Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta7 Bealtaine 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Obair thar lear le linn paindéime: Scéal chef Beilgeach san Fhionlainn

D’ainneoin a sheacht ndícheall a dhéanamh, níor éirigh le Ahmed, 35 bliain d’aois, post a fháil mar chef sa Bhruiséil, a chathair féin, le linn na paindéime. Mar sin, nuair a tairgeadh deis dó taithí ghairmiúil a ghnóthú i dtír eile, ní raibh drogall ar bith air an deis sin a thapú. A bhuí le EURES na Bruiséile, fuair Ahmed post roimh i bhfad sa Laplainn – áit ghalánta atá ar an réigiún is faide ó thuaidh san Fhionlainn.

Working abroad during a pandemic: The story of a Belgian chef in Finland
Shutterstock

Bí diongbháilte

Cé go raibh ganntanas chefanna ann sa Bhruiséil, bhí sé dian ar Ahmed post a fháil. “Déarfainn gur sheol mé thart ar 100 iarratas. Ní bhfuair mé ach dhá nó trí fhreagra, agus bhí gach ceann díobh diúltach. Is deacair coinneáil inspreagtha nuair nach bhfaigheann tú aon fhreagraí, ach ní raibh mé ag iarraidh gan faic a dhéanamh,” arsa Ahmed.

Ba ag an am sin a chinn an chef óg dul sa tóir ar phost i dtír eile, agus chuaigh sé i dteagmháil le Comhairleoirí EURES ag Actiris International − rannóg soghluaisteachta idirnáisiúnta na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí do Réigiún na Bruiséile.

“Nuair a fuair mé tairiscint ó Actiris International chun post séasúrach a dhéanamh in ionad saoire san Fhionlainn, rinne mé iarratas láithreach. Díreach tar éis dom agallamh a dhéanamh le foireann EURES, seoladh m’iarratas chuig an bhfostóir.”

Bogadh laistigh de sheachtain amháin

Tar éis an chéad agallaimh, d’athraigh rudaí go han-tapa do Ahmed. “Bhí agallamh teileafóin agam leis an bhfostóir an chéad lá eile agus d’éirigh go geal liom ann. Bhain mé an Laplainn amach an chéad seachtain eile. Seoladh an próiseas iarratais ar fad trí Bhéarla. Nílim dátheangach, ach is cosúil go raibh mo chuid Béarla maith go leor,” a deir an chef Beilgeach.

Fostaíodh Ahmed mar chef ionaid. “Cé gur rothlaigh mé idir roinnt ról difriúil, bhí mé freagrach go príomha as milseoga agus cístí a dhéanamh. Bia de chineál idirnáisiúnta a bhí ann, ach d’fhoghlaim mé conas béilí traidisiúnta Fionlannacha a dhéanamh freisin.”

An phaindéim

Cé go raibh conradh Ahmed le maireachtáil idir mí na Nollag 2019 agus Aibreán 2020, ba ghá don ionad saoire dúnadh nuair a bhuail an phaindéim an Fhionlainn i mí an Mhárta. In ionad filleadh ar an mBruiséil, chinn Ahmed leanúint ar aghaidh lena aistear, agus é spreagtha ag an eispéireas a bhí aige sa Laplainn.

“D'aistrigh mé go Heilsincí agus, tar éis cúpla seachtain, fuair mé post i mbialann súisí. D’fhoghlaim mé conas iasc a ghearradh agus súisí a dhéanamh. Bhí sé an-spéisiúil! Dúnadh gach bialann, áfach, nuair a bhuail COVID-19 an Fhionlainn den dara huair. An babhta sin, ní raibh an dara rogha agam ach filleadh ar an mBeilg,” a deir Ahmed.

D’ainneoin na ndúshlán a tháinig roimhe le linn na paindéime, níl aiféala ar Ahmed an cinneadh dul chun na Fionlainne. “Bhí mé an-sásta san Fhionlainn agus táim ag smaoineamh faoi dhul ar ais a luaithe a bheidh an seans agam. Taitníonn aigne na Lochlannach go mór liom – tá siad an-fháilteach agus an-oscailte. Mholfainn d’aon duine atá ag smaoineamh ar obair i dtír eile dul sa seans. Is eispéireas an-dearfach é.”

An bhfuil fonn ort dul ag eachtraíocht i dtír eile? Beag beann ar an bpaindéim, tá Comhairleoirí EURES réidh le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist ionas gur féidir leo deiseanna a aimsiú ar fud na hEorpa. Téigh i dteagmháil le deasc chabhrach EURES chun tús a chur leis an bpróiseas inniu.
 

 

Naisc ghaolmhara:

Actiris International

Téigh i dteagmháil le deasc chabhrach EURES

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Cleachtas is fearr EURES
  • Scéalta ratha
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.