gairmí a bheith ar an eolas fúthu. Foghlaim tuilleadh.

 

Naisc ghaolmhara:

Ceithre cinn déag de rialacha riachtanacha do ghairmithe maidir le béasaíocht ríomhphoist

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
Leideanna agus MoltaíÓige
Cuid(eanna) gaolmhara
Leideanna agus Moltaí
Earnáil
Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.