Céim 1: Roimh an imeacht líonraithe
Aimsigh an t-imeacht is oiriúnaí duit
Tá a lán imeachtaí líonraithe ann ar féidir leat freastal orthu. Tá an-chuid díobh curtha in oiriúint d’ábhair, tionscail nó tíortha ar leith. Déan cinnte de go roghnaíonn tú imeacht a bhaineann leat agus a bhfuil spéis agat ann le go mbeidh tú in ann do smaointe a phlé leis na daoine a mbuailfidh tú leo lena linn. Dea-phointe tosaithe is ea láithreán gréasáin Laethanta Fostaíochta Eorpacha chun eolas a fháil ar na himeachtaí atá ag teacht anuas.
Ullmhaigh cur i láthair chun tú féin a chur chun cinn
Cé go bhfuil níos mó i gceist le líonrú ná tú féin a chur chun cinn, is dea-smaoineamh é cur i láthair gairid a ullmhú faoina bhfuil ionat agus faoi na dóigheanna a bhféadfá dul chun tairbhe d’fhostóir féideartha. Dírigh ar scileanna agus taithí ábhartha agus ar na buanna uathúla atá agat.
Déan cinnte de gur cothrom le dáta atá do phróifíl ar LinkedIn
Más mian leis na daoine a mbuaileann tú leo tuilleadh faisnéise a fháil fút, is dócha go n-amharcfaidh siad ar do phróifíl ar LinkedIn ar an gcéad dul síos. Má choinníonn tú do phróifíl cothrom le dáta, beidh tú in ann a chinntiú go mbeidh tú ag déanamh an imprisin is fearr agus go dtaispeánfaidh tú do chuid scileanna agus taithí go hiomlán.
Seiceáil an liosta cainteoirí agus daoine a bheidh i láthair (más féidir)
Más eol duit cé a bheidh ag freastal ar an imeacht, beidh tú in ann a phleanáil roimh ré conas a chaithfidh tú do chuid ama. Beidh tú in ann a aithint cé na daoine sonracha ar mhaith leat labhairt leo agus cé na seisiúin shonracha ar mhaith leat freastal orthu. Cabhróidh sé sin leat a chinntiú go mbainfidh tú an leas is mó is féidir as an imeacht.
Céim 2: Le linn an imeachta líonraithe
Bí páirteach ann
Cé gur scáfar an smaoineamh é líonrú, is fiú dul sa seans leis. Bí ar do shuaimhneas, mar sin! Déan cinnte de go labhraíonn tú le daoine agus go dtosaíonn tú ar naisc luachmhara a fhorbairt. Sin é an fáth a bhfuil tú ag freastal ar an imeacht, i ndeireadh na dála. Má tá haischlib thiomnaithe ag an imeacht, is féidir go mbeidh deis iontach agat dul i dteagmháil leis na daoine thart timpeall ort trí na meáin shóisialta a úsáid.
Tosaigh an comhrá
Is féidir go mbeidh aithne agat ar na daoine a mbeidh tú ag labhairt leo nó is féidir nach mbeidh. Is cuma. D’fhéadfá an comhrá a spreagadh trí cheisteanna a chur orthu faoina gcuid oibre nó faoina gcuideachta agus trína léiriú go bhfuil spéis agat san obair a dhéanann siad. Cé gur mhaith leat, ar ndóigh, do chúlra agus do scileanna féin a chur in iúl am éigin sa chomhrá, is dea-smaoineamh é gan tú féin a chur chun cinn lom láithreach mar go bhféadfadh go gcuirfeadh sé sin isteach ar dhaoine.
Iarr cártaí gnó agus scaip do chárta gnó féin
Cé go dtairgfidh roinnt daoine a gcárta gnó go díreach, ní dhéanfaidh daoine eile é sin. Dá bhrí sin, ná bí drogallach cártaí gnó a iarraidh, go háirithe i gcás daoine a bhfuil an-spéis agat iontu. Cuid thábhachtach den obair leantach tar éis an imeachta is ea a sonraí teagmhála a bheith agat.
Mar an gcéanna, déan cinnte de go scaipeann tú do chárta gnó féin le go mbeidh do shonraí teagmhála féin agus meabhrúchán áisiúil faoina bhfuil ionat ag na daoine sin.
Céim 3: Tar éis an imeachta líonraithe
Obair leantach
Is dócha gurb é seo an pointe is tábhachtaí ar fad – mura ndéanann tú teagmháil leis na teagmhálaithe a ghnóthaigh tú, beidh seans ann nach mbainfidh tú leas ar bith as an dua a chuir tú leis an imeacht agus le naisc a dhéanamh. Bain úsáid as na cártaí gnó a bhailigh tú agus coinnigh an comhrá ar siúl!
Nasc ar LinkedIn
Mórlíonra ar líne is ea LinkedIn. Tá sé ar cheann de na príomh-mhoil earcaíochta ar an Idirlíon freisin. Trí nascadh leis na daoine ar bhuail tú leo, beidh tú in ann a léiriú go bhfuil spéis agat iontu agus ina gcuid oibre. Ag an am céanna, beidh tú ag fáiltiú roimh theagmhálaithe na ndaoine sin isteach i do líonra féin. Is fiú teachtaireacht phearsantaithe atá bainteach leis an imeacht a sheoladh chucu chun cabhrú leo a chuimhneamh cén áit ar bhuail siad leat agus chun bhur gcomhrá a atosú.
Mura bhfuil tú cinnte faoi cé na buntáistí a bhaineann le líonrú, déan cinnte de go léann tú Cad iad na buntáistí is féidir liom a bhaint as líonrú? Má éiríonn leat cuireadh chun agallaimh a fháil mar thoradh ar an líonrú ar thug tú faoi, bainfidh tú an-leas as 5 leid le haghaidh agallamh rathúil a dhéanamh.
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoir EURES
Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
EURES ar Google+
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 7 Meitheamh 2017
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Cleachtas is fearr EURES
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles