Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta3 Nollaig 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cúig rud le smaoineamh orthu d'fhostaithe atá ag athrú go cianobair

Is iomaí duine againn a bhí ag obair ón mbaile le linn na paindéime, ach ag breathnú amach romhainn, tá an tseift shealadach seo ag éirí níos normálta. Léigh ár gcúig leid iontacha ar na rudaí a mbeadh le cuimhneamh orthu agus tú ag athrú go cianobair.

Five things for employees to consider when switching to remote working
EURES

​​​​​​​1. An bhfuil an trealamh ceart agus an spás ceart agam?

Is é an rud is tábhachtaí le cur san áireamh ná an bhfuil gach rud agat a theastaíonn chun d'obair a dhéanamh go héifeachtach. Ní hamháin ríomhaire agus cathaoir deisce atá i gceist; seans go dteastaíonn idirlíon ardluais nó seomra ciúin freisin inar féidir leat díriú ar do chuid oibre i bhfad ó dhaoine eile den teaghlach. Má tá timpeallacht mhaith oibre agat, ó thaobh teochta, soilsithe agus aerála de, is fearr a dhíreoidh tú d'aird agus is lú seachmall a bheidh ort. Déan iarracht seomra a úsáid ina bhfuil fuinneog a ligeann isteach solas an lae agus doras idir d’áit oibre agus an chuid eile den teach má tá tú sa bhaile.

2. An bhfanfaidh m'uaireanta oibre mar an gcéanna?

In a lán cásanna téann cianobair agus polasaithe oibre solúbtha le chéile, rud a ligeann d’fhostaithe oibriú thart ar chúraimí eile amhail páistí. Níor mhiste smaoineamh ar an dóigh a n-oibreodh sin i do chás féin. Cé go bhféadfadh níos mó solúbthachta a bheith agat, seans go mbeadh d'obair níos dírithe agus níos táirgiúla má chloíonn tú le gnáthamh laethúil rialta. Mar shampla, má dhéanann tú iarracht d'obair a thosú ag an am céanna gach lá, d'fhéadfadh sé dul chun sochair do do phatrún chodlata agus struchtúr a choinneáil i do sheachtain oibre.

3. Conas a chinnteoidh mé go stopfaidh mé den obair ag deireadh an lae?

Is minic a bhíonn scor den obair ag deireadh an lae ar na rudaí is deacra dá mbaineann leis an gcianobair. Bíonn cathú ar a lán fostaithe oibriú níos mó ná a ngnáthuaireanta oibre, ach tá cúpla cleas ann chun an iomarca oibre a sheachaint. Tá sé molta ag saineolaithe do threalamh a chur i bhfearas i seomra difriúil sa teach ionas gur féidir leat d'obair a scaradh ó do shaol sa bhaile, agus doras d'oifige a dhúnadh nuair a shíníonn tú amach.

4. Conas a choinneoidh mé i dteagmháil le mo chomhghleacaithe?

Ní chasfar do chomhghleacaithe ort sa phasáiste a thuilleadh agus tú i mbun cianoibre, ach tá bealaí eile ann chun scéala a fháil uathu. Is féidir ardáin amhail Zoom agus Microsoft Teams a úsáid le haghaidh sosanna caife fíorúla díreach mar a úsáidtear le haghaidh cruinnithe agus comhdhálacha corparáideacha iad. Chun a chinntiú go bhfuil cumarsáid ann fós idir thú féin agus do phiaraí, smaoinigh ar sheisiún seachtainiúil nó coicísiúil a chur le d’fhéilire chun an nuacht is déanaí a mhalartú eadraibh. Cabhróidh sé sin leat fanacht i dteagmháil agus an t-uaigneas a thógáil díot.

5. An bhfuil an t-eolas is deireanaí agam faoi pholasaithe mo chuideachta maidir leis an gcianobair?

Cé gur athraigh formhór na gcuideachtaí chuig an gcianobair le linn na paindéime COVID-19, agus go bhfuil siad ag glacadh léi fós, ní hionann polasaí gach cuideachta ó thaobh cianoibre de. Í a bheith nua do gach cuideachta is mó is cúis leis sin. Bí ar an eolas i gcónaí faoi pholasaithe d’fhostóra, nó fiafraigh de d’fhostóir mura bhfuil tú cinnte cá bhfuil siad le fáil. D'fhéadfadh réimsí mar na huaireanta a oibríonn tú, an trealamh atá ar fáil agus slándáil idirlín a bheith iontu.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an gcianobair, léigh ár Cúig leid le haghaidh post nua a thosú go cianda.

 

Naisc ghaolmhara:

Zoom

Microsoft Teams

Cúig leid le haghaidh post nua a thosú go cianda

Leideanna praiticiúla chun cianobair ón mbaile a dhéanamh chomh sláintiúil sábháilte éifeachtach agus is féidir (EU-OSHA)

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.