Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta14 Iúil 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Cúig ghairm bheatha a bhfuil barr feabhais ag daoine dátheangacha agus ilteangacha iontu

Táimid ag teacht le chéile níos dlúithe ná riamh mar gheall ar an bhforbairt teicneolaíochta, rud a chuireann ar chumas daoine cumarsáid a dhéanamh thar theorainneacha. Mar thoradh air sin, tá ardéileamh ar scileanna teanga. Ach cad iad na hearnálacha agus na conairí gairme is mó a bhfuil meas acu ar scileanna teanga? Léigh leat le fáil amach.

Five careers that bilingual and multilingual people excel in

1. Aistritheoir

Ní aistríonn aistritheoirí gach rud. Ina ionad sin, tá speisialtóireacht acu i réimse amháin nó i roinnt réimsí saineolais (e.g. dlí, turasóireacht, sláinte). Chun bheith i d’aistritheoir rathúil, d’fhéadfadh sé a bheidh úsáideach do thaithí nó do chúlra acadúil a fhorbairt sa réimse/sna réimsí ina bhfuil sé beartaithe agat obair aistriúcháin a dhéanamh, mar aon le do scileanna teanga mar scríbhneoir agus mar aistritheoir a fhorbairt.

2. Ateangaire

Oibríonn ateangairí i suíomhanna amhail scoileanna, ospidéil, seomraí cúirte, seomraí cruinnithe agus ionaid chomhdhálacha. Oibríonn cuid acu do chuideachtaí ateangaireachta, agus oibríonn ateangairí eile d’eagraíochtaí aonair, nó mar shaoraistritheoirí do chliaint phríobháideacha. Cé go mbíonn céim baitsiléara de dhíth ar ateangairí de ghnáth, is é an riachtanas is tábhachtaí ná inniúlacht labhartha ag leibhéal an chainteora dhúchais a bheith acu i níos mó ná teanga amháin. Áirítear leis sin an cumas an teanga a thuiscint go cruinn nuair a labhraítear í go spontáineach agus mar ghnáthchaint.

3. Múinteoir

Chun bheith i do mhúinteoir teanga sa seomra ranga, beidh céim sa teanga is mian leat a theagasc ag teastáil uait, chomh maith le teastais mhúinteoireachta chun a chruthú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna agat a theastaíonn leis an obair a dhéanamh.

Má mheasann tú go bhfuil tú in ann teanga a theagasc do dhaoine eile, ach nach bhfuil na cáilíochtaí foirmiúla is gá agat chun bheith i do mhúinteoir ranga, d’fhéadfá smaoineamh ar bheith i do theagascóir príobháideach. Is minic a bhíonn teagascóirí príobháideacha ag obair ar bhonn duine le duine, agus na seisiúin ar siúl tar éis ranganna rialta nó tar éis na hoibre. Fágann sé sin gur rogha mhaith é freisin dóibh siúd ar mian leo a gcuid oibre múinteoireachta a dhéanamh agus gealltanais eile á gcur san áireamh (amhail post páirtaimseartha eile, freagrachtaí cúraim, nó taisteal), agus dóibh siúd freisin ar mian leo a bheith ag obair go cianda (ar líne). Má roghnaíonn tú a bheith i do theagascóir ar líne, buntáiste breise is ea nach bhfuil teorainn ama nó tíreolaíochta ort. Osclaíonn sé seo do chuid seirbhísí do bhonn custaiméirí i bhfad níos leithne.

4. Fáilteachas

Tá 3.3 milliún duine fostaithe san AE sna trí thionscal a bhraitheann beagnach go hiomlán ar thurasóireacht (lóistín, gníomhaireachtaí taistil/tionscnóirí turas, aeriompar), agus tá borradh mór faoin éileamh orthu tar éis COVID-19. Teastaíonn cainteoirí dátheangacha ó óstáin, ó ionaid saoire agus ó áiteanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu chun cumarsáid a dhéanamh le cuairteoirí ó gach cearn den domhan. Áirítear leis sin róil amhail fáilteoirí óstáin, foireann freastail agus foireann bheár, foireann chábáin, treoraithe turas agus teagascóirí spóirt amuigh faoin aer.

5. Acmhainní daonna/earcaíocht

Trí speisialtóirí ilteangacha acmhainní daonna a úsáid, bíonn i bhfad níos mó deiseanna ag cuideachtaí maidir le hearcaíocht, de thairbhe go mbíonn siad in ann iarrthóirí ó thíortha eile agus ó chultúir eile a chur faoi agallamh agus iad a fhostú. Tá sé seo úsáideach go háirithe i gcás cuideachtaí atá ag fás ar fud an domhain. Is gnách go mbíonn earcaitheoirí ilteangacha níos eolaí ó thaobh cultúir de freisin, rud atá tábhachtach chun idirdhealú a sheachaint agus chun áit oibre éagsúil a spreagadh.

I gcomhpháirtíocht le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.