I gcás cuid againn a d'fhás aníos faoi gheasa ag ficsean eolaíochta agus ag na híomhánna todhchaíocha a bhí le feiceáil againn ar ár scáileáin, chuireamar an-spéis san IS nuair a thosaigh daoine ag caint faoi le blianta beaga anuas. Bíonn fonn gáire orainn i ndáiríre nuair a fheicimid íomhá d'oibrí ag ligean a scíth fad is atá ‘meaisín’ ag obair; ach céard atá i gceist le tairbhe a bhaint as IS inár spásanna oibre agus inár saol? An féidir le IS cabhrú linn oibriú ar bhealach níos fearr?
Le blianta beaga anuas, tá imní léirithe ag daoine ní hamháin faoi ghnéithe eiticiúla IS, ach faoi cheist níos praiticiúla ná sin fiú - céard a tharlóidh dár bpoist? Mar sin féin, táthar ag súil go gcruthóidh IS níos mó post ná mar a scriosfaidh sí, agus go mbeidh sí mar bhonn le heispéiris oibre níos forbartha, agus ní hamháin i gciall theicneolaíoch an fhocail.
IS in úsáid chun tacú le timpeallachtaí oibre atá níos sruthlínithe, níos mealltaí agus níos fearr
Tá cuideachtaí i roinnt mhaith earnálacha éagsúla anois ag baint tairbhe as IS chun raon leathan próiseas a fheabhsú, lena n-áirítear a gcuid spáis a phleanáil ar bhealach níos fearr agus baill foirne a earcú agus sábháilteacht oibrithe a chinntiú ar áitreabh.
Céard a shíleann tú féin, mar oibrí, faoi IS a úsáid? Seo a leanas cuid de na buntáistí:
- Beidh níos mó ama agat chun díriú ar níos mó oibre fiúntaí agus straitéisí, a mbeidh torthaí cumhachtacha dá bharr. Cabhraíonn uirlisí IS cosúil le Docugami, Notably agus Tome leat do dhoiciméid a eagrú agus a roinnt ar bhealach níos fearr, taighde gnó níos éifeachtaí a dhéanamh agus láithreoireachtaí níos fearr a chruthú, agus níos mó ama a bheith agat chun díriú ar obair níos mionchúisí.
- Cabhróidh an t-am breise seo leat a bheith cruthaitheach, díriú ar smaointe agus léargas nua.
- Agus ní gá duit teacht ar léargas nua i d'aonar; trí chúraimí riaracháin a bhaint de d'ualach oibre, cabhraíonn IS leat tairbhe a bhaint as tobsmaointeoireacht chruthaitheach níos comhoibrí, cabhraíonn IS leat nasc níos fearr a chruthú leis na baill eile de d'fhoireann agus cabhraíonn IS leat caidreamh daonna a fheabhsú. Baineann tábhacht leis seo, ní hamháin i gcomhthéacs na táirgiúlachta, ach i ndáil le sásamh poist feabhsaithe freisin.
- Má tá tú ag obair i réimse ina mbaineann tábhacht ar leith le cruinneas (e.g. airgeadas nó cúram sláinte), bainfidh tú tairbhe as IS de bhrí go dtáirgeann sí torthaí níos cruinne, agus go laghdaíonn sí an fhéidearthacht earráide.
Cabhrú le hoibrithe dul in oiriúint do láithreacht IS san áit oibre
Ó tharla gur féidir linn a bheith ag súil le níos mó feidhmchlár nuálach IS a fheiceáil inár n-áiteanna oibre, tá sé tábhachtach go ndíreodh an margadh saothair ar na rudaí atá ag déanamh imní do dhaoine a bhaineann le níos mó úsáide a bheith á baint as IS. Trí oibrithe a uas-oiliúint agus a athoiliúint, cabhrófar leo dul in oiriúint don athrú seo agus beidh siad fós infhostaithe agus fostaithe. Táimid cinnte go gcaillfear roinnt post, ach cabhróidh bearta sábháilteachta sóisialta cosúil le cláir athoiliúna agus tacaíocht airgeadais i rith an aistrithe chuig samhail phoist nua déileáil le himní faoi phoist a bheith á gcailleadh.
Ainneoin imní faoi phoist a bheith á gcailleadh, áfach, táthar ag súil anois go gcruthóidh IS thart ar 97 milliún post nua faoin mbliain 2025, agus níl mórán ama fágtha idir seo agus sin. Dá réir sin, is é an rud is cliste a d'fhéadfaí a dhéanamh cead a thabhairt do na nuálaíochtaí cliste seo tacú lenár spriocanna oibre agus cabhrú linn níos mó rudaí a chur i gcrích.
An bhfuil spéis agat i níos mó eolais a fháil faoi na scileanna IS a bheidh ag teastáil uait chun tairbhe a bhaint as an aois dhigiteach?
Léigh ár n-alt dar teideal Scileanna IS don todhchaí: Treoir maidir le huasoiliúint san aois dhigiteach.
Naisc ghaolmhara:
Cúig bhealach a gcabhróidh an Intleacht Shaorga leat post a aimsiú
Scileanna IS don todhchaí: Treoir maidir le huasoiliúint san aois dhigiteach
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 22 Márta 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles