Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta22 Márta 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Ceithre cinn déag de rialacha riachtanacha do ghairmithe maidir le béasaíocht ríomhphoist

D’fhéadfadh an chosúlacht a bheith ar an scéal go mbíonn comhfhreagras ríomhphoist ina thasc gan tábhacht, ach tá roinnt rialacha bunúsacha ann ar chóir do gach gairmí a bheith ar an eolas fúthu.

Fourteen essential email etiquette rules for professionals

Úsáid seoladh ríomhphoist gairmiúil

De ghnáth ní bheadh i seoladh ríomhphoist gairmiúil ach d’ainm. Ná húsáid leasainmneacha neamhghairmiúla, béarlagair, uimhreacha, nó teanga chleasa. Is minic gurb é do sheoladh ríomhphoist an chéad rud a thugann cliaint nua nó comhghleacaithe nua faoi deara fút, mar sin bí cinnte nach dtugann tú drochimprisean.

Scríobh líne ábhair shimplí agus shoiléir

Coinnigh do líne ábhair gearr agus ábhartha, agus bí cinnte go nochtann sé cuspóir do ríomhphoist. D’fhéadfadh líne ábhair dhoiléir nó mhíthreorach an faighteoir a dhíspreagadh ó do ríomhphost a oscailt nó cur ina gceann gur turscar é do theachtaireacht.

Bíodh a fhios agat nuair is iomchuí freagra a sheoladh do chách

Smaoinigh go cúramach sula mbrúnn tú ar an gcnaipe ‘Freagair do chách’. An gá do gach faighteoir do ríomhphost a fháil nó an bhfuil sé dírithe ar dhuine amháin? Ní maith le haon duine ríomhphoist nach mbaineann le hábhar a fháil, mar sin bí cinnte go bhfuil do theachtaireachtaí á seoladh chuig na daoine cuí.

Beannachtaí neamhfhoirmiúla nó beannachtaí gairmiúla

Má tá an faighteoir ina chomhghleacaí nua nó ina chliant nua, nó más duine é nach bhfuil an-aithne agat orthu, bí cinnte go dtosaíonn tú do ríomhphost le beannacht neodrach (e.g. “A..., a chara”). Ná húsáid “Haigh”, “Hiya” ná céadainm an duine. Ag brath ar an bhfaighteoir, tar éis roinnt malartuithe, is féidir leat úsáid a bhaint as beannachtaí níos neamhfhoirmiúla.

Cloígh le clónna simplí agus clasaiceacha

Cloígh le cló caighdeánach agus clómhéid do chliaint ríomhphoist. Trí úsáid a bhaint as clónna iolracha agus as dathanna cló iolracha, rud nach ndéanann gairmithe dáiríre de ghnáth, b’fhéidir go mbeadh do ríomhphost doléite.

Bris an téacs ina mhíreanna

Más mian leat roinnt topaicí a chlúdach i do ríomhphost, bris iad ina míreanna. Is féidir fo-cheannteidil bheaga a chur le gach ceann acu fiú. Ar an mbealach sin, beidh do ríomhphost i bhfad níos éasca a léamh agus a thuiscint.

Ná húsáid emoji

Ba chóir an emoji a sheachaint i ríomhphoist oibre, go háirithe más cliant é an faighteoir nó más duine é nó í nach bhfuil an-aithne agat orthu.

Ná húsáid comharthaí uaillbhreasa

Níor chóir comharthaí uaillbhreasa a úsáid go minic i ríomhphoist oibre. Is minic a chuireann siad mothúcháin láidre in iúl, nach bhfuil aon áit acu i gcomhfhreagras gairmiúil. Is féidir abairtí ina bhfuil comharthaí uaillbhreasa a mhíthuiscint freisin mar ionsaitheach, mar sin is fearr gan iad a úsáid.

Bí cúramach le greann

Ní drochrud é úsáid a bhaint as greann i ríomhphoist oibre, ach bíonn gach duine difriúil maidir lena n-acmhainn ghrinn. Tá sé seo fíor go háirithe nuair a bhíonn tú i mbun cumarsáide le comhghleacaithe nó le cliaint ó chultúr difriúil. D'fhéadfadh an rud atá greannmhar duit a bheith maslach don duine eile. Ná húsáid greann ach amháin má tá an-aithne agat ar an bhfaighteoir.

Úsáid síniú gairmiúil

Bíonn síniú ríomhphoist maith ina dheireadh deas le gach ríomhphost. Bíodh síniú simplí agat, ná húsáid an iomarca lógónna, agus bí cinnte go bhfuil do chuid sonraí, amhail ról poist, roinn, agus uimhir fóin agus seoladh na cuideachta san áireamh.

Profáil roimh sheoladh

Is botún coitianta é go léann daoine a gcuid ríomhphost go cúramach, ach tar éis iad a sheoladh. Léigh do ríomhphost uair amháin ar a laghad sula seoltar é chun seiceáil a dhéanamh ar bhotúin litrithe agus gramadaí. Is féidir le hearráidí cló, uimhreacha míchearta agus earráidí teanga eile drochimprisean a thabhairt nó a bheith daor ó thaobh airgid de ar an gcuideachta fiú.

Seiceáil seoladh an fhaighteora go cúramach

Rud eile ba chóir duit a dhéanamh i gcónaí sula mbrúnn tú ar an gcnaipe “Seol” ná seoladh ríomhphoist an fhaighteora a sheiceáil. Bí cinnte nach seolann tú do ríomhphost chuig an duine mícheart.

Déan iarracht freagra a thabhairt laistigh de lá gnó amháin

Uaireanta bíonn an obair iomarcach, ach déan iarracht freagra a thabhairt ar ríomhphoist laistigh de lá gnó amháin. Mura féidir leat freagra iomlán a thabhairt, seol teachtaireacht coinneála, ina mínítear cén uair a mbeidh comhfhreagras ag an bhfaighteoir uait.

Socraigh teachtaireacht ‘As an Oifig’ nuair a bhíonn tú ar shiúl ón obair

Má tá tú le bheith as láthair go ceann roinnt laethanta, socraigh teachtaireacht ‘As an Oifig’. Ar an mbealach sin, má chuireann duine ríomhphost chugat agus tú ar shiúl, gheobhaidh siad freagra uathoibríoch ag cur in iúl dóibh nach bhfuil tú ag obair. Is féidir do theachtaireacht ‘As an Oifig’ a shaincheapadh chun do dháta fillte nó fiú sonraí teagmhálaí cúltaca a chur leis.

An t-am ardú pá a iarraidh ar d’fhostóir? Bain úsáid as na leideanna seo chun do chás a chur faoi bhráid d’fhostóra.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas ardú pá a iarraidh ar d’fhostóir

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.