Tóg do chearta leat
Nuair a aistríonn tú san Eoraip chun dul ag obair, leantar le do chearta slándála sóisialta, lena n-áirítear sochair dhífhostaíochta, pá máithreachais agus pinsin seanaoise. Tá feidhm aige sin, ní hamháin maidir le 27 Ballstát an AE, ach maidir leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis freisin.
Baineann rialacha an AE maidir le comhordú slándála sóisialta le sochair bhreoiteachta, dhífhostaíochta, mháithreachais, atharthachta agus theaghlaigh, chomh maith le pinsin seanaoise agus sochair a bhaineann le tionóiscí ag an obair, galair cheirde, sochair bháis agus mharthanóirí. Athraíonn na sochair bheachta atá ar fáil de réir tíre.
D’fhéadfadh rialacha éagsúla a bheith ag tíortha maidir le sochair slándála sóisialta, ach ceanglaítear le rialacha an AE ar na Ballstáit a gcórais a ailíniú ionas gur féidir le cuardaitheoirí poist atá ag aistriú ó thír amháin go tír eile chun dul ag obair leanúint de bheith ag éileamh ar shochair atá tuillte acu cheana féin ina dtíortha féin. Mar sin féin, ní féidir leat a bheith faoi árachas agus an sochar céanna a fháil in dhá thír ag an am céanna.
An chaoi a n-oibríonn clúdach leanúnach go praiticiúil
Fágann comhordú shlándáil shóisialta na mBallstát, ar colún seanbhunaithe de bheartas sóisialta an AE é, gur féidir le saoránaigh a bheith ag súil go leanfaidh a gcearta ar aghaidh agus iad ag aistriú timpeall an réigiúin, chun dul ag obair — agus ar mhaithe le fóillíocht nó scor freisin.
In 2021, bhí thart ar 16 mhilliún saoránach de chuid an AE/CSTE ina gcónaí i dtír eile de chuid an AE nó de chuid CSTE agus thug thart ar 100 milliún turasóir cuairt ar Bhallstát eile, atá léirithe sna figiúirí is déanaí ón AE. An bhliain sin, íocadh beagnach 6 mhilliún pinsean le daoine a raibh cónaí orthu i dtír eile de chuid an AE/CSTE nó sa Ríocht Aontaithe, agus aistríodh sochair theaghlaigh chuig níos mó ná milliún ball teaghlaigh i dtír eile de chuid an AE/CSTE nó sa Ríocht Aontaithe — agus bhí thart ar 235 milliún EHIC (Cártaí Eorpacha um Árachas Sláinte) i gcúrsaíocht.
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, is iondúil go gcumhdaíonn an Ballstát ina bhfuil tú ag obair do chearta sochair. Mar sin féin, tá eisceachtaí ann. Mar shampla, nuair a bhíonn tú ar phostú oibre gearrthéarmach i dtír eile ar feadh suas le dhá bhliain, leanfar le do chearta slándála sóisialta a bheith clúdaithe ag an mBallstát ina bhfuil d’fhostóir lonnaithe.
Má tá tú ag obair i níos mó ná tír amháin ag an am céanna, beidh do theidlíocht ar shochair slándála sóisialta clúdaithe ag an tír ina bhfuil cónaí ort, ar choinníoll go n-oibríonn tú freisin níos mó ná 25% de do chuid uaireanta oibre sa tír sin. Seachas sin, rangófar thú mar oibrí trasteorann, agus beidh do shochair clúdaithe ag an tír ina bhfuil d’fhostóir lonnaithe.
Ina theannta sin, beidh tú i dteideal pinsin ag aois scoir ó gach Ballstát den Aontas Eorpach ina raibh tú faoi árachas. Déantar é seo a éileamh ón tír dheireanach ina raibh tú ag obair.
Ag aistriú chuig córas digiteach
Faoi láthair, ní mór dóibh siúd ar mian leo aistriú idir tíortha chun dul ag obair agus sochair áitiúla a éileamh na foirmeacha ábharthaarna n-eisiúint ag a n-institiúid slándála sóisialta nó ag a n-údarás árachais sláinte reatha a bheith acu.
Amach anseo, áfach, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún Eorpach an riarachán a bhaineann leis a laghdú trí dhigitiú a dhéanamh air — agus tá sé ag spreagadh tíortha é sin a dhéanamh chomh soláimhsithe agus is féidir. Tá an córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) ag obair le hinstitiúidí slándála sóisialta chun faisnéis a roinnt ar fud na hEorpa. Tá tionscadal píolótach, an Pas Slándála Sóisialta na hEorpa (ESSPASS), ag féachaint faoi láthair ar bhealaí chun teidlíochtaí slándála sóisialta na saoránach thar theorainneacha a fhíorú go digiteach.
San fhadtéarma, tá sé beartaithe go mbeidh tiachóg na Céannachta Digití AE (EUDI) ann, rud a chuirfidh ar chumas shaoránaigh an AE leaganacha digiteacha dá ndoiciméid theidlíochta a iompar lena bhfíorú go héasca ag comhlachtaí, lena n-áirítear institiúidí slándála sóisialta, cigireachtaí saothair agus soláthraithe cúraim sláinte.
Féach bunachar sonraí tíre an Choimisiúin Eorpaigh chun a fháil amach cad iad na sochair slándála sóisialta atá ar fáil sa tír a mbeidh tú ag aistriú chuici chun dul ag obair. Faigh tuilleadh eolais faoi chearta pinsin agus conas iad a éileamh.
Naisc ghaolmhara:
Cearta shlándáil shóisialta, de réir tíre
Comhordú Shlándáil Shóisialta an AE
Faigh tuiscint ar na rialacha a bhaineann leatsa
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Márta 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Human health and social work activities
- Public administration and defence; compulsory social security