Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta12 Aibreán 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Aire a thabhairt do dhaoine scothaosta sa Ghearmáin: Scéal Sara agus Aitor

Cosúil le cuid mhór tíortha eile AE, tá ganntanas cúramóirí cáilithe do dhaoine scothaosta sa Ghearmáin le blianta fada anuas. Chinn EURES na Gearmáine aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sin trí thionscadal ina gcomhcheanglaítear an obair agus an ghairmoiliúint le chéile san earnáil cúraim gheiriatraigh. Ba iad Sara agus Aitor beirt de na rannpháirtithe sa tionscadal sin.

Caring for older people in Germany: Sara and Aitor’s story
Sara Campillo Margalef

Nuair a rinne Sara iarratas chuig tionscadal cáilíochtaí idirnáisiúnta EURES na Gearmáine, ní raibh taithí aici roimhe ar obair i gcúram geiriatrach. “Theastaigh athrú ollmhór uaim ag an am sin i mo shaol,” arsa sise. “Bhí spéis agam i ngairm an chúraim gheiriatraigh. Thaitin go mór liom an smaoineamh go mbeinn in ann cabhair a thabhairt do dhaoine óna dteastaíonn an chabhair sin.”

Agallaimh “gheandála gasta”

Ar dtús, ghlac Sara páirt in agallaimh de chineál geandála gasta le naoi saoráid cúraim gheiriatraigh in Amberg, an Bhaváir. Thug Carmen Kräutner, Comhairleoir de chuid EURES, tacaíocht aistriúcháin le linn na n-agallamh. Agus í ar dhuine de na príomhdhaoine taobh thiar den tionscadal, tá dlúthchaidreamh ag Carmen le EURES na Spáinne a bhuí leis an gcúlra dátheangach atá aici.

“Is breá liom a bheith ag tacú leis an tsoghluaisteacht agus ag cabhrú le réitigh mhaithe a bhaint amach do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí agus – i réimse an chúraim gheiriatraigh – don tsochaí freisin,” arsa Carmen.

Socraíonn Sara isteach sa saol sa Ghearmáin… agus buaileann sí le Aitor

Tar éis di tairiscint poist a fháil, rinne Sara bunchúrsa Gearmáinise sa Spáinn sular aistrigh sí chun na Gearmáine chun tabhairt faoi chúrsa imeasctha i mí Feabhra 2019. Fuair sí tacaíocht airgeadais chun a costais taistil a chumhdach freisin. Shocraigh Sara go tapa isteach in Amberg, áit ar bhuail sí le Aitor, duine a bheadh ina pháirtnéir aici. Cé gur oibrigh Aitor sa chúram geiriatrach roimhe sin sa Spáinn, a thír dhúchais, bhí sé ag obair ar chonarthaí sealadacha den chuid is mó agus bhí cobhsaíocht in easnamh ar an obair sin.

Nuair a chuala sé faoin tionscadal seo de chuid EURES na Gearmáine trí sheirbhís fostaíochta phoiblí sa Spáinn, chinn Aitor páirt a ghlacadh san imeacht geandála gasta sa Bhaváir. Cosúil le Sara, fuair sé tacaíocht airgeadais chun costais taistil agus costais chúrsa teanga a chumhdach.

Tar éis dó aistriú go Amberg, áit a gcomhroinneann sé árasán le Sara anois, thosaigh Aitor ag obair i dteach cúraim Phönix Lebenszentren, agus é ag tabhairt faoi chúrsa gairmoiliúna an tráth céanna.

Tá Sara sa dara bliain dá Ausbildung trí bliana anois, áit a gcomhcheanglaíonn sí a cuid oibre i dteach altranais Seniorenheim der Diakonie le staidéar altranais páirtaimseartha. “Cé go bhfuil sé measartha deacair, go háirithe agus mé ag déanamh staidéir i dteanga nach í mo theanga dhúchais í, sílim gur dúshlán fiúntach é,” arsa sise.

“Táimid fós an-sásta, an-inspreagtha agus an-bhuíoch”

Tá difear ollmhór déanta don earnáil cúraim gheiriatraigh le bliain anuas de dheasca COVID-19. Ní nach ionadh, deir Sara go raibh an tréimhse strusmhar don fhoireann. Cuireadh isteach ar a cuid staidéir de bharr na srianta freisin, cé gur atosaíodh na ranganna ar líne ó shin i leith.

Cé gur cuireadh isteach ar Ausbildung de chuid Aitor freisin, chuir sé tús le páirt a ghlacadh i gcúrsa imeasctha ar líne le déanaí chun feabhas a chur ar a chuid Gearmáinise agus tá dóchas aige filleadh ar a chuid oiliúna go luath.

D’ainneoin na ndeacrachtaí dosheachanta sin, tá rún daingean ag Sara agus Aitor araon leanúint lena gcuid oiliúna agus leas a bhaint as na deiseanna eile atá ar fáil ina n-earnáil sa Ghearmáin.

“Táimid fós an-sásta, an-inspreagtha agus an-bhuíoch go rabhamar in ann teacht anseo chun na Gearmáine chun oibriú agus maireachtáil,” arsa Sara. “Tá an cultúr, an tír agus an teanga difriúil agus ba ghá dúinn oiriúnú do gach rud, ach tá sé beartaithe againn go fóill obair agus dul faoi oiliúint anseo.”

Tá tuilleadh agallaimh gheandála gasta le cur ar siúl sa samhradh

Lean an tionscadal seo de chuid EURES na Gearmáine lena chuid oibre le linn na paindéime. Cé gur cuireadh an dá bhabhta earcaíochta is déanaí ar siúl ar líne, chloígh an tionscadal lena fhormáid dhílis trí gheandáil ghasta fhíorúil a eagrú.

Bhain 18 n-iarrthóir rathúla ón Iodáil agus ón Spáinn an Bhaváir amach chun dul i mbun post i mí Feabhra agus tá 90 iarrthóir eile ag cur cúrsaí Gearmáinise i gcrích ina dtíortha dúchais faoi láthair. Cuirfidh siad tús lena gcuid oibre i mí Mheán Fómhair.

Tá Carmen agus Comh-Chomhairleoirí eile de chuid EURES, Carmen Allabar agus Kim Prade, ag iarraidh an tionscadal a leathnú níos faide ná an Bhaváir anois agus tá siad i dteagmháil le fostóir in Thuringia ina leith sin cheana féin.

Idir an dá linn, tá geandáil ghasta á heagrú acu le haghaidh 90 folúntas eile i séú babhta earcaíochta an tionscadail, atá le cur ar siúl i mí an Mheithimh nó i mí Iúil.

Más spéis leat páirt a ghlacadh sa tionscadal seo, déan teagmháil leis an bhfoireann ach ríomhphost a sheoladh chuig ZAV [dot] Regionenteam-Suedwesteuropaatarbeitsagentur [dot] de (ZAV[dot]Regionenteam-Suedwesteuropa[at]arbeitsagentur[dot]de).

Más spéis leat foghlaim faoi na deiseanna eile atá ann sa Ghearmáin, seol ríomhphost chuig zavatarbeitsagentur [dot] de (zav[at]arbeitsagentur[dot]de).

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Cleachtas is fearr EURES
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Scéalta ratha
  • Óige
Earnáil
  • Human health and social work activities

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.