Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta13 Samhain 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cad é an scéala is déanaí maidir le teilea-obair thrasteorann agus slándáil shóisialta?

Cé go bhfuil maolú déanta ar shrianta COVID-19, tá an teilea-obair fós i réim, go háirithe san fhostaíocht trasteorann. San alt seo, gheofar treoir faoi na príomhrialacha maidir leis an teilea-obair.

What’s the latest on cross-border telework and social security?

Stát an árachais

Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta, is ar bhonn na háite a ndéantar an obair a chinntear go príomha an stát ina bhfuil oibrí faoi árachas. I gcomhthéacs na fostaíochta trasteorann, d’fhéadfadh athrú a theacht ar stát an árachais de bharr na teilea-oibre. D’fhéadfadh an t-athrú sin a theacht i gceist go háirithe más rud é go gcuimsíonn an teilea-obair níos mó ná 25 % d’uaireanta oibre fostaí, ós rud é gurb amhlaidh anois gur ar bhonn cianda, ó stát cónaithe an fhostaí, a dhéantar obair a dhéanfaí de ghnáth in áitreabh an fhostóra.

Bearta sealadacha le linn na paindéime

Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán thuas, d’achtaigh an Coimisiún Riaracháin bearta sealadacha le linn phaindéim COVID‑19. Leis na bearta sin, soiléiríodh nár cheart go bhfágfadh teilea-obair a rinneadh i mBallstát eile seachas stát an fhostóra, de bharr COVID-19, go spreagfaí athrú ar stát an árachais. Scoir na bearta eisceachtúla sin a bhain leis an bpaindéim d’fheidhm a bheith acu ar an 30 Meitheamh 2023, áfach.

An creat nua a thabhairt isteach

Agus é á aithint aige go bhfuil tábhacht na teilea-oibre ag dul i méid, thug an Coimisiún Riaracháin creat nua isteach chun solúbthacht a chinntiú. Amhail ón 1 Iúil 2023, tá feidhm ag an Nóta Treorach maidir leis an Teilea-obair agus an Creat Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann (TWA).

Príomhphointí an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Teilea-obair Thrasteorann

  • Tá feidhm ag an gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann i leith cásanna ina bhfuil an Creat-Chomhaontú sin sínithe ag an stát ina bhfuil an fostóir suite  agus ag stát cónaithe an fhostaí araon, agus ina bhfuil obair chianda agus obair ar an láthair araon i gceist leis an obair.
  • Níl feidhm aige maidir le daoine féinfhostaithe.
  • Tá liosta na stát a shínigh an Creat-Chomhaontú ar an suíomh gréasáin oifigiúil.

Measúnú a dhéanamh ar theilea-obair thrasteorann faoin gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann

Tá ról ríthábhachtach ag méid na cianoibre i dtaobh a chinneadh cén fheidhm atá ag an gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann:

  • Cuimsíonn an teilea-obair i stát cónaithe an oibrí níos lú ná 25 % den am oibre. Sa chás seo, tá an t-oibrí fós faoi árachas i stát a fhostóra nó a fostóra de réir rialacha caighdeánacha. Ba cheart fógra a thabhairt dá stát cónaithe.
  • Cuimsíonn an teilea-obair i stát cónaithe an oibrí idir 25 % agus 49 % den am oibre, agus tá an Creat Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann sínithe ag an dá stát. Sa chás seo, arna iarraidh sin ar stát an fhostóra faoin gCreat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann, féadfaidh an t-oibrí a bheith faoi árachas i stát an fhostóra (le toiliú ón oibrí agus ón bhfostóir araon) ar feadh tréimhse uasta trí bliana, tréimhse ar féidir í a athnuachan.
  • Cuimsíonn an teilea-obair i stát cónaithe an oibrí 25 % nó níos mó den am oibre, agus níl an Creat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann sínithe ag ceann den dá stát nó ag ceachtar acu, nó cuimsíonn an teilea-obair 50% nó níos mó den am oibre. Sna cásanna sin, ba cheart fógra a thabhairt do stát cónaithe an oibrí. Go ginearálta, beidh an t-oibrí faoi árachas ina stát cónaithe. Féadfar, áfach, iarrataí ar dhíolúine faoi Airteagal 16 de Rialachán 883/2004 a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go bhféadfaidís a bheith faoi árachas i stát an fhostóra. Ní mór don dá stát lena mbaineann an méid sin a fhormheas.

Cásanna casta

I gcásanna casta a bhaineann le gníomhaíochtaí i níos mó ná dhá Bhallstát, le hobair d’fhostóirí éagsúla i stáit éagsúla, nó le bheith ag obair an tráth céanna mar fhostaí agus mar dhuine féinfhostaithe, ní mór fógra a thabhairt don stát cónaithe.

Ní mór measúnuithe dlíthiúla a dhéanamh chun stát an árachais a chinneadh. I ngach cás, féadfar iarraidh a dhéanamh ar dhíolúine ó rialacha caighdeánacha faoi Airteagal 16 de Rialachán 883/2004, agus breithneoidh na stáit lena mbaineann an iarraidh sin.

Ar an iomlán, tugann an Creat Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann solúbthacht agus soiléireacht d’fhostaithe agus d’fhostóirí atá ag gabháil d’fhostaíocht trasteorann. Is féidir é a léamh anseo.

 

Naisc ghaolmhara:

Rialacháin maidir le Comhordú Slándála Sóisialta

Nóta Treorach maidir leis an Teilea-obair

An Creat-Chomhaontú maidir le Teilea-obair Thrasteorann (TWA)

Liosta de na stáit a shínigh an Creat Chomhaontú maidir le Teile-obair Thrasteorann

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.