Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta29 Feabhra 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Tá EURES 30 bliain ar an bhfód!

An raibh a fhios agat go bhfuil EURES ag meaitseáil cuardaitheoirí poist le fostóirí san Eoraip ó 1994 i leith? Faigh amach faoin bhfeachtas 12 mhí agus glac páirt sa cheiliúradh.

EURES turns 30!
Photo credit: EURES

Leis an bhfeachtas atá dírithe ar ‘Obair chóir a dhéanamh áit ar bith san Eoraip’, leagtar béim ar sheasamh EURES mar phríomhuirlis d’earcaíocht agus do shocrúcháin oibre Eorpacha agus trasteorann, agus dírítear go háirithe ar na buntáistí a bhaineann lena sheirbhísí líonra do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí Eorpacha.

Déantar machnamh mar chuid den cheiliúradh ar éachtaí agus ar thionchar EURES, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá aige maidir le cuardaitheoirí poist agus fostóirí araon a chumhachtú, agus ar a bhfuil i ndán dó amach anseo. Deimhnítear leis athléimneacht agus éifeachtacht líonra ní hamháin a sheasann an aimsir ach a bhfuil rath air freisin maidir le comhar trasteorann a éascú agus saorghluaiseacht tallainne a áirithiú ar fud an Aontais.

Bunaíodh EURES a bhuí le tiomantas an Aontais do shaorghluaiseacht an lucht saothair. Ó 1994 go dtí an lá atá inniu ann, sháraigh líonra EURES bacainní ar fhostaíocht trí rochtain ar phoist thar theorainneacha a éascú do chuardaitheoirí poist agus trí fhaisnéis leanúnach agus iontaofa a chur ar fáil faoin margadh fostaíochta náisiúnta agus faoi dhálaí maireachtála agus oibre.

Creideann EURES go gcuirfeadh margadh saothair dinimiciúil agus comhtháite ní hamháin le hionchais ghairme aonair ach go gcuirfeadh sé freisin le forbairt chomhchuí gheilleagar na hEorpa trí fhíorfhórsa saothair Eorpach a chruthú a thabharfadh nuálaíocht do chuideachtaí.

Dar le Cosmin Boiangiu, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA), gníomhaireacht an Aontais atá i mbun EURES a chomhordú ó 2021, is mar seo a leanas is fearr a chuirfí síos ar an líonra: “D’fhéadfaí EURES a chur i gcomparáid le gairmí óg 30 bliain d’aois a bhfuil an saol ar a dtoil acu. Is líonra fairsing daoine é EURES a nascann 31 áit éagsúil san Eoraip, agus atá tógtha ar thríocha bliain de chomhoibriú, mar aon le go leor scéalta faoi chuardaitheoirí poist a bhog thar lear ar thóir oibre agus na fostóirí a d’earcaigh iad. Cuimsíonn EURES bunphrionsabal an Aontais Eorpaigh: an tsaoirse chun obair a dhéanamh agus chun cónaí áit ar bith sna tíortha rannpháirteacha.”

Coinneáil leis an aimsir

Le himeacht na mblianta, tá EURES tar éis forbairt de réir chineál luaineach mhargadh saothair na hEorpa, agus é curtha in oiriúint do dhúshláin agus do réaltachtaí atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás an digitiú, an méadú atá ag teacht ar líon na rannpháirtithe saothair san Eoraip, an ghéarchéim airgeadais agus an phaindéim. In 2016, osclaíodh an líonra do Chomhaltaí agus do Chomhpháirtithe agus tá sé á chur in oiriúint de réir a chéile do bhealaí nua chun daoine a earcú agus do threochtaí sa mhargadh saothair.

Tugadh isteach nuálaíochtaí teicniúla lena léirítear an tseirbhís uathúil d’fhostaíocht san Eoraip a bhíonn EURES a sholáthar:

  • Cabhraíonninneall meaitseála thairseach EURES le fostóirí a n‑iarrthóirí idéalacha a aimsiú in ainneoin teanga, trí scileanna a mheaitseáil i dtíortha éagsúla.
  • Laethanta Fostaíochta Eorpacha Ar Líne, imeachtaí earcaíochta agus faisnéise ar líne lena n‑éascaítear agallaimh phoist ar an toirt.
  • Déan comhrá ar líne le Comhairleoirí EURES in aon tír, ionas gur féidir le haon chuardaitheoir poist nó fostóir bualadh le Comhairleoirí EURES i dtíortha eile.
  • Athlonnú a éascú go hiomlán.
  • Cuidiú le bacainní riaracháin ó thaobh scoileanna, cúrsaí baincéireachta, cúrsaí cánachais, etc.

EURES: De réir uimhreacha

  • 4.5 milliún+ post fógartha (tairseach EURES)
  • 1 mhilliún+ CV cláraithe (tairseach EURES)
  • 1,000+ Comhairleoir EURES agus baill foirne eile
  • Clúdaíonn seirbhísí 31 tír Eorpacha (27 mBallstát den Aontas Eorpach, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis)
  • D’éascaigh EURES naisc le 5.5 milliún oibrí agus beagnach 400,000 fostóir (ó 2020 go 2022)

Tar éis tríocha bliain gníomhach, leanfaidh EURES de ról ábhartha a imirt ó thaobh tírdhreach fostaíochta na hEorpa a mhúnlú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fheachtas EURES30 téigh chuig europa.eu/eures30.

Le linn an fheachtais, beidh EURES ag postáil ar na meáin shóisialta ag úsáid #EURES30 in éineacht leis an ngnáth-haischlib #EURESjobs.

Chun faisnéis níos ginearálta a fháil faoin bhfeachtas, nó faoi aon iarratas sonrach ar ábhar, seol ríomhphost chuig EURES ag pressatela [dot] europa [dot] eu (press[at]ela[dot]europa[dot]eu).

 

Naisc ghaolmhara:

Feachtas EURES30

Tairseach EURES

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

 

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • EURES30
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht inmheánach EURES
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.