‘B’aisling dom i gcónaí oibriú thar lear’
Nuair a chuaigh mac léinn turasóireachta Julia chuig Lá Gairme EURES a eagraíodh i gcampas Ollscoil na nEolaíochtaí Feidhmeacha Satakunta, in iardheisceart na Fionlainne, ní raibh a fhios aici go mbeadh tús á chur le turas a chuirfeadh cor ina saol.
‘Chinn mé go mbeinn ag dul agus go mbainfinn triail as toisc gurbh é m’aisling i gcónaí bheith ag obair thar lear,’ arsa an Fionlannach óg.
Dhá sheachtain tar éis di labhairt le Comhairleoirí EURES Éireann ag an ócáid, fuair Julia ríomhphost uathu faoi shocrúcháin oibre do mhic léinn Fionlannacha ag grúpa óstáin in Éirinn. 'Bhí mé ag tréimhse i mo shaol nuair a bhí athrú ar an timpeallacht agus ar an stíl mhaireachtála de dhíth orm. Ní raibh aon rud ag stopadh dom, mar sin shíl mé gurbh í an tréimhse cheart rud éigin mar sin a dhéanamh.'
Ba mhac léinn cócaireachta é Tuomas a bhí ag iarraidh taithí ghairmiúil idirnáisiúnta a fháil. ‘Nuair a chuala mé faoin deis dul ag obair thar lear, chláraigh mé láithreach bonn,’ arsa an cócaire óg faoi oiliúint.
D' fhoghlaim Tuomas faoi EURES óna mhúinteoir Jukka Mäkinen, a spreag é chun iarratas a dhéanamh agus a thug comhairle dó maidir leis na ceisteanna cearta a bhí le cur aige.
‘Bhí sé an-spreagúil dul thar lear den chéad uair riamh,’ a deir an mac léinn óg cócaireachta.
Tá Julia agus Tuomas an-sásta leis an tacaíocht a fuair siad óna gComhairleoirí EURES san Fhionlainn, daoine a chabhraigh leo a gcuid doiciméad oibre a réiteach agus a thug leideanna praiticiúla dóibh agus iad ag cur isteach ar chúnamh airgeadais ón AE.
‘Deis mhaith chun foghlaim ar bhealach nua spreagúil’
Mar fháilteoir in Sheraton Athlone Hotel (Óstán Sheraton, Baile Átha Luain), bhí Julia freagrach as na haíonna uile a sheiceáil isteach agus amach, an guthán a fhreagairt, áirithintí a bhainistiú, freagraí a thabhairt ar iarratais ó aíonna, billeáil, ard-díol, tacsaithe a chur in áirithe agus eolas a chur ar fáil do thurasóirí. 'Fuair mé go raibh feabhas mór tagtha ar mo chuid Béarla. Creidim gur éirigh mé níos muiníní agus ar mo shuaimhneas agus mé ag déileáil le custaiméirí.'
Le linn a shocrúcháin oibre, d’oibrigh Tuomas i gcistin Hodson Bay Hotel (Óstán Hodson Bay), i lár na hÉireann, áit a bhfuair sé eolas ar chócaireacht na hÉireann, d‘fhoghlaim sé teicnící cócaireachta nua, agus d’fheabhsaigh sé a scileanna cumarsáide. ‘Molaim go mór páirt a ghlacadh sa chlár seo mar is deis iontach é foghlaim ar bhealach nua, spreagúil,’ arsa an cócaire óg.
‘Taithí iontach le cuimhneamh orthu’
Deir an bheirt Fhionlannach le muinín nach raibh an taithí a fuair siad ar EURES go hiontach dá ngairmeacha beatha amháin – ach chabhraigh sé leo fás mar dhaoine agus cuimhní a dhéanamh don saol. ‘Ba choir do gach duine iarracht a dhéanamh as obair thar lear,’ a mholann Julia. ‘Foghlaimítear an oiread sin agus faightear léargas nua ar chúrsaí.’ Meabhraíonn Toumas go ceanúil: ‘Bhí mo shocrúchán in Éirinn iontach agus dodhearmadta!’
Rud fíor-luachmhar eile a fuair an bheirt mhac léinn le linn a dtréimhse thar lear ná an muintearas. Rinne Tuomas cairdeas lena chomrádaí seomra agus comhghleacaí Jaïro, duine a mbíonn teagmháil aige leis fós. An tráth sin, bhuail Julia lena buachaill Stephen, agus tá an bheirt ag smaoineamh ar ghnólacht leaba agus bricfeasta a bhunú sa todhchaí.
Is líonra de sheirbhísí fostaíochta é EURES a chlúdaíonn gach tír AE chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. Tuilleadh eolais faoin méid a dhéanann EURES.
Naisc ghaolmhara:
Cad is féidir le EURES a dhéanamh duitse?
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 5 Márta 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
- Cleachtas is fearr EURES
- oiliúint EURES
- Geallsealbhóirí seachtracha
- Scéalta ratha
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles