Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta19 Deireadh Fómhair 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Conas glacadh leis na cúig chineál de shiondróm an phasadóra agus conas an lámh in uachtar a fháil orthu

Is féidir le siondróm an phasadóra an-dochar a dhéanamh ní hamháin don mheas atá agat ort féin ach do do mhuinín ag an obair chomh maith. San alt seo, féachaimid ar na cúig chineál de shiondróm an phasadóra mar aon leis gcaoi ar féidir leat glacadh leis agus an lámh in uachtar a fháil air chun do bheith in ann do chumas iomlán a bhaint amach.

Embrace and overcome the five types of imposter syndrome

An Sárlaoch

Glacann Sárlaochra chucu féin é a bheith ag obair níos crua ná aon duine eile. Is gnách leo a chreidiúint go gcaithfidh siad a bheith ar an té is díograisí nó ar an duine a bhaineann amach na leibhéil is airde ghnóthachtála i gcónaí. Ar na saolta seo, cuirtear béim i gcónaí ar an táirgiúlacht agus is féidir le Sárlaochra dul thar cailc leis sin.

Más féidir leat tú féin a shamhlú leis an Sárlaoch, b’fhéidir go mbeadh sé deacair duit tascanna a tharmligean nó cabhair a iarraidh nuair ba ghá. Aithin nach gá duit glacadh leis an ualach tabhairt faoi gach rud a dhéanamh as do chonlán féin. Cabhróidh sé seo leat an tnáitheadh a sheachaint agus do leibhéil struis a laghdú. Déan iarracht a mheabhrú duit féin nár chóir go mbeadh nasc idir d’fhéinmhuinín agus do tháirgiúlacht. Tóg sosanna rialta agus tabhair tús áite do d’fholláine mheabhrach nuair is gá.

An Foirfeoir

Is gnách le Foirfeoirí caighdeáin a leagan síos dóibh féin a bhíonn thar a bheith ard, agus neamhréalaíoch leis. Nuair nach féidir leo na caighdeáin sin a chomhlíonadh, déanann siad a bhfiúntas féin a cheistiú.

Más féidir leat tú féin a shamhlú leis an bhFoirfeoir, aithin gur féidir le d’fhoirfeachtachas a bheith ina bhua agus ina laige araon. Déan iarracht chomhfhiosach spriocanna réalaíocha atá inláimhsithe agus indéanta a leagan síos. Go minic, creideann Foirfeoirí gurb é an ceann scríbe an t‑aon rud atá fiúntach. Ina ionad sin, déan ceiliúradh ar gach rath agus ar gach garsprioc, is cuma cé chomh beag d’fhéadfadh siad a bheith.

An tIndibhidiúlaí

Is minic a bhraitheann Indibhidiúlaithe nach leosan an rath mura ndéanann siad rud éigin ina n‑aonar gan chabhair a fháil ó aon duine eile. Creideann siad go gcaithfidh a gcuid scileanna agus a gcuid taithí a bheith neamhleor má bhíonn orthu cabhair a iarraidh.

Más féidir leat tú féin a shamhlú leis an Idibhidiúlaí, cuimhnigh nach comhartha laige é cabhair a fháil. Bíonn an comhar de dhíth le haghaidh roinnt mhaith tascanna, agus is féidir leat an obair is fearr is féidir a dhéanamh a bhuí le hionchur agus le saineolas daoine eile. Agus tú ag foghlaim ó dhaoine eile, cabhróidh sé leat a bheith ag fás agus a bheith in ann feabhas a chur ar do chuid scileanna.

An Té Ardéirime

Is ionann an Té Ardéirime agus duine ar tháinig gach rud i gcónaí go réidh leo. Nuair a thagann dúshláin agus deacrachtaí chun cinn orthu agus iad fásta aníos, is minic a bhraitheann siad gur caimiléirí iad ós rud é nach bhfuil an athléimneacht cothaithe acu iontu féin le go mbeidh muinín acu iontu féin gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin.

Más féidir leat tú féin a shamhlú leis an Té Ardéirime, bíodh a fhios agat go bhfuil sé ceart go leor gan barr a bhreith ar gach duine i ngach réimse den saol, go háirithe den chéad uair a dhéanann tú é. Ní rud socraithe é an éirim – is féidir leat do scileanna a fhorbairt trí iarracht agus trí chleachtas. Ná bíodh faitíos ort go mbeidh deacrachtaí agat le rudaí áirithe a dhéanamh, go háirithe agus tú ag tabhairt fúthu den chéad uair. Is cuid nádúrtha den saol í sin, mar sin tapaigh an deis chun foghlaim uaithi agus chun bheith in ann fás a bhuí léi.

An Saineolaí

Go minic, bíonn sé de nós ag Saineolaithe a chreidiúint gur gá dóibh méid suntasach ama a chaitheamh ag díriú ar thaighde sular féidir leo tús a chur le tasc. Is féidir leis sin difear a dhéanamh do do tháirgiúlacht, do do chumas tascanna a chríochnú agus don mhuinín atá agat as rudaí nua a thriail.

Más féidir leat tú féin a shamhlú leis an Saineolaí, bí cinnte go n‑aithníonn tú na scileanna atá agat cheana féin – bíonn cúis mhaith ann gur n‑iarrtar ort tasc ar leith a ghlacadh chugat féin. Ní hionann a bheith i do Shaineolaí agus gur gá duit a bheith eolach ar gach rud, ach go bhfuil tuiscint shuntasach agat ar an ábhar. Ná bíodh eagla ort faoi aon bhearnaí eolais atá agat. Ina ionad sin, bain úsáid astu mar dheis chun teagmháil a dhéanamh le daoine eile i do fhoireann agus chun comhoibriú le chéile chun teacht ar réiteach.

Chun comhairle a fháil maidir le conas dul i ngleic le siondróm an phasadóra, féach ar ár n‑alt ‘Ceithre riail órga chun déileáil le siondróm an phasadóra san ionad oibre’.

 

Naisc ghaolmhara:

Ceithre riail órga chun déileáil le siondróm an phasadóra san ionad oibre

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.