Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta19 Aibreán 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Teacht chun cinn foirne ilchultúrtha: conas a chinntiú go n éireoidh leo

Tá athrú suntasach tagtha ar an gcaoi a gcomhoibrímid ar fud eagraíochtaí agus laistigh díobh mar gheall ar an réabhlóid dhigiteach agus normalú na cianoibre. Tá leitheadúlacht foirne traschultúrtha ag méadú go tapa – rud lena dtugtar brí nua don chaoi a gcuirtear obair bhuíne i gcrích.

The rise of multicultural teams: how to ensure they are successful
Photo credit: Adobe

Cibé an bhfuil tú i mbun maoirseacht ar cheann díobh nó mar chuid d’fhoireann idirnáisiúnta, gabhann buntáistí móra le húsáid a bhaint as na buntáistí a bhaineann le timpeallacht den sórt sin a chruthú, ní hamháin don fhiontar, ach do bhaill aonair na foirne fosta. Tugtar le chéile i bhfoirne ilchultúrtha tacair scileanna uathúla agus cruthaítear ar an dóigh sin raon leathan eolais agus saineolais. De réir thuarascáil McKinsey, tá cuideachtaí a bhfuil éagsúlacht chultúrtha ard i gceist leo 36 % níos brabúsaí ná cuideachtaí nach bhfuil an éagsúlacht chéanna i gceist leo. Thairis sin, chinn Deloitte go gcuireann obair i dtimpeallacht éagsúil go mór le cruthaitheacht an oibrí aonair.

Cad is féidir a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh rath ar d’fhoireann ilchultúrtha?

Glac leis an éagsúlacht…

Tugann gach ball foirne gnéithe sainiúla dá bpearsantacht, dá dtaithí, dá ndearcthaí agus dá n‑iompraíochtaí foghlamtha leo don bhfoireann. Éiríonn sé sin níos feiceálaí fós i dtimpeallachtaí atá éagsúil ó thaobh cultúir de. Tá sé ríthábhachtach na difríochtaí idir baill foirne a aithint agus a urramú chun comhoibriú rathúil traschultúrtha a bhaint amach.

Ina theannta sin, is é an chéad chéim i dtreo foireann rathúil éagsúil a thógáil ná glacadh leis na comhaltaí eile chomh maith le fanacht oscailte agus fiosrach.

ach cuir creat corparáideach soiléir ar bun freisin

D’fhéadfadh tuairimí éagsúla a bheith ag fostaithe ó chúlraí éagsúla maidir le gnéithe éagsúla den obair nó den eagraíocht, mar shampla coincheap an ordlathais, ról nó rannpháirtíocht na bainistíochta, nó an chothromaíocht ó thaobh na caoi a gcaitear le gnéithe foirmiúla agus neamhfhoirmiúla den obair de sa spás oibre.

Chun tairbhe iomlán a bhaint as timpeallacht oibre ilchultúrtha, ní mór roinnt bunrialacha a bhunú ó thaobh ghnéithe bunúsacha na heagraíochta de. Agus córas tagartha den sórt sin i bhfeidhm go daingean, beidh an fhoireann in ann díriú ar obair níos cruthaithí gan a gcuid fuinnimh a chaitheamh le mionphointí nós imeachta ná ar mhíthuiscintí féideartha a eascraíonn as bearnaí cultúrtha.

Comhthuiscint a bhaint amach, go háirithe sa domhan fíorúil

Ba cheart d’fhoirne éagsúla a thugtar le chéile go cianda trí ardáin dhigiteacha amhail Skype nó Zoom a bheith ar an eolas go gcaithfidh siad leibhéal ní b’airde solúbthachta a thaispeáint ná foirne aonchineálacha a thagann le chéile ar bhonn aghaidh ar aghaidh. Is é is cúis leis sin ná nach mór dóibh cinneadh conas plé le saincheisteanna amhail cé mhéad uaireanta a thiocfaidh an fhoireann le chéile agus na cúraimí a dtabharfar tosaíocht dóibh, agus tosca amhail amchriosanna éagsúla, srianta cultúrtha, maille lena thromchúisí atá cásanna ar leith ar an leibhéal áitiúil á gcur san áireamh.

Glac cur chuige éadrom ar deireadh

Ag obair á cur i gcrích ag daoine a bhfuil cúlraí agus cultúir éagsúla acu, is cinnte go mbeidh ciotacht éigin ann ó am go chéile. Má ‘chailltear rud san aistriú’ nó má thuigeann tú go ndearna tú faux pas cultúrtha de thaisme, ná bí do do lochtadh féin mar gheall air. Ina ionad sin, bí oscailte faoi ligean duit féin foghlaim ón duine nó ó na daoine lena mbaineann agus é a bheith mar cheacht luachmhar agat as sin amach.

An bhfuil tú ag smaoineamh ar thaithí oibre ilchultúrtha a fháil? Léigh ár n‑alt Buntáistí luachmhara clár malartaithe oibre idirnáisiúnta.

 

 

Naisc ghaolmhara:

Ligean le cumhacht an lucht saothair ilteangaigh

Cian-treoir a thabhairt? Seo a leanas conas d’fhoireann idirnáisiúnta a bhainistiú go héifeachtach

Na leideanna is fearr le haghaidh fostaithe idirnáisiúnta nua a thabhairt ar bord

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

 

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.