Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta30 Samhain 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach chun tacú le daoine faoi mhíchumas

Ar an 3 Nollaig, déanann an domhan Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas a cheiliúradh. Foghlaim faoin méid a dhéanann an tAontas Eorpach lena chinntiú go mbeidh rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas san Eoraip ar scoileanna, ar fhostaíocht, ar bhonneagair, ar tháirgí agus ar sheirbhísí.

What the EU does to support persons with disabilities

Cé go bhfuil thart ar 87 milliún duine faoi mhíchumas san Aontas, is minic a chaitear ar bhealach neamhchothrom leo nó a dhéantar leithcheal orthu. Tá an ráta fostaíochta i measc daoine faoi mhíchumas go mór faoi bhun mheánráta fostaíochta an Aontais − níl ach 50 % i gceist leis. Rochtain íseal a bhíonn ag na daoine sin ar an oideachas freisin agus níl ardoideachas ach ar níos lú ná 30 % díobh. Ina theannta sin, tá breis agus an ceathrú cuid díobh i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta.

Tá an tAontas ag obair go crua chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí bhearta éagsúla. Tá Ballstáit uile an Aontais tiomanta do shaol daoine faoi mhíchumas a fheabhsú, ag tógáil ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

Sonraítear i bPrionsabal 17 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas tacaíocht ioncaim a fháil lena gcinntítear gur féidir leo maireachtáil faoi dhínit, seirbhísí a fháil lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach i margadh an tsaothair agus sa tsochaí, agus timpeallacht oibre a bheith acu atá curtha in oiriúint dá gcuid riachtanas.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021−2030

I mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair freisin an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021− 2030, straitéis a bhfuil uaillmhian ag baint léi. Is é is aidhm don straitéis féachaint chuige go mbeidh páirt iomlán sa tsochaí ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile san Aontas agus níos faide i gcéin. Bhí an méid atá sa straitéis faoi anáil ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, atá sínithe ag na Ballstáit uile.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021−2030.

An Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta

Agus é ag rannchuidiú leis an straitéis, féachtar chuige leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta go bhfuil rochtain ag cách ar réimse táirgí agus seirbhísí laethúla. Mar chuid den Ionstraim sin, tá go dtí 2025 ag cuideachtaí anois chun a gcuid seirbhísí agus táirgí a chur i gcomhréir le ceanglais choiteanna inrochtaineachta an Aontais.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta .

Cistiú

Cuireann an tAontas deontais bhliantúla ar fáil do roinnt eagraíochtaí Eorpacha i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Is é is aidhm do na deontais cur le hacmhainneacht na n-eagraíochtaí agus é a fhágáil níos éasca acu a bheith rannpháirteach i bpróisis ar leibhéal an Aontais (e.g. tuairimí a thabhairt maidir leis an bhforbairt ar dhlíthe agus beartais an Aontais).

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.

Roghnaigh EURES

Má tá deacrachtaí agat ó thaobh post a aimsiú nó más mian leat post nua a aimsiú, déan teagmháil le Comhairleoir EURES i do thír féin. Agus os cionn 3.9 milliún folúntas fógartha ar EURES, b’fhéidir nach bhfuil ach cúpla clic idir tú féin agus gairm nua.

Téigh chuig an leathanach seo chun tuilleadh a léamh faoin méid a dhéanann an tAontas Eorpach chun tacú le daoine faoi mhíchumas.

 

Naisc ghaolmhara:

An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021− 2030

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Comhairleoir EURES i do thír féin

An Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna

Daoine faoi mhíchumas

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.