Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta24 Lúnasa 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Na cúig phríomhcheist le haghaidh shuirbhé COVID-19 ar fhilleadh ar an obair

De réir mar a osclaítear áiteanna oibre tar éis phaindéim COVID-19, is am maith é seo chun a fháil amach cad iad na tuairimí atá ag do chuid fostaithe ar fhilleadh ar an obair. Chun léargas a fháil ar a gcuid tuairimí agus chun ullmhú don athoscailt, smaoinigh faoi na cúig phríomhcheist uainn a úsáid le haghaidh do shuirbhé ar fhilleadh ar an obair.

Five key questions for your COVID-19 returning to work survey
EURES

1. An bhfuil tú ag tnúth le filleadh ar an obair?

Cabhróidh an freagra leat tuiscint a fháil ar dhearcadh do chuid fostaithe i leith filleadh ar an obair. Cabhróidh sé leat freisin bheith réidh lena mbeidh romhat agus tú ag iarraidh ar bhaill foirne a ndearbháin iompair phoiblí a athnuachan, a lón a phacáil agus gléasadh do thimpeallacht dhifriúil. Cé gur féidir go mbeidh roinnt daoine ag iarraidh a gcomhghleacaithe a fheiceáil agus an teach a fhágáil gach lá, is féidir go mbeidh daoine eile neirbhíseach faoi dhul isteach i suíomhanna sóisialta an athuair agus go gcaithfear iad a chur ar a suaimhneas.

2. Agus scála 1-10 á úsáid agat, cé chomh maith, dar leat, agus a bhíonn an chumarsáid le do chomhghleacaithe le linn obair ón mbaile?

Trína thuiscint cé acu a mheas nó nár mheas do chomhghleacaithe go raibh an chumarsáid láidir le linn obair ón mbaile, cumasófar don chuideachta cinntí a dhéanamh faoi obair ón mbaile a choinneáil ar bun mar rogha fhadtéarmach. Mar mhalairt air sin, má bhraitheann an fostaí go raibh an chumarsáid i bhfad níos measa le linn obair ón mbaile, is féidir gur fearr dó/di filleadh ar a g(h)nátháit oibre.

3. Cén tionchar a bhí ag an obair ón mbaile ar do tháirgiúlacht?

Cé go measfaidh roinnt daoine go mbíonn siad níos táirgiúla agus iad ag obair ón mbaile, is féidir go mbeidh daoine eile ag déileáil le cineálacha eile cur isteach, ag brath ar a gcor uathúil. Murab ionann agus obair san oifig, beidh gach fostaí ag déileáil le méid difriúil torainn timpeall orthu, le leagan amach difriúil agus, i gcásanna áirithe, le baill teaghlaigh nó le páirtithe eile tí. Fágfaidh sé sin go mbeidh an t-eispéireas oibre ón mbaile difriúil do gach duine, agus is féidir leis sin tionchar dearfach nó tionchar diúltach a imirt ar tháirgiúlacht. Trí leibhéil táirgiúlachta d’fhoirne a thuiscint, cabhrófar le bonn eolais a chur faoi chinntí faoina bhfilleadh ar an obair.

4. Cá mhéad a tháinig athrú ar do chothromaíocht oibre is saoil agus tú ag obair ón mbaile, má tháinig athrú ar bith uirthi?

Trína fháil amach cé acu a d’éirigh cothromaíocht oibre is saoil d’fhoirne níos fearr nó níos measa, cabhrófar lena chinneadh cé na tuairimí atá ag baill foirne ar fhilleadh ar a n-áit oibre. Má fuair siad amach go raibh tuilleadh ama acu le tabhairt faoi chaitheamh aimsire nó le caitheamh lena dteaghlach le linn dóibh a bheith ag obair go cianda, is féidir nach mbeidh an oiread sin spéise acu i bhfilleadh ar an áit oibre, toisc gur dóigh go mbeidh cineál éigin comaitéireachta i gceist leis sin i bhformhór na gcásanna. Mura bhfaca freagraithe an oiread sin difríochta ina gcothromaíocht oibre is saoil, tá seans i bhfad níos fearr ann go mbeidh siad ag tnúth le filleadh.

5. An bhfuil aon ábhair imní agat faoi chomaitéireacht a dhéanamh chun na hoibre?

Trína fhiafraí de bhaill foirne faoin gcomaitéireacht a dhéanann siad, ní hamháin go n-admhófar ceann amháin de na difríochtaí is mó idir obair san oifig agus obair ón mbaile, ach cabhrófar freisin le tuiscint níos fearr a ghnóthú ar dhearcthaí fostaithe i leith filleadh ar an áit oibre. Mar shampla, má mheasann do chomhghleacaithe go mbíonn an chomaitéireacht am-íditheach agus costasach, ní bheidh an oiread sin spéise acu i ndul isteach san áit oibre an athuair. D’fhéadfadh sé sin deis a thabhairt duit scéim hibrideach oibre a thairiscint, uaireanta athraithe a thairiscint chun trácht trom a sheachaint nó dreasacht eile, amhail páirceáil fhóirdheonaithe nó scéim ‘rothaíocht chun na hoibre’, a thairiscint.

Bhí eispéiris dhifriúla ag a lán daoine agus cuideachtaí le linn na paindéime agus is féidir nach mbeidh siad ar aon intinn lena chéile faoi fhilleadh ar a ngnáthghníomhaíochtaí. Chun tuilleadh leideanna a fháil faoi fhilleadh ar an obair tar éis phaindéim COVID-19, féach an t-alt uainn dar teideal Na 7 bpríomhleid le haghaidh imní a laghdú faoi fhilleadh ar an oifig.

 

Naisc ghaolmhara:

Na 7 bpríomhleid chun imní a laghdú faoi fhilleadh ar an oifig

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.