Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta26 Deireadh Fómhair 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Do ghairm bheatha a thógáil: Conas do chéad phost a fháil in earnáil na tógála

Tá go leor deiseanna nua cruthaithe in earnáil na tógála ag an mborradh faoin gheilleagar glas, ach tá scileanna agus oiliúint ar leith ag teastáil má tá tú chun dul le gairm san earnáil seo. Léigh leat chun ár leideanna maidir le do chéad phost a fháil in earnáil na tógála.

Building your career: How to get your first job in construction

Glac páirt i scéimeanna printíseachta agus i scéimeanna taithí oibre

Teastaíonn scileanna agus oiliúint uathúil chun post a fháil in earnáil na tógála. Má tá tú ag smaoineamh ar phost a fháil san earnáil seo, tá roinnt bealaí ann chun do chuid scileanna a fhorbairt. Is bealach iontach iad printíseachtaí chun oiliúint ar an láthair oibre a fháil agus airgead á thuilleamh agat ag an am céanna. Is féidir leis na scileanna a fhoghlaimeoidh tú cabhrú leat do chéad phost tógála a aimsiú agus, san fhadtéarma, gairm rathúil a bheith agat in earnáil na tógála. Bealach eile chun do scileanna a fhorbairt is ea iad scéimeanna taithí oibre. Bíonn siad níos solúbtha de ghnáth, ach gearrthéarmach leis, go minic. Rogha fhoirfe eile iad dóibh siúd a bhfuil sceidil gnóthach acu cheana féin.

Faigh deimhniú

An-bhealach chun seasamh amach é deimhniú agus oiliúint a fháil sa réimse inar mian leat a bheith ag obair. Tá go leor bealaí éagsúla ann chun oiliúint a fháil agus chun deimhniú a bhaint amach. Tairgeann go leor coláistí oiliúint agus oideachas gairme i réimse na tógála, áit ar féidir leat na bunrudaí a fhoghlaim.

Cuireann scoileanna trádála oiliúint níos speisialaithe ar fáil i réimsí ar leith, amhail innealra casta a fheidhmiú, an táthú agus an tsaoirseacht. Soláthraíonn na cúrsaí seo an oiliúint phraiticiúil a bheidh de dhíth ort chun go mbeidh tú in ann do chéad phost a fháil in earnáil na tógála. Ina theannta sin, gheobhaidh tú deimhniú, rud a d’fhéadfadh a bheith tarraingteach d’fhostóirí féideartha san earnáil.

Ná dearmad aird a tharraingt ar do scileanna boga

Is ríthábhachtach iad scileanna boga agus tú sa tóir ar do chéad phost a bhaint amach in earnáil na tógála. Ní mór do d’fhostóir a fháil amach an tusa an duine ceart dá bhfoireann. Mar sin, ná dearmad aird a tharraingt ar do scileanna boga mar aon le do chumais phraiticiúla a thaispeáint le linn d’agallaimh. Seo roinnt samplaí de scileanna boga atá inaistrithe chuig earnáil na tógála:

  • Tá tábhacht as cuimse ag gabháil le scileanna cumarsáide ar an láithreán tógála. Ní mór duit a bheith in ann éisteacht agus treoracha a thabhairt go tapa agus go cúramach – braitheann do shábháilteacht féin agus sábháilteacht d’fhoirne air.
  • Tá an obair bhuíne ríthábhachtach freisin toisc go mbíonn sí de dhíth i gcás an chuid is mó de phoist in earnáil na tógála. Ba chóir duit samplaí a thabhairt den chaoi ar éirigh leat i dtimpeallacht foirne roimhe seo.
  • Tá an teicneolaíocht ag éirí níos tábhachtaí ó thaobh na caoi a mbímid ag obair de. Is amhlaidh atá sé in earnáil na tógála, mar sin caithfear aird a tharraingt ar do thaithí ar an teicneolaíocht a úsáid san ionad oibre roimhe seo, agus ar aon scileanna teicniúla gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith agat. D’fhéadfá foghlaim faoi na bogearraí agus faoi na cláir is déanaí atá á n‑úsáid in earnáil na tógála agus tú ag ullmhú le haghaidh d’agallaimh.

Bí feiceálach

Fiú agus na scileanna, an oiliúint agus an deimhniú agat le haghaidh do chéad phoist, ní mór go fóill a bheith feiceálach d’fhostóirí féideartha.

Is deis iontach iad aontaí poist chun bheith ag líonrú agus chun bualadh le daoine a oibríonn in earnáil na tógála, agus deis atá iontu fosta tú féin a chur ar an eolas maidir le cuideachtaí éagsúla atá gníomhach san earnáil faoi láthair. Caith leis na himeachtaí sa chaoi is gur shraith mionagallamh a bheadh iontu agus labhair leis an oiread ceannairí tionscail agus fostóirí agus is féidir leat. Is féidir leat teacht ar eolas faoi aontaí poist atá ar na bacáin ar shuíomh gréasáin Laethanta Fostaíochta na hEorpa.

An raibh a fhios agat go bhfuil oibrithe tógála i measc na 15 ghairm bheatha is mó a bhfuil éileamh orthu san Eoraip? Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár n‑alt maidir le ganntanais agus barrachais lucht saothair.

 

Naisc ghaolmhara:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Freagraíonn EURES na ceisteanna is mó atá agat maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair san Eoraip

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Construction

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.