Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta22 Deireadh Fómhair 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Ár gcúig nod is fearr d’fhostaithe agus iad ag filleadh ar an ionad oibre

Tar éis obair as an gcistin, as seomraí suite agus fiú as seomraí leapa le linn phaindéim COVID-19, is féidir le filleadh ar an oifig a bheith scáfar dúinn. Léigh ár gcúig nod is fearr maidir le haistriú ar ais chuig an ionad oibre go réidh.

Our top 5 tips for employees returning to the workplace
EURES

1.Ceadaigh an t-am chun dul i dtaithí ar chúrsaí an athuair

Má cheadaíonn d’fhostóir é, déan iarracht dul isteach sa ghnáthionad oibre de réir a chéile. Ar dtús, cuideoidh cuairt a thabhairt ar an ionad oibre cúpla lá sa tseachtain agus obair a dhéanamh ón mbaile ar laethanta eile leat am a thabhairt duit féin chun tú féin a chur in oiriúint do na difríochtaí idir na timpeallachtaí oibre. I gcás go leor daoine, athrú ollmhór a bheidh san fhilleadh ar ais chuig an ionad oibre, agus níos mó daoine, torann agus am taistil ann ag gabháil leis freisin, agus d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé tamall maith ar roinnt daoine dul i dtaithí ar bheith ar ais ann go lánaimseartha.

2.Cuir do ghnáthamh seachtainiúil in oiriúint

Caithfidh go dtógfaidh comaitéireacht chuig d’ionad oibre níos mó ama ná do bhealach a dhéanamh chuig d’oifig bhaile, rud a chiallaíonn gur gá aláram níos luaithe a chur ar siúl. Chun ullmhú le haghaidh filleadh ar an ionad oibre, fiú amháin mura bhfuil i gceist ann ach lá amháin sa tseachtain, cuir tús le bheith ag smaoineamh ar éirí ag an am céanna go seasta ar na laethanta ar gá duit an teach a fhágáil agus le do lón a ullmhú an oíche roimhe sin. Beidh sé i bhfad níos éasca agus athrú níos lú ar do ghnáthamh rialta a bheidh i bhfilleadh ar an ionad oibre mar sin.

3.Ná bíodh eagla ort ceisteanna a chur

Ní bhíonn filleadh gach duine ar an obair mar a chéile agus tá comhlachtaí éagsúla i mbun raon beartas éagsúil a cheapadh i dtaca leis sin. Is féidir go bhfágfaidh sin go mbeidh an-chuid ceisteanna agat. Sula bhfilleann tú ar an ionad oibre, bí cinnte go bhfuil do chuid ceisteanna curtha in iúl agat do d’fhostóir, cibé acu spásanna páirceála, stóráil rothar agus taisceadáin, nó bearta sláinte agus sábháilteachta. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat cad lenar cheart a bheith ag súil nuair a bhainfeadh tú an oifig amach. A luaithe a mbeidh an t-eolas cuí agat is ea is compordaí a bheidh tú. Mura bhfuil tú cinnte faoi bheartas cianoibre ná beartas oibre hibrideacha do chuideachta, cuir tús leis an gcomhrá!

4.Féach ar bhealaí nua oibre

Tá an saol oibre iar-COVID-19 i bhfad níos solúbtha. B’fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar an obair a thosú níos luaithe chun an bhuaicthráth tráchta a sheachaint nó smaoineamh ar phatrúin oibre hibrideacha a thástáil má cheadaíonn beartas do chuideachta é. Nuair a bheidh sé curtha in iúl agat le d’fhostóir, déan iarracht a fháil amach cad a oibríonn ar do shon agus cad é a chuireann le do tháirgiúlacht, chomh maith le do shláinte agus le d’fholláine. D’fhéadfá níos mó ama a chaitheamh le do theaghlach nó am a chaitheamh i mbun na rudaí is ansa leat a dhéanamh, agus sa chaoi sin dhéanfá seachtain oibre níos taitneamhaí den ngnáthsheachtain oibre agus do spriocanna corparáideacha á mbaint amach agat san am céanna.

5.Ná déan dearmad ar na huirlisí ar líne

Má d’iompaigh tú ar uirlisí níos comhoibríche ar líne le linn na paindéime, coinneáil ort ag baint úsáid astu san ionad oibre. In a lán cásanna, tá feabhas tagtha ar chomhoibriú ar fud foirne agus gnólachtaí, agus leanfaidh na nuálaíochtaí sin de bheith úsáideach agus neartóidh siad córais oibre freisin. Beidh tionchar buan ag ardáin nua ar líne ar chleachtais oibre agus leanfaidh siad de chur ar chumas comhghleacaithe a bheith rannpháirteach beag beann ar an áit a bhfuil siad. Ciallaíonn sé sin freisin nach bhfuil gá le do chur chuige i dtaca leis an obair a athrú nuair a rachaidh tú isteach san ionad oibre arís.

Le haghaidh tuilleadh nodanna maidir le bheith ag obair tar éis phaindéimCOVID-19, féach An fáth a bhfuil scileanna boga agus éirim mhothúchánach níos tábhachtaí ná riamh.

 

Gaolmhar:

An fáth a bhfuil scileanna boga agus éirim mhothúchánach níos tábhachtaí ná riamh

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.