Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta9 Meitheamh 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Mianta móra a bhaint amach le EURES Scéal Gaëlle Delvaux

Tar éis di céim a bhaint amach i Stair na hEalaíne, chinn Gaëlle, atá 31 bliain d’aois, an dúspéis atá aici i mbia sláintiúil a shaothrú agus a éirí ina chef. Faigh amach conas a chabhraigh Comhairleoirí EURES dár gcuid le Gaëlle mian a croí a bhaint amach agus taithí idirnáisiúnta a ghnóthú i mbialann mór le rá a bhfuil réaltaí Michelin aici.

Dreaming big with EURES: The story of Gaëlle Delvaux
Shutterstock

Is féidir le bia sláintiúil an domhan a shábháil

Tráth a bhain Gaëlle céim amach as Saor-Ollscoil na Bruiséile, níorbh eol di go dtabharfadh sí faoi chonair gairme cócaireachta roimh i bhfad. Tá dúspéis ag an mbean óg seo sa chócaireacht ó bhí sí óg, áfach. Sular éirigh sí ina chef, d’ullmhaigh sí bia le haghaidh tionóil bheaga daoine, amhail searmanais chomórtha bliana. An príomhrud a spreag í bia a ullmhú, áfach, ba ea an creideamh atá aici gur féidir leis an mbia “an domhan a shábháil”.

“Déanann an dóigh a n-ithimid difear don dóigh a bhfásaimid glasraí agus don dóigh a gcaithimid leis an ithir agus leis an gcomhshaol. Ba mhaith liom cabhrú le daoine bia áitiúil séasúrach a ithe,” arsa Gaëlle.

Bíodh uaillmhianta ag an duine

Nuair a chinn Gaëlle gur mhaith léi tús a chur le gairm mar chef, b’eol di cé chomh tábhachtach is a bheadh sé roinnt taithí idirnáisiúnta a ghnóthú. Anuas air sin, ní raibh sí drogallach mianta móra a shocrú di féin.

“Ba é mian mo chroí é oibriú in Noma, ar bialann cháiliúil í i gCóbanhávan, an Danmhairg. Tá cáil ar an mbialann ar fud an domhain. Tá dhá réalta Michelin aici freisin. Dá bhrí sin, léiriú mór ratha domsa ba ea an fhíric go bhfuair mé post inti.”

Cabhair a fháil ó EURES

Ba ag an am sin a chuaigh an chef óg i dteagmháil le Comhairleoirí EURES ag Actiris International − rannóg soghluaisteachta idirnáisiúnta na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí do réigiún na Bruiséile. D’ainneoin na cabhrach a fuair sí, b’eol do Gaëlle fós gur fúithi féin a bheadh sé.

“Thug mo Chomhairleoir de chuid EURES cabhair iontach dom. B’eol dom, áfach, gur mise a bheadh freagrach as nithe a chur ar aghaidh. Rinne mé teagmháil le bialanna agus chuir mé agallaimh in áirithe. Ar deireadh, roghnaíodh mé chun intéirneacht a chur isteach in Noma.”

Tá Gaëlle den tuairim nach mbeadh sí in ann tabhairt faoina hintéirneacht murach an cúnamh airgeadais a fuair sí ó Actiris International. “Bíonn sé measartha costasach maireachtáil sa Danmhairg. A bhuí leis an liúntas airgeadais a fuair mé ó EURES, bhí mé in ann mo chaighdeán maireachtála a chothabháil, rud a bhí an-tábhachtach dom.”

Níl aon rud dodhéanta

Oibríonn Gaëlle anois mar phríomh-chef i mbialann i bPáras. Agus í ag féachaint siar ar a heispéireas i dtír eile, deir sí go bhfuil a lán foghlamtha aici.

“Ceann de na ceachtanna ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé ba ea conas obair go maith i bhfoireann agus conas eolas a chomhroinnt le dea-thoil. Tháinig feabhas as cuimse ar mo scileanna cruthaitheachta. Tuigim anois gur féidir liom tabhairt anois faoi na nithe a mbíodh cuma dhodhéanta, neamhfhéideartha nó róchasta orthu roimhe sin. Tá an-bhród orm as mo CV freisin. Tá sé i bhfad níos iomaíche anois toisc go bhfuil taithí oibre idirnáisiúnta agam.”

An bhfuil fonn ort dul ag eachtraíocht i dtír eile?  Beag beann ar an bpaindéim, tá Comhairleoirí EURES réidh le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist ionas gur féidir leo deiseanna a aimsiú ar fud na hEorpa. Téigh i dteagmháil le deasc chabhrach EURES chun tús a chur leis an bpróiseas inniu

 

Naisc ghaolmhara:

Actiris International

Téigh i dteagmháil le deasc chabhrach EURES

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Cleachtas is fearr EURES
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.