Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta22 Nollaig 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas folláine a chothú i measc fostaithe tar éis COVID-19

Bhí an-tóir ar fholláine le linn na paindéime, agus tá go fóill, mar a bhreathnaíonn fostaithe ar fud an domhain ar chothromaíocht nua oibre is saoil agus iad ag obair ón mbaile. Léigh ár gcúig leid is fearr lena chinntiú go mbeidh baill foirne sábháilte agus sláintiúil tar éis na géarchéime.

How to foster wellbeing among employees post COVID-19
How to foster wellbeing among employees post COVID-19
EURES
  1. Bí cinnte go mothaíonn d’fhostaithe sábháilte

Tá a lán daoine buartha faoi na rioscaí a bhaineann leis an teach a fhágáil agus iad a bheith timpeall ar ghrúpaí móra daoine de bharr na paindéime. Tá sé tábhachtach ní hamháin do chuid fostaithe a chur ar a suaimhneas, ach a chinntiú go bhfuil na prótacail chearta i bhfeidhm ionas go mbraithfidh siad sábháilte agus iad ag obair nó ag tabhairt cuairte ar an láthair oibre. D’fhéadfadh córas áirithinte deisce, teorainn ar líon na ndaoine san ionad oibre díghalrán lámh agus maisc aghaidhe a chur ar fáil, an t-ionad oibre a ghlanadh go maith gach lá, a chur ar chumas fostaithe a bheith ag obair as an áit a mbraitheann siad compordach, agus fiafraí díobh cad a dhéanfadh níos compordaí iad ag dul ar aghaidh.

  1. Éist le do chuid fostaithe

Is é an bealach is éasca chun a fháil amach conas atá duine éigin ag mothú ná labhairt leo go díreach. D’fhéadfadh tionchar mór dearfach a bheith ag cruinnithe a eagrú go rialta, bíodh siad fíorúil nó aghaidh ar aghaidh, ar lá an duine. Tabharfaidh comhráite cairdiúla deis d’fhostaithe tú a chur ar an eolas má tá aon fhadhbanna ag cur isteach orthu, rud a ligfidh duit cabhrú leo teacht ar réiteach sula n-éireoidh an fhadhb níos measa. Déan deimhin de go n-éisteann tú le hábhair imní na bhfostaithe chun feabhas a chur ar fholláine agus ar mheanma na foirne ag an obair ar an iomlán. Ar bhealaí eile chun a fháil amach conas a mhothaíonn daoine tá suirbhéanna anaithnide, díospóireachtaí grúpa agus foirmeacha aiseolais.

  1. Bealaí do dhaoine chun comhairle a lorg a chruthú agus a chur chun cinn

Cibé an bhfuil ceist ag duine a bhaineann le bheith ag obair san oifig nó sa bhaile, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh siad tairbhe as labhairt le duine éigin. Déan machnamh ar fhoireann folláine d'oibrithe deonacha a chur le chéile ar féidir le fostaithe teagmháil a dhéanamh leo le haghaidh comhrá a bheith acu leo agus le treoir rúnda a fháil. Seans nach mbraithfidh siad compordach ag caint le duine éigin ina bhfoireann féin agus, mar sin, déan cinnte go mbeadh daoine ó ranna éagsúla i gceist. Le cúrsa oiliúna maidir le folláine a chur ar fáil, cuirfear feabhas ar chumas na foirne tacú le daoine eile agus feabhas a chur ar cháilíocht a gcomhairle.

  1. Tosaíocht a thabhairt don mheabhairshláinte

Sa lá atá inniu ann, táthar níos oscailte i dtaobh a bheith ag labhairt faoi mheabhairshláinte agus faoi fholláine intinne san ionad oibre. Tá céimeanna glactha ag a lán fostóirí le tosaíocht a thabhairt dóibh agus lena gcur san áireamh ina mbeartas oibre, mar shampla trína ainmniú mar chúis le lá saor a ghlacadh agus bearta a thabhairt isteach chun folláine a chaomhnú. Is éard a bhí i gceist leis sin tacaíocht a chur ar fáil amhail comhairleoireacht dóibh siúd atá ag streachailt. Má chuirtear folláine chun cinn agus má ardaítear feasacht ina taobh ag an obair, is féidir cabhrú leis sin cosc a chur ar mheabhairghalar, rud a fhágfaidh go mbeidh fostaithe níos sona agus níos sábháilte.

  1. Glacadh le hathruithe a mba chúis leo an phaindéim

Ba chúis le go leor athruithe an phaindéim, go háirithe athruithe a bhaineann leis an obair. Mar thoradh air sin, tá a lán neamhchinnteachta ann i measc na bhfostaithe, deis forbartha atá inti do ghnólachtaí freisin. Is féidir le hathstruchtúrú, athdhíriú agus atógáil a bheith spreagúil agus a bheith ina gcúiseanna le tuilleadh deiseanna don fhoireann. Is féidir glacadh leis na hathruithe sin agus do chur chuige a chur in oiriúint dóibh a bheith ina údar spreagtha do d’fhoireann in ionad a bheith ina údar imní dóibh, agus cabhróidh sin leo amach anseo. Tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as na hathruithe nua, cuideofar freisin le d’eagraíocht a bheith in ann an aimsir a sheasamh, cuir i gcás i dtaobh leanúint d’úsáid éifeachtach a bhaint as ardáin ar líne agus beartais oibre solúbtha nó hibrideacha a thairiscint.

Chun tuilleadh a fháil faoi bhainistiú fostaithe tar éis COVID-19, féach ar Conas fostaithe a spreagadh agus iad ag filleadh ar an obair i ndiaidhCOVID-19.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas fostaithe a spreagadh agus iad ag filleadh ar an obair tar éis COVID-19

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.