Tá sé níos fusa anois ná riamh fostóirí a nascadh le cuardaitheoirí poist. I gceann cúpla nóiméad, is féidir leat na poist a fheiceann tú ar líne agus a bhfuil spéis agat iontu a mheas agus do CV a chur chuig fostóirí féideartha le cliceáil ar chnaipe. Sa phróiseas sin atá go hiomlán uathoibrithe, a bheag nó a mhór, is annamh a dhéanann iarratasóirí a machnamh ar litir chumhdaigh ‘den seandéanamh’ a chur leis – rud a bhí ina ghnáthghné de CV tráth dá raibh. Mar sin féin, más mian leat do sheans post a fháil le fostóir féideartha, b’fhearr duit gan an chumhacht atá le litir chumhdaigh dhea-dhéanta a mheas faoina bun dá mba rud é go mbeifeá ag iarraidh seasmh amach ón slua.
Seo roinnt leideanna maidir le conas litir chumhdaigh a chruthú a tharraingeoidh aird ort:
Déan do chuid taighde
Is mian le fostóirí a fheiceáil go bhfuil tú in oiriúint ní hamháin don ról ach dá gcuideachta chomh maith. Sula ndéanann tú iarratas ar phost, cuir eolas ar na scileanna atá á lorg acu agus ar fhealsúnacht agus ar luachanna na cuideachta fosta. Bí cinnte go léirítear an méid sin i do litir chumhdaigh trí léiriú a thabhairt ar an gcaoi a dtagann na buanna ar leith atá agat agus do phearsantacht le héiteas na cuideachta.
Bíodh a fhios agat an fáth a bhfuil tú ag cur isteach ar an bpost gus cuir in iúl go soiléir é
Ar ndóigh, ba mhaith leat an post a fháil ar go leor cúiseanna – cuid acu a d’fhéadfadh a bheith follasach duit féin. Is mian le gach fostóir féideartha a fháil amach cén fáth a bhfuil iarratasóirí ag cur isteach ar phost ar leith ina gcuideachta. Bí soiléir faoin méid a thugann ort cur isteach ar phost ag an gcuideachta ábhartha agus faoin dóigh a gcuirfidh do scileanna uathúla lena rath.
Ná déan aithris ar do CV
Is i do litir chumhdaigh a léiríonn tú do dhíograis faoin ról ar a bhfuil tú ag cur isteach agus ina léiríonn tú d’oiriúnacht dó. Ní hionann an dá rud – bíonn níos mó i gceist le CV toisc go léirítear go díreach ann an chaoi a mbaineann do phróifíl leis an gcur síos ar an bpost agus leis na cáilíochtaí a iarrtar.
Cuir do chuid éachtaí in iúl go soiléir
Seo í do dheis chun do chuid éachtaí a chur in iúl, mar sin ná bíodh leisce ort maíomh astu! Déan do chuid éachtaí a chainníochtú, i gcás inar féidir, agus tabhair samplaí sonracha ar an gcaoi ar chuir do scileanna leis an rath a bhí ort sna poist a bhí agat roimhe seo a bhuí leo.
Ní oireann an toise céanna do gach duine
Ní maith le duine ar bith píosa scríbhneoireachta ‘bréige’ a léamh, agus is fíor an méid sin go háirithe i gcás earcaitheoirí agus fostóirí. Agus iarratas á dhéanamh agat ar phost, ní mór duit inneachar do CV a chur in oiriúint don phost sonrach a bhfuil tú sa tóir air. Ar an gcaoi chéanna, ná cuir ‘don té lena mbaineann’ ar bharr do litreach – b’fhearrde thú a fháil amach cé atá i mbun na hearcaíochta agus í a sheoladh chucu go pearsanta.
Bíodh do litir ar do shainstíl féin
Ba cheart duit ton foirmiúil a úsáid agus an litir chumhdaigh á dréachtú agat – tar éis an tsaoil, is doiciméad é a bhfuil cuspóir gairmiúil leis. Mar sin féin, ba mhaith leat do phearsantacht a chur in iúl inti agus aird an léitheora a tharraingt san am céanna. Smaoinigh ar réamhrá neamhghnách a chur inti, cuir i gcás aitheasc pearsanta nó ceist spéisiúil a chur san áireamh a mhúsclóidh spéis do léitheora agus a chuirfidh fonn orthu tuilleadh a fháil amach fút.
Bíonn blas ar an mbeagán
Is leor trí alt le haghaidh litir chumhdaigh agus is leor an méid sin fosta le do chuid pointí a chur in iúl. Is ríthábhachtach é formáid shoiléir ghonta a úsáid. Smaoinigh ar na hailt den litir a leagan amach mar seo a leanas:
- Cuir in iúl go soiléir an díograis atá don phost agus an spéis atá agat sa chuideachta.
- Taispeáin na scileanna is fearr atá agat agus na héachtaí atá bainte amach agat agus mínigh an chaoi a mbaineann siad leis an bpost.
- Luaigh conas a thabharfaidh tú luach don chuideachta agus déan iarracht an léitheoir a spreagadh chun beart a dhéanamh.
Tá tú ullamh anois le do CV a chur isteach i dteannta le litir chumhdaigh shnasta. Bí cinnte go ndéanann tú féin nó duine éigin eile profléitheoireacht uirthi sula seolann tú ar aghaidh í – seans maith go dtabharfaidh siadsan rud faoi deara ar chaill tusa é! Go n‑éirí an bóthar leat!
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas is féidir leat d’infhostaitheacht a fheabhsú? Féach ar ár leideanna maidir le Conas tú féin a dhéanamh níos infhostaithe.
Naisc ghaolmhara:
Conas CV a scríobh atá dírithe ar an méid ata bainte amach agat
Cúig leid maidir le do CV a chuíchóiriú
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Aibreán 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles