Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta1 Meitheamh 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Na 7 bpríomhleid chun imní a laghdú faoi fhilleadh ar an oifig

Agus an vacsaín in aghaidh COVID-19 á fáil ag líon méadaitheach daoine, tá cuideachtaí ar fud na hEorpa ag ullmhú dá n-oifigí a oscailt arís. Mar sin féin, tá imní ar a lán fostaithe faoi fhilleadh ar an oifig. D’ullmhaíomar anseo in EURES roinnt leideanna chun cabhrú leis sin.

Top 7 tips to reduce your back-to-office anxiety
Unsplash

Is gnáth go mbíonn imní ar dhaoine maidir le filleadh ar an oifig. Is cuma cé acu atá imní ort faoi do shláinte féin nó faoi shláinte duine éigin i do theaghlach nó is cuma cé acu atá tú buartha faoin turas fada chun na hoibre nó atá tú cleachta anois leis an obair ón mbaile, ba cheart imní faoi dhul ar ais san oifig a ghlacadh go dáiríre. Tá do mheabhairshláinte chomh tábhachtach le do shláinte fhisiciúil. Mar sin, d’ullmhaíomar roinnt leideanna chun cabhrú leat filleadh ar an obair má tá faitíos ort faoi sin.

Ná brúigh do mhothúcháin faoi chois

Uaireanta nuair a bhíonn imní orainn faoin obair, bíonn náire orainn toisc go gceapaimid gur sinne amháin a mhothaíonn mar sin. Tá sé tábhachtach déileáil leis an imní atá ort agus cúis na himní a thuiscint, seachas í a bhrú faoi chois. Ní chiallaíonn sé sin gur cheart duit díriú ar na mothúcháin dhiúltacha atá agat.

Ullmhaigh do na dálaí oibre nua

Cé gur féidir go bhfuil an saol ag dul ar ais mar a bhí, ní chiallaíonn sé sin go mbeidh do thimpeallacht oibre díreach mar a bhí roimh an bpaindéim. Is féidir go mbeidh athruithe i bhfeidhm chun fostaithe a choinneáil sábháilte, amhail rialacha scartha shóisialta agus maisc aghaidhe éigeantacha. D’fhéadfadh go dtógfadh sé cúpla lá nó cúpla seachtain ort éirí cleachta leis an timpeallacht nua sin agus d’fhéadfadh go mbeifeá níos tuirsí ná mar is gnách ag deireadh an lae oibre dá bharr sin.

Coinnigh dea-chothromaíocht oibre is saoil ar bun

Cé go bhfuil míbhuntáistí ag baint leis an obair ón mbaile, thuairiscigh cuid mhór daoine gur chuir sí feabhas mór ar a gcothromaíocht oibre is saoil agus ar a bhfolláine. Cloígh le do ghnáthamh laethúil tar éis duit filleadh ar an oifig. Mar shampla, má théann tú amach ag siúl ag am lóin de ghnáth, coinnigh ag dul amach beag beann ar d’áit oibre ‘nua’, agus déan iarracht obair a chríochnú in am nuair is féidir.

Sainaithin do chomharthaí struis

Léiríonn daoine comharthaí fisiciúla nuair a bhíonn strus orthu, amhail giall atá fáiscthe, guaillí agus droim atá teannta, agus análú cliabhraigh. Má bhíonn strus ort san oifig, tóg nóiméad chun na comharthaí sin a shainaithint, tarraing cúpla anáil dhomhain, agus scaoil agus sín an ball sin de do chorp.

Cothaigh dearfacht

Déan iarracht a bheith i d’fhoinse dearfachta do do chomhghleacaithe. B’fhéidir go mbeadh sé sin deacair ar dtús, ach feicfidh tú roimh i bhfad go bhfuil sé sin chomh tairbheach do do chomhghleacaithe agus atá sé duit féin. Cabhróidh an cur chuige sin leat díriú ar na gnéithe dearfacha den fhilleadh ar an oifig agus gan an iomad machnaimh a dhéanamh ar chásanna diúltacha.

Féach an bhfuil aon socruithe solúbtha oibre ar fáil duit

Faigh amach cén beartas atá i bhfeidhm ag do chuideachta i leith socruithe solúbtha oibre. Is féidir go mbeidh tú in ann cur chuige measctha a chomhaontú le d’fhostóir, áit nach n-oibreoidh tú san oifig ach cúpla lá sa tseachtain. D’fhéadfá plé a dhéanamh ar d’uaireanta oibre a athrú freisin chun trácht na maidine/an tráthnóna a sheachaint.

Ná bíodh aon eagla ort cabhair a iarraidh

Más rud é go bhfaigheann imní an chuid is fearr ort agus go dteastaíonn cabhair uait, fiafraigh den roinn Acmhainní Daonna an bhfuil aon chláir mheabhairshláinte/fholláine ar fáil duit. Ná bíodh aon drogall ort labhairt le do dhochtúir nó le gairmí sláinte eile chun tacaíocht a fháil.

De bharr phaindéim COVID-19, tá ár saol ag athrú ar go leor dóigheanna, go háirithe i dtaca leis an obair. Tá an ghéarchéim sláinte ag déanamh difear do sceidil, uirlisí, timpeallachtaí agus tosaíochtaí i saol na hoibre. Caith súil ar an alt seo le fáil amach cad iad na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an obair sa bhliain 2021.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas a d’fhéadfaí difear a dhéanamh don saol oibre sa bhliain 2021 de bharr na paindéime

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

 

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Óige
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.