Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta19 Nollaig 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cúig bhealach a gcabhróidh an intleacht shaorga leat post a aimsiú

Réimse a mbíonn fuadar faoi is ea an cuardach post, agus tá an intleacht shaorga ag teacht chun cinn mar uirlis chumhachtach dóibh siúd a bhfuil post á lorg acu, chun cuidiú leo dul i ngleic leis an margadh fostaíochta iomaíoch. Foghlaim conas a chabhróidh an intleacht shaorga leat agus post nua á chuardach agat.

Five ways AI can help your job search

Curricula vitae agus litreacha cumhdaigh curtha in oiriúint a scríobh

Ceann de na chéad dúshláin a bhaineann le cuardach poist is ea curriculum vitae agus litir chumhdaigh a ullmhú a mheallfaidh aird na bhfostóirí féideartha. Is féidir le huirlisí intleachta saorga cabhrú leat leis an gcúram tábhachtach sin trí anailís a dhéanamh ar thuairiscí ar phoist agus trí curricula vitae agus litreacha cumhdaigh a ghiniúint atá dírithe ar phoist ar leith nó ar fhostóirí ar leith. Ní bhíonn easpa cinnteachta i gceist le hábhar iarratais a chur le chéile agus tú ag baint úsáid as na huirlisí sin agus is bealach iad le féachaint chuige go bhfuil do chuid príomhscileanna agus an taithí atá agat ag teacht le riachtanais an phoist.

An próiseas cuardaithe poist a dhéanamh níos éasca

Bíonn iarracht mhór i gceist le breathnú tríd an iliomad fógraí post. Fágfaidh an intleacht shaorga an próiseas sin níos éasca ort trí mholtaí a thabhairt duit faoi phoist a oireann duit féin, bunaithe ar do scileanna agus do roghanna féin agus ar an taithí atá agat. Cúnamh a bheidh sna halgartaim sin a mholann poist duit ó thaobh teacht ar dheiseanna a oireann do do chuid spriocanna gairme. Sábhálfaidh siad am ort agus cuirfidh siad leis an seans go n-aimseoidh tú an post is fearr a oireann duit. Tabhair faoi deara go n-úsáideann roinnt ardán intleachta saorga sonraí ó thréimhse shonrach ama. Más mian leat faisnéis chruinn a fháil faoi fholúntais atá le líonadh, áirithigh gur ar fhoinsí cothrom le dáta atá an t-ardán atá á úsáid agat bunaithe.

Agallaimh bhréige

Is féidir leis an intleacht shaorga cabhrú leat freisin agus tú ag réiteach le haghaidh agallaimh phoist a d’fhéadfaí a chur ort. Tá ardáin ann a bhaineann leas as an intleacht shaorga chun agallaimh fhíorúla a chur ort, ionas go mbeidh tú in ann do chuid freagraí a chleachtadh agus a fheabhsú trí mhacasamhail fíoragallaimh. Tabharfaidh na hardáin sin aiseolas cabhrach duit faoi chumarsáid neamhbhriathartha, faoi phatrúin chainte, agus faoin gcaoi ar éirigh leat ar an iomlán. Cuideoidh sé sin leat muinín a bheith agat asat féin agus tiocfaidh feabhas ar do chuid scileanna agallaimh.

Measúnú ar scileanna agus anailís ar bhearnaí

I margadh fostaíochta a bhíonn ag athrú go tapa, ní mór coinneáil suas leis na scileanna a mbíonn tóir orthu. Is féidir le huirlisí intleachta saorga measúnú a dhéanamh ar na scileanna atá agat agus tú a chur ar an eolas faoi aon bhearnaí atá ann. Cuirfidh sé sin ar do chumas cinntí eolasacha a dhéanamh faoi uasoiliúint nó athoiliúint a dhéanamh chun riachtanais na bpost atá uait a chomhlíonadh. Ach do chuid scileanna féin a bheith ag teacht le treochtaí earnála, is fearr an seans a bheidh agat sa mhargadh fostaíochta.

Gairmthreoir phearsantaithe

Is féidir le hardáin cóitseála gairme atá bunaithe ar an intleacht shaorga anailís a dhéanamh ar do chúlra gairme, do mhianta agus do roghanna chun treoir phearsantaithe a chur ar fáil duit. Tugann na hardáin sin léargas ar chonairí gairme féideartha, agus molann siad poist atá ag teacht le do chuid scileanna agus d’ábhair spéise féin. Leis an gcur chuige pearsantaithe sin, cuirtear treochlár ar fáil duit maidir le forbairt ghairmiúil agus dul chun cinn gairme.

Séanadh tábhachtach

Cé gur uirlis chabhrach í an intleacht shaorga agus post á lorg agat, ní mór a bheith cúramach. Ba chóir duit athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar ábhair a ghintear le hintleacht shaorga lena chinntiú go bhfuil siad cruinn, ábhartha. Cé nach bhfuil táille ar bith i gceist le go leor ardán intleachta saorga, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort clárú leo ar dtús. Bí aireach i gcónaí faoin bhfaisnéis a roinneann tú ar ardáin intleachta saorga chun do phríobháideachas agus do shonraí pearsanta a choinneáil slán.

Coinnigh súil amach d’ailt EURES eile faoi na deiseanna a chuireann ardáin intleachta saorga ar fáil!

An bhfuil tú réitithe le haghaidh athrú gairme? Féach ar an gcomhairle uainn agus tú ag tabhairt aghaidh ar chonair nua.

 

Naisc ghaolmhara:

Réidh le haghaidh athrú? Conas gairmeacha beatha a athrú gan aon taithí

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.