Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta16 Eanáir 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas an-chur i láthair ardaitheora a chur le chéile mar chuardaitheoir poist iarchéime

Is éard is ‘cur i láthair ardaitheora’ ann agus gearrchur i láthair somheabhraithe díot féin, de do tháirge nó de smaoineamh de do chuid ar bealach é chun aird do lucht féachana a tharraingt. Níor chóir go mbeadh cur i láthair ardaitheora ní b’fhaide ná nóiméad amháin, agus ba chóir go dtarraingeodh sé aird ar na láidreachtaí is mó atá agat. Mar chuardaitheoir poist iarchéime, is féidir leat úsáid a bhaint as cur i láthair ardaitheora chun dul i gcion ar fhostóirí féideartha agus do chuid oideachais, scileanna agus cumais á dtaispeáint ag an am céanna ar bhealach spéisiúil, somheabhraithe.

Mar nuachéimí, tá gach seans ann nach bhfuil mórán taithí ghairmiúil agat ach ní hionann é sin agus a rá nach féidir leat seasamh amach ón slua. Trí chur i láthair ardaitheora snasta agus gonta a chur le chéile agus a chleachtadh, beidh tú réidh i gcónaí le dul go mór i gcion ar fhostóirí. Bíonn sé níos dúshlánaí fós má bhíonn tú ag cur isteach ar phoist i dtíortha eile, áfach, mar sin ba chóir duit do chur i láthair a ullmhú i mBéarla nó i dteanga na tíre den phost a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air.
Seo roinnt leideanna maidir le conas cur i láthair ardaitheora foirfe a chur le chéile mar chuardaitheoir poist iarchéime:

  • Tosaigh le d’ainm, d’oideachas agus do sprioc ghairme. Mar shampla, “Haigh, is mise Lisa, agus is nuachéimí sa Dearadh Grafach mé. Táim ag lorg deis chun mo chruthaitheacht agus mo scileanna a úsáid chun ábhar iontach amhairc a chruthú d’ardáin éagsúla meán.”
  • Mínigh cén luach is féidir leat a thairiscint nó cén fhadhb is féidir leat a réiteach. Mar shampla, “Tá súil ghrinn agam don dearadh agus táim paiseanta faoin scéalaíocht. Is féidir liom cabhrú leat grafaicí tarraingteacha agus éifeachtacha a chruthú a bheidh in ann aire bhur lucht féachana a tharraingt agus bhur dteachtaireacht a chur in iúl.”
  • Luaigh do chuid éachtaí nó aon scileanna ábhartha a dhéanann go seasann tú amach ón slua. Mar shampla, “Táim tar éis roinnt tionscadal neamhspleách ar éirigh go seoigh leo a thabhairt chun críche, mar shampla lógónna, fógráin agus póstaeir ar dhear mé do chliaint éagsúla iad. Tá comórtas deartha buaite agam freisin agus tá aiseolas dearfach faighte agam ó m’ollúna agus ó mo phiaraí araon.”
  • Bíodh glaoch chun gnímh nó ceist a chothóidh comhrá agat ag deireadh do chur i láthair. Mar shampla, “Tá fonn orm páirt a ghlacadh i bhfoireann dhinimiciúil, nuálach inar féidir liom foghlaim agus fás mar dhearthóir. An bhfuil aon leideanna nó moltaí agaibh dom?”

Mura bhfuil taithí ábhartha agat, bí cinnte go léiríonn tú do d’fhostóir an díograis agus an phaisean atá agat trí shamplaí nithiúla a thabhairt.  Mar shampla, más mian leat post sa mhargaíocht dhigiteach ach gan pioc taithí oibre a bheith agat inti sin, is féidir leat do bhlag a lua ar a léiríonn tú na scileanna digiteacha atá agat. Mar chéimí óg, ní dócha go bhfuil mórán taithí agat ach níl amhras ach go bhfuil an-mhianach ionat ina ainneoin sin. Is féidir leat dul i bhfeidhm ar fhostóirí trí do dhíograis chun foghlaim agus fás san earnáil a léiriú dóibh. D’fhéadfadh fostóirí idirnáisiúnta a bheith toilteanach neamhaird a thabhairt ar an easpa taithí oibre sin má léiríonn tú do thiomantas agus do thoilteanas chun foghlaim faoi chultúir nach ionann agus do chultúr féin iad. D’fhéadfadh do chur i láthair ardaitheora a bheith an-áisiúil i gcomhthéacsanna éagsúla fosta, cuir i gcás ag aontaí poist, in agallaimh, ag imeachtaí líonraithe, ag cur i láthair agus araile. Cuir cur i láthair atá gearr agus snasta le chéile agus cleacht os ard é. Ar an dóigh sin, beidh tú in ann ag tú féin a chur in iúl go gairimúil am ar bith.

 

Seans go mbeidh an chianobair i gceist le do chéad phost. Féach ár gcomhairle maidir le tosú ar bheith ag obair ón mbaile: Cianobair: Treoir d’fhostaithe nua

Léigh tuilleadh:


Laethanta Fostaíochta Eorpacha

 

Aimsigh Comhairleoirí EURES


Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES


Bunachar Post EURES


Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

 

Féilire Imeachtaí EURES


Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath


EURES ar Facebook


EURES ar Twitter


EURES ar LinkedIn

 

 

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Administrative and support service activities
  • Arts, entertainment and recreation
  • Education
  • Information and communication
  • Other service activities

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.