Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta5 Aibreán 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

An chothromaíocht cheart a bhaint amach idir am oibre agus am pearsanta

Caithfidh an gnáthdhuine thart ar aon trian dá saol i mbun oibre. Agus na línte idir an obair agus an súgradh ag éirí níos doiléire, tá sé tábhachtach bealaí a oibriú amach chun na 90 000 nó mar sin uair an chloig a choinneáil ó chur isteach ar an gcuid eile dár saol.

Striking the right balance between work and personal time
Photo credit: Adobe

Mar thoradh ar an bpaindéim dhomhanda, rinneadh athruithe suntasacha ar an gcaoi a n-oibrímid. Cuireadh cianobair ar bun, a ceapadh ar dtús mar riachtanas i laethanta tosaigh na paindéime, sa tsamhail oibre hibrideach, agus aithníonn fostóirí agus oibrithe araon na buntáistí iomadúla a bhaineann léi. Mar sin féin, mar gheall ar an gcianobair, tá sé níos deacra teorainneacha soiléire a shocrú idir an obair agus an chuid eile dár saol.

Go deimhin, tá an oiread sin cainte ann le déanaí faoi ‘cothromaíocht oibre is saoil’, ach cad go díreach atá i gceist leis sin agus cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin?

Is éard atá i gceist le cothromaíocht oibre is saoil ná an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir do shaol gairmiúil agus do shaol pearsanta. Ní hionann é seo i gcás gach duine, ach is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin: tá an chothromaíocht seo tábhachtach, ní hamháin maidir le d’fholláine fhisiciúil agus mheabhrach, a ligeann duit an t-am a ghlacadh agus an spás a bheith agat leasanna eile a leanúint agus do chaidrimh phearsanta a chothú, ach freisin maidir le do tháirgiúlacht, rud a fhágann go mbíonn torthaí níos fearr agat, chomh maith le sásamh méadaithe poist.

Mar sin, conas a bhainfidh tú sin amach? In ainneoin an bhrú leanúnaigh a bhíonn ar dhaoine feidhmiú i gcónaí ag an leibhéal is airde, tá bealaí ann chun an chothromaíocht idir am oibre agus am pearsanta a chothú. Is iad seo a leanas roinnt bealaí chun é sin a dhéanamh.

Ord tosaíochta a leagan síos

Scríobh síos do chuid tascanna in ord tábhachta agus bí réalaíoch faoin méid is féidir leat a bhaint amach in aon lá ar leith. Is dócha nach mbainfeá bun an liosta sin amach; agus é sin mar sprioc agat, beidh strus méadaithe ort agus tuiscint fhoriomlán míshástachta faoi d’fheidhmíocht, rud a chruthaíonn mothúcháin dhiúltacha faoi do chuid oibre.

Teorainneacha soiléire a shocrú idir am oibre agus am pearsanta

Tá sé seo níos deacra a dhéanamh nuair a bhíonn tú ag obair ón mbaile; déan iarracht spás ar leith a choinneáil ina ndéanann tú do chuid oibre, áit ar féidir leat bogadh go fisiciúil uaithi ag deireadh an lae oibre. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, déan an t-aistriú ar bhealach lena dtuigeann d’inchinn go bhfuil sé in am éirí as an obair. Mar shampla, trí do ríomhaire a mhúchadh, ní dhéanfar tú a mhealladh a thuilleadh chuig r-phost a bhaineann leis an obair.

Tóg an lá saoire sin

Chun feidhmiú ar an mbealach is fearr, ní mór duit ‘an sábh a ghéarú’ go rialta. Trí am saor ón obair a ghlacadh, beidh tú in ann dícheangal agus do scíth a ligean, rud a chuirfidh ar do chumas filleadh ar an obair le dearcadh athnuaite agus a bheith in ann dul i ngleic le d’ualach oibre ar bhealach níos éifeachtaí.

Bíodh do theorainneacha ar eolas agat

Bí soiléir leat féin agus leo siúd atá os do chionn faoin méid oibre is féidir leat a dhéanamh. Má deir tú ‘is féidir’ an t-am ar fad, b'fhéidir go mbeifeá ag tarraingt ar thnáitheadh. Tarmlig cúraimí nuair is féidir, agus ná bíodh drogall ort labhairt amach nuair a bhíonn daoine neamhréadúil maidir lena n-ionchais.

Labhair faoi

Má mheasann tú go bhfuil tú ag streachailt le cothromaíocht a bhaint amach idir do shaol oibre agus do shaol pearsanta, labhair le duine san eagraíocht a bhfuil muinín agat astu. D'fhéadfadh do bhainisteoir, d’ionadaí Acmhainní Daonna, nó comhoibrí a bhfuil meas agat ar a gcomhairle a bheith i gceist; is féidir leo cabhrú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear d’ualach oibre a athdháileadh agus cabhrú leat do dhearcadh a athshocrú.

Cuir sa sceideal é, nó ní tharlóidh sé

Bí chomh dáiríre faoin am saor is atá tú faoin am oibre. Cuir i d’fhéilire, ní hamháin do spriocdhátaí agus do choinní oibre, ach an chuid eile de do shaol freisin: caithimh aimsire, gníomhaíochtaí pearsanta, agus pleananna sóisialta. Agus níos tábhachtaí fós, cloígh leo.

 

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil maidir le conas cothromaíocht shásúil a bhaint amach idir do ghairm bheatha agus do shaol pearsanta? Léigh ár n-alt An bhfuil tú spíonta? Is féidir linn cabhrú leat!

 

Naisc ghaolmhara:

An rud is ceart a dhéanamh má mhothaíonn tú go bhfuil gach rud sa mhullach ort ag an obair

Conas strus fostaithe a laghdú agus conas cosc a chur ar thnáitheadh

Cén fáth ar chóir duit do shaoire bhliantúil a úsáid i gcónaí

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

 

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.