Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta17 Márta 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Tapaigh an deis chun páirt a ghlacadh in imeachtaí scileanna agus iad a chur chun cinn freisin ar fud na hEorpa le linn na Bliana Eorpaí um Scileanna!

Tá fógartha ag an gCoimisiún Eorpach gurb í 2023 Bliain Eorpach um Scileanna, bliain ina dtugtar tús áite do scileanna. Mar chuid di, tá curtha le chéile aige sraith speisialta uirlisí chun cabhrú le geallsealbhóirí ar fud na hEorpa a n-imeachtaí agus a gcaidreamh leis na meáin a chur chun cinn.

Promote and join skills events across the EU during the European Year of Skills!

Tús áite do scileanna

Is é is aidhm don Bhliain Eorpach um Scileanna cabhrú le daoine na scileanna cearta a fháil le haghaidh poist ar ardchaighdeán mar aon le cabhrú le cuideachtaí, go háirithe le fiontair bheaga agus mheánmhéide, tabhairt faoi easnaimh scileanna in AE. Chun é sin a bhaint amach agus ar feadh na bliana 2023 ar fad, déanfaidh geallsealbhóirí ar fud na hEorpa an méid seo a leanas:

  • deiseanna agus gníomhaíochtaí forbartha scileanna a chur i láthair;
  • aitheantas do cháilíochtaí trasteorann a éascú;
  • eagraíochtaí agus daoine a thabhairt le chéile d’fhonn a chur ar a gcumas a gcuid taithí agus a gcuid léargas a roinnt;
  • feasacht a ardú ar thionscnaimh agus ar fhéidearthachtaí maoiniúcháin AE.

Tabharfar deis d’eagraíochtaí, do scoileanna, d’fhostóirí agus do ghníomhaithe eile fud fad AE a n-imeachtaí agus a ngníomhaíochtaí féin a eagrú agus a chur chun cinn ar chairt ofigiúil na Bliana Eorpaí um Scileanna. Is féidir an chairt idirghníomhach a úsáid freisin chun teacht ar imeachtaí a bhaineann le scileanna ar fud na hEorpa agus chun páirt a ghlacadh iontu.

Sraith uirlisí cumarsáide na Bliana Eorpaí um Scileanna

Tá sraith uirlisí cumarsáide curtha le chéile ag an gCoimisiún chun é a éascú imeachtaí a eagrú agus a chur chun cinn leis an aidhm leanúnachas a chinntiú. Mar chuid den tsraith uirlisí tá:

  • amharc-aithne inaitheanta chun na himeachtaí go léir arna n-eagrú mar chuid de chreat na Bliana;
  • síniú amhairc i dteangacha agus i bhformáidí éagsúla;
  • teimpléad PowerPoint atá réidh le húsáid;
  • bunachar sonraí de phictiúir;
  • síniú ríomhphoist;
  • cúlra Microsoft Teams.

Caith súil ar an tsraith uirlisí cumarsáide

Cuir d’imeacht nó do ghníomhaíocht scileanna in airde ar shuíomh gréasáin na Bliana Eorpaí um Scileanna chun é a chur faoi bhráid daoine ar fud na hEorpa.

 

Naisc ghaolmhara:

Suíomh gréasáin na Bliana Eorpaí um Scileanna

Sraith urilisí cumarsáide na Bliana Eorpaí um Scileanna

Imeacht/gníomhaíocht a chur isteach mar chuid den Bhliain Eorpach um Scileanna

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Laethanta Fostaíochta/Imeachtaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Foghlaim
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.