Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta21 Meán Fómhair 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cianobair: Treoir d’fhostaithe nua

Is í an chianobair an gnás nua, agus go leor cuideachtaí á tairiscint dá gcuid fostaithe. Mar sin féin, is féidir leis a bheith dúshlánach plé leis, go háirithe le haghaidh fostaithe nua. Seo a leanas roinnt beart is féidir leat a ghlacadh chun go mbeadh rath ar an gcianobair.

Remote work: A guide for new employees

Spás oibre a chruthú atá compordach agus táirgiúil

Is féidir go mbíonn an chianobair ciotach in amanna, go háirithe agus tú ag tabhairt fúithi den chéad uair. Tá sé tábhachtach a bheith ag smaoineamh ar an gcaoi ar mhaith leat do thimpeallacht oibre a chóiriú. Má bhíonn tú ag obair ón mbaile, déan iarracht limistéar oibre ar leith a roghnú atá saor ó sheachráin. Go hidéalach, ní bheifeá ag iarraidh a bheith ag obair i do sheomra toisc gur mhian leat idirdhealú a bheith ann soiléir idir an obair agus an saol sa bhaile. An-smaoineamh a bheadh ann infheistíocht a dhéanamh i dtroscán eirgeanamaíochta – smaoinigh uirthi sin mar infheistíocht seachas mar chostas breise. Rachaidh cathaoirleach compordach go mór chun tairbhe do tháirgiúlachta. Bítear ag iarraidh spás oibre ina mbítear ag súil le bheith ag obair ann. Déan iarracht an spás a chur in oiriúint duit féin le roinnt plandaí, le píosa ealaíne nó le nithe eile a spreagfaidh tú agus a chuirfidh le do tháirgiúlacht.

Cothaigh cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil

Bíonn an chothromaíocht shláintiúil oibre is saoil tábhachtach má bhíonn tú ag obair go cianda nó go fiú mura mbíonn. Mar sin féin, tá roinnt rudaí le bheith ag faire amach dóibh maidir leis an socrú nua oibre seo. Fágtar doiléir mar sin an líne idir an obair agus an saol pearsanta agus daoine i mbun cianoibre, mar sin bíonn sé ríthábhachtach teorainneacha soiléire a shocrú don obair agus d’am pearsanta araon. Socraigh uaireanta oibre sainithe agus déan iarracht cloí leo – is féidir leis a bheith furasta uaireanta oibre breise a chur isteach, go háirithe agus tú sa bhaile. Is féidir leis an tnáitheadh agus an traochadh a bheith mar thoradh ar bheith ag obair i suíomh teoranta, mar sin smaoineamh maith a bheadh ann dul amuigh le haghaidh aer úr nó píosa aclaíochta a dhéanamh le linn do shosa lóin. Cabhróidh sé sin leat a bheith fuinniúil agus sláintiúil.

Bí aireach ar sheachráin

Agus tú ag i mbun na cianoibre, bíonn seachráin coitianta go leor agus is minic a bhristear isteach ar rithim do chuid oibre leis. B’fhéidir go mbíonn an spás oibre s’agat á roinnt agat le do chlann nó le do chomráidithe tí, rud a d’fhéadfadh a bheith deacair má bhíonn uaireanta oibre difriúla acusan. Dúshláin eile is ea peataí agus seachadtaí poist – dúshláin nach gcuireann isteach orainn agus sinn san oifig. Mar sin, má bhíonn tú ag obair i dtimpeallacht atá torannach, bain úsáid as cluasáin cealaithe torainn chun bheith in ann díriú níos fearr ar do chuid oibre. Bíonn sé tábhachtach teorainneacha a shocrú le baill do theaghlaigh agus le do chomrádaithe tí. Bí cinnte go mbíonn a fhios acu cathain a bhíonn tú ag obair agus cathain a bhíonn tú saor chun idirghníomhú leo.

Is mór an seachrán iad ár ngutháin, mar sin múch na fógraí aipe agus na foláirimh meán sóisialta le linn uaireanta oibre – beidh iontas ort cé mhéad ama a chaillimid agus sinn ag scrollú trí na haipeanna sin.

Coinnigh d’aird ar chúrsaí agus ná caill an misneach

Is féidir leis an gcianobair an tsolúbthacht agus an tsaoirse a bhíonn á lorg ag oibrithe i margadh fostaíochta an lae inniu a thairisicint. Mar sin féin, ní furasta aird a choinneáil ar chúrsaí agus gan an misneach a chailleadh mar gheall ar an leithlisiú, an mhoilleadóireacht agus an traochadh. Tá roinnt straitéisí ann is féidir leat a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leo sin. Ba chóir duit tú féin a chóiriú go cuí agus go slachtmhar chun go mbeidh an meon ceart agat chun d’aird a choinneáil ar chúrsaí. Ba cheart duit fanacht i dteagmháil le do chomhghleacaithe chun timpeallacht mhaith foirne a chothú – rud a chabhródh leat dul i ngleic leis an leithlisiú. Socraigh cruinnithe rialta seiceála isteach, bí ag obair i gcomhar le do chomhghleacaithe agus bain leas as imeachtaí sóisialta le go mbraithfidh tú nasctha agus ionas go bhfaighidh tú spreagadh.

Bíonn an t-aiseolas ó do bhainisteoir riachtanach maidir le d’fhorbairt gairme agus d’fhás gairmiúil. Amharc ar na bealaí is fearr chun freagra a thabhairt agus chun gníomhú ar aiseolas ó do bhainisteora ar bhealach dearfach agus éifeachtach.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas aiseolas ó do bhainisteoir a úsáid mar spreagadh fáis

 

Léigh tuilleadh:


Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.