Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta25 Iúil 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Foireann níos láidre a thógáil: Conas díospóidí idir d’fhostaithe a bhainistiú go héifeachtach

Tá sé ríthábhachtach díospóidí idir d’fhostaithe a bhainistiú chun timpeallacht oibre dhearfach a chruthú. Léigh leat le haghaidh bealaí praiticiúla chun coimhlint a láimhseáil agus obair foirne éifeachtach a spreagadh.

Conflict resolution at table - manager stating facts

Trí na straitéisí réitigh coimhlinte seo a chur i bhfeidhm, is féidir leat cabhrú le d’fhoireann a gcuid difríochtaí a láimhseáil ar bhealach níos fearr agus caidrimh oibre níos láidre a fhorbairt.

  1. Spreag cumarsáid oscailte
    Cruthaigh timpeallacht ina mbraitheann fostaithe compordach a gcuid ábhar imní agus a gcuid tuairimí a roinnt. Bí cinnte go mbeidh deis ag gach duine labhairt. Éist lena ndearcthaí, déan iarracht iad a thuiscint, a urramú agus a admháil, gan a bheith dímheasúil. Is féidir le cruinnithe foirne rialta agus cainteanna duine le duine a bheith ina suíomhanna maithe le haghaidh plé oscailte agus macánta.
  1. Bunaigh rialacha agus nósanna imeachta cuideachta agus ardaigh feasacht fúthu
    Mínigh go soiléir do gach fostaí beartais agus nósanna imeachta do chuideachta chun coimhlintí a réiteach. Cinntigh go bhfuil a fhios ag gach duine cad iad na céimeanna is gá a ghlacadh nuair a bhíonn díospóid ann, lena n-áirítear conas agus cathain is ceart í a thuairisciú agus/nó dul i gcomhairle le leibhéil bhainistíochta níos airde.
  1. Cuir oiliúint maidir le bainistiú coimhlintí ar fáil
    Cuir seisiúin oiliúna nó ceardlanna ar fáil d’fhostaithe maidir le coimhlintí a bhainistiú agus a gcuid scileanna cumarsáide a fheabhsú. Trí na huirlisí a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh chun déileáil le díospóidí eatarthu féin, is féidir leat cabhrú leo stop a chur leo éirí níos measa agus timpeallacht oibre níos síochánta a spreagadh.
  1. Spreag ionbhá agus tuiscint
    Cuir cultúr chun cinn ina mbíonn comhbhá ag fostaithe lena chéile agus ina dtuigeann siad a chéile. Spreag iad machnamh a dhéanamh ar dhearcthaí éagsúla agus meas a léiriú ar thuairimí daoine eile. Cuidíonn an meon seo le hatmaisféar comhmheasa agus comhoibrithe a chruthú.
  1. Déan iarracht teacht ar réitigh a rachaidh chun tairbhe gach duine
    In ionad iarracht a dhéanamh argóintí a ‘bhuachan’, spreag d’fhostaithe cur chuige réitigh fadhbanna a ghlacadh. Oibrigh leis na páirtithe a bhfuil baint acu le díospóidí chun teacht ar réitigh chruthaitheacha a chomhlíonann riachtanas gach duine.
  1. Coinnigh taifead ar an bpróiseas réitigh agus déan athbhreithniú air
    Coinnigh súil ar na céimeanna a glacadh chun coimhlintí a réiteach agus tabhair do d’aire na réitigh a comhaontaíodh. Déan measúnú rialta ar cé chomh maith agus atá na réitigh sin ag obair, agus déan coigeartuithe de réir mar is gá chun torthaí níos fearr a bhaint amach sa todhchaí.
  1. Faigh cabhair ó ghairmithe, más gá
    I gcásanna atá thar a bheith casta nó íogair, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú comhairle a lorg ó shaineolaithe acmhainní daonna, ó chomhairleoirí dlí, nó ó speisialtóirí réitigh coimhlinte chun a áirithiú go ndéantar coimhlintí a réiteach go cothrom agus gan chlaontacht.

Ar an iomlán, ní hé an sprioc deireadh a chur le heasaontais laistigh de do chuideachta go hiomlán, ach iad a láimhseáil go cuiditheach. Trí na straitéisí seo a chur i bhfeidhm, is féidir leat deiseanna fáis a dhéanamh de choimhlintí agus foireann níos láidre, níos comhoibríche a chruthú.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
  • Cleachtas is fearr EURES
  • oiliúint EURES
  • Nuacht sheachtrach EURES
  • Geallsealbhóirí seachtracha
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht inmheánach EURES
  • Laethanta Fostaíochta/Imeachtaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Na meáin shóisialta
  • Scéalta ratha
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.