Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta9 Eanáir 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas cruthú thar barr in agallamh grúpa

Is bealach coiteann iad agallaimh ghrúpa d’fhostóirí chun iarrthóirí éagsúla a scagadh agus measúnú a dhéanamh ar a scileanna cumarsáide, oibre buíne agus ceannaireachta ag an am céanna. Is féidir le hagallaimh ghrúpa a bheith dúshlánach agus strusmhar do na hiarratasóirí, áfach, go háirithe más grúpa iarrthóirí de bhunadh éagsúil agus ó thíortha éagsúla atá i gceist. Beidh ar na hiarrthóirí obair i dteannta a chéile ar thasc nó ar chleachtadh mar chuid den agallamh grúpa agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an scrúdú i mBéarla nó i dteanga nach í a máthairtheanga í. Chun go mbeidh an ghaoth i do sheolta agus chun dul i gcoin ar na hagallóirí, seo thíos roinnt leideanna maidir le conas ullmhú lena aghaidh agus do dhícheall a dhéanamh le linn agallamh grúpa.

Déan do chuid taighde ar an gcuideachta agus an ról

Sula dtugann tú faoi aon agallamh, ba cheart duit roinnt taighde a dhéanamh ar an gcuideachta agus ar an ról a bhfuil tú ag cur isteach air. Cabhróidh sé sin leat aon cheisteanna a fhreagairt go cinnte agus do spéis agus do dhíograis a thaispeáint chomh maith. Cabhróidh sé leat freisin dul i ngleic leis an mbrú a bhaineann le bheith i ngrúpa strainséirí, mar beidh eolas cúlra agus ionchais áirithe agat maidir lena mbeidh i gceist leis an agallamh.

Seas amach ón slua

In agallamh grúpa, ba mhaith leat go mbreathnófaí ort mar iarrthóir nótáilte agus sainiúil. Ná déan an méid atá ráite ag daoine eile cheana féin a athrá agus ná tabhair freagraí cineálacha. Ina ionad sin, déan iarracht do chuid scileanna agus do chuid eispéiris leithleacha atá ábhartha don ról a thaispeáint. Is féidir leat tógáil ar fhreagra duine eile freisin trí do léargas nó trí shamplaí de do chuid féin a chur leis. Ar an dóigh sin, léireoidh tú do chumas éisteachta agus comhoibrithe agus is léir chomh maith ón méid sin go bhfuil in ann cur leis an bplé.
 

Bí ullamh!

Foghlaim an stór focal i mBéarla nó i dteanga an fhostóra, déan taighde ar a ndéanann an chuideachta, agus bí ag cleachtadh an méid sin roimh aon phlé grúpa ionas go mbeidh tú chun cinn sa phlé agus in ann a thaispeáint gur ullamh agus réidh atá tú. Is comhartha soiléir de spreagadh é sin d’fhostóirí.

 

Bí i do cheannródaí

Ceann de na scileanna a bhíonn á lorg ag fostóirí in agallamh grúpa is ea an cheannaireacht. Má bhíonn an deis agat ceannaireacht a thabhairt ó thaobh ceist, tuairim, pointe nó tasc ar leith, ná bíodh drogall ort déanamh amhlaidh. Léiríonn sé sin go bhfuil tú réamhghníomhach agus muiníneach agus go bhfuil tú in ann freagracht a ghlacadh fosta. Mar sin féin, bí cúramach gan cur isteach an iomarca ar an gcomhrá agus gan an barr a bhaint de dhaoine eile. Ba cheart duit meas a léiriú do thuairimí agus d’ionchur do chomhagallaithe freisin agus spás a thabhairt dóibh chun iad féin a chur in iúl. Bí cinnte a thaispeáint gur dea-éisteoir thú freisin agus go bhfuil tú in ann plé le hionchur ó dhaoine eile.

Bí i d’imreoir foirne

Scil eile a mbíonn ag teastáil ó fhostóirí in agallamh grúpa is ea an obair bhuíne. Ba cheart duit a thaispeáint gur féidir leat obair go seoigh le daoine eile, fiú mura bhfuil aithne agat orthu nó mura n‑aontaíonn tú leo. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí dhul i dteagmháil le do chomhagallaithe, trí úsáid a bhaint as a n‑ainmneacha, trína dtuairimí a aithint agus trí thacú lena smaointe. Ba chóir duit teanga dhearfach choirp a úsáid freisin, cuir i gcás do cheann a chlaonadh, déan meangadh gáire agus amharc ar dhaoine sa tsúil. Trí bheith i d’imreoir foirne, léireoidh tú go bhfuil tú comhoibríoch, solúbtha agus measúil.

Is deiseanna iontacha iad agallaimh ghrúpa chun do chuid scileanna agus do phearsantacht a chur in iúl d’fhostóirí féideartha. Trí na leideanna sin a leanúint, is féidir leat tú féin a ullmhú don dúshlán agus seasamh amach as an slua. Cuimhnigh ar do chuid taighde a dhéanamh, bí tú féin agus bain amach an chothromaíocht idir a bheith i do cheannaire agus i d’imreoir foirne.

An bhfuil agallamh ar líne agat? Féach ár n‑alt Conas seasamh amach le linn agallamh poist ar líne

 

 

Léigh tuilleadh:


Laethanta Fostaíochta Eorpacha

 

Aimsigh Comhairleoirí EURES


Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES


Bunachar Post EURES


Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

 

Féilire Imeachtaí EURES


Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath


EURES ar Facebook


EURES ar Twitter


EURES ar LinkedIn

 

 

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Administrative and support service activities
  • Arts, entertainment and recreation
  • Education
  • Information and communication
  • Other service activities

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.