Na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair thar lear
Anseo in EURES, tá saineolas againn ar an tsoghluaisteacht ó phost go chéile. Bíonn go leor tairbhe le baint as bheith ag obair thar lear: is féidir leis cabhrú meonta nua a chur ar do shúile duit, cabhrú leat teanga nua a fhoghlaim agus do scileanna cumarsáide a fheabhsú, agus cabhrú leat do líonra gairmiúil a leathnú thar lear. I gcás daoine óga go háirithe, tugann sé an deis dóibh taithí oibre luachmhar a fháil i dtimpeallacht idirnáisiúnta. Cibé an socróidh tú fanacht i do chónaí agus ag obair i do thír nua nó filleadh abhaile agus breis taithí ar do CV, is féidir leis an am a chaitheann tú thar lear cabhrú leat tús spreagúil a chur le do ghairm bheatha.
Ábhar úsáideach léitheoireachta ar Thairseach Eorpach na hÓige
Más duine óg thú ar spéis leat a bheith ag obair thar lear san Aontas Eorpach, is mol úsáideach acmhainní ar líne í Tairseach Eorpach na hÓige. Tá faisnéis ar an tairseach sin ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal tíre faoi dheiseanna agus faoi thionscnaimh ar díol spéise iad do dhaoine óga atá ina gcónaí, ag foghlaim agus ag obair san Eoraip. Go háirithe, tá go leor ábhar léitheoireachta den scoth ar an leathanach Obair a dhéanamh sa rannán ‘Téigh go tír eile’ den suíomh gréasáin. Tá naisc ansin chuig faisnéis faoi dheiseanna oibre eile i dtíortha éagsúla de chuid an Aontais agus scéalta spreagúla faoi Eorpaigh óga eile a bhí ag cónaí agus ag obair thar lear. Tá naisc sa rannán sin chuig ailt chabhracha ar thopaicí ar nós aitheantas a bhaint amach do do chuid scileanna thar lear. Cumhdaítear topaicí níos sonraí ann freisin amhail a bheith ag obair mar au pair thar lear agus deiseanna soghluaisteachta d’ealaíontóirí.
Acmhainní úsáideacha eile: Féach ar shuíomh gréasáin EYY2022
Más spéis leat tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna do dhaoine óga san Aontas Eorpach, léigh na hailt uainn roimhe seo maidir le cúrsaí oiliúna agus obair dheonach. Tá rannáin úsáideacha ar Thairseach Eorpach na hÓige freisin maidir le staidéar, taisteal agus malartuithe scoile agus malartuithe don óige. Trí leas a bhaint as na hacmhainní cabhracha sin do chuardaitheoirí poist óga, in éineacht leo siúd atá ar fáil díreach anseo ar thairseach EURES, is féidir leat an chabhair agus an tacaíocht ar fad a theastaíonn uait a aimsiú chun tabhairt faoi ghairm thar lear san Eoraip. Chomh maith le Tairseach Eorpach na hÓige, tá suíomh gréasáin tiomnaithe EYY2022 ann freisin, ar a bhfuil faisnéis faoi ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl san Eoraip i gcomhthéacs EYY2022, naisc le cláir éagsúla de chuid an Aontais agus deiseanna maoinithe don óige, agus ailt agus scéalta spreagúla a scríobh Eorpaigh óga. Caith súil air inniu agus bain spreagadh as.
Má tá post thar lear á lorg agat, cuimhnigh gur féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir EURES ag am ar bith agus na milliúin folúntas a bhrabhsáil anseo ar thairseach EURES.
Naisc ghaolmhara:
Na 7 dtairbhe is mó a bhaineann le bheith ag maireachtáil agus ag obair thar lear
Tairseach Eorpach na hÓige: Obair a dhéanamh
Tairseach Eorpach na hÓige: Scéalta
Aitheantas do do scileanna i ngach tír Eorpach
Oibrigh mar au pair thar lear – más breá leat a bheith ag obair le leanaí
Deiseanna soghluaisteachta d'ealaíontóirí
Bliain Eorpach na hÓige: Cúrsaí Oiliúna
Bliain Eorpach na hÓige: Obair dheonach
Tairseach Eorpach na hÓige: Staidéar a dhéanamh
Tairseach Eorpach na hÓige: Taisteal
Tairseach Eorpach na hÓige: Malartuithe scoile agus malartuithe don óige
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 22 Iúil 2022
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles