Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta24 Samhain 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Ar seachrán agus tú ag obair ón mbaile? Seo an dóigh le fáil réidh le seachráin

Anois agus go leor againn ag obair go cianda ar feadh ar a laghad cuid den am, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach an chothromaíocht a aimsiú idir obair agus seachrán sa bhaile. San alt seo, cabhróimid leat seachráin a aithint agus roinnfimid comhairle maidir leis an dóigh le fáil réidh leo chomh maith.

Distracted when working from home? Here is how to remove distractions

Faigh réidh le seachráin fhollasacha

In ainneoin gur cosúil go bhfuil sé simplí go leor, is é an chéad chéim le glacadh chun dul i ngleic le seachrán ná cosc a chur ort féin moilleadóireacht a dhéanamh. Bain as do thimpeallacht oibre na rudaí a chuirfidh ar seachrán go furasta thú, cuir i gcás fóin phóca, ríomhairí pearsanta nó teilifíseáin. Is féidir iad a chur as radharc nó d’obair a dhéanamh i seomra eile chun cabhrú leat diúltú don chathú an obair a chur ar an méar fhada.

Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh idirghníomhaíochtaí le do theaghlach nó le do chomrádaithe tí tú a chur ar seachrán ó do phost. Déan iarracht teorainneacha a shocrú trína chinntiú go dtuigeann iad siúd lena bhfuil tú i do chónaí do chuid uaireanta oibre agus an gá atá le spás oibre ciúin gan aon bhriseadh isteach.

Faigh réidh le seachráin fholaithe

D’fhéadfadh rudaí ar leith sa ghnáthspás oibre baile a bheith ina seachráin. Cé go dtuigtear go minic go gcuireann dara scáileán a bheith agat leis an táirgiúlacht, d’fhéadfadh sé sin tú a chur ar seachrán más rud é nach n‑úsáideann tú go héifeachtach é. Mar shampla, is féidir le doiciméad neamhghníomhach nó bosca isteach ríomhphoist gnóthach seachrán a chur ort. D’fhéadfadh sé go gcuirfí ar seachrán thú má bhíonn ceapa nótaí, pinn nó nótaí greamaitheacha timpeall ar do scáileán freisin, mar sin smaoinigh ar do scáileán a bhaint agus aon tranglam nach bhfuil gá leis a bhaint ó ón deasc nuair is gá duit díriú isteach ar thasc.

Dún bogearraí nach bhfuil in úsáid agat

Má theastaíonn an dara scáileán uait, déan cinnte go ndúnann tú aon bhogearra nó aon doiciméad nach bhfuil in úsáid agat don tasc atá idir lámha agat. Cuidíonn sé seo le do spás oibre digiteach a choinneáil glan agus d’aird a choinneáil ar chúrsaí chun a chinntiú gur féidir leat an t‑eolas a theastaíonn uait a aimsiú.

Cruthaigh spás oibre tiomnaithe

Bealach fóinteach chun seachráin a bhaint is ea athchóiriú a dhéanamh ar do sheomra chun go mbeidh tú in ann a bheith níos dírithe ar an obair. Bain triail as spás oibre tiomnaithe de chineál éigin a chruthú sa bhaile, fiú amháin más rud é nach bhfuil seomra ar leith agat le haghaidh d’oifige baile. Trí ríomhaire a chur ar dheasc nó ar bhord is féidir an spás sin a mharcáil mar spás le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair – tá sé chomh simplí leis sin! D’fhéadfadh an cleas meabhrach seo d’fhócas agus do tháirgiúlacht a fheabhsú.

Déan spás maireachtála den spás oibre ag deireadh an lae oibre

Ní hionann deireadh an lae oibre agus deireadh an tsocraithe seo. Tá sé tábhachtach do spás oibre tiomanta a iompú ina thimpeallacht bhaile arís nuair a chríochnaíonn tú do chuid oibre. Is éard atá i gceist leis sin trealamh oibre a chur i leataobh, rud atá ríthábhachtach i gcás spásanna maireachtála beaga nó comhroinnte. Cuidíonn sé seo leat scoilt mheabhrach a chruthú idir obair agus scíth, agus lena chinntiú nach gcuireann an obair isteach ar do chuid ama fóillíochta. Tá an chothromaíocht seo ríthábhachtach chun táirgiúlacht a chinntiú agus chun an tnáitheadh a chosc.

Bain úsáid as cluasáin agus éist le ceol clasaiceach

Is léir na buntáistí a bhaineann le bheith ag éisteacht le ceol clasaiceach agus tú i mbun oibre, agus tuairiscíonn go leor saineolaithe go gcabhraíonn sí sin leat d’aird a dhíriú agus go méadaítear léi an táirgiúlacht. Is féidir le cluasáin a bheith ina n‑uirlis úsáideach freisin chun torann agus chun seachráin a chosc, go háirithe i dtimpeallacht ghnóthach bhaile.

Bí sláintiúil

Is féidir le hobair a chur i gcrích ag an deasc ar feadh tréimhse fhada a bheith ina chúis le pian sa mhuineál, sna guaillí agus in íochtar an droma mura mbíonn tú ag searradh. Anuas ar mhíchompord agus tuirse, is féidir leis sin leadrán a chur ort má fhanann tú i do shuí ag an deasc. Chun gortuithe a chosc, bíodh do shláinte mar thosaíocht agat agus cuir le d’éifeachtúlacht. Seas suas le haghaidh sosanna rialta chun do chorp a shearradh, bí ag ól uisce agus téigh amuigh chun aer úr a fháil. Nuair a fhillfidh tú ar do dheasc, beidh brí agus beocht ionat agus beidh an misneach agat chun obair a dhéanamh.

Le haghaidh tuilleadh leideanna chun cabhrú leat rath a bheith ort i saol nua-aimseartha na hoibre, féach ar ár n‑alt Conas do tháirgiúlacht ag an obair a mhéadú.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas do tháirgiúlacht ag an obair a mhéadú

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.