Spreag nasc pearsanta
D’fhéadfadh sé a bheith deacair muinín a bheith agat as duine nach bhfuil aithne ró-dhomhain agat orthu. Spreag do d’fhoireann aithne a chur ar a chéile taobh amuigh den ionad oibre le go mbeidh siad ar a suaimhneas ag comhoibriú lena chéile. Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú am a chaitheamh le chéile lasmuigh d’uaireanta oibre (go háirithe ós rud é go n-oibríonn go leor foirne go cianda anois, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé sin a bheith deacair nó dodhéanta). Ina ionad sin, d’fhéadfadh sé a bheith chomh simplí le plé cairdiúil le linn cruinnithe foirne a spreagadh, agus iarracht a dhéanamh a fhiafraí de do chomhghleacaithe faoin méid atá ar siúl ina saol agus a bheith in ann cuimhneamh ar an méid sin ina dhiaidh.
Bí ag éisteacht go gníomhach leo
Bunús le haghaidh dea-chaidreamh oibre a bhunú le do chomhghleacaithe é éisteacht go gníomhach lena smaointe agus lena ndearcthaí. Cuir fáilte roimh bhealaí nua chun rudaí a dhéanamh, agus déan cinnte go mothaíonn d’fhoireann compordach tuairimí dearfacha agus diúltacha araon a roinnt gan eagla a bheith orthu go dtabharfaí breithiúnas nó iomardú orthu ina leith. Cuir am ar leith ar leataobh dóibh chun é sin a dhéanamh, lena n-áirítear cruinnithe rialta aghaidh ar aghaidh agus cruinnithe grúpa.
Gníomhaigh de réir moltaí
Ní leor éisteacht le smaointe agus le dearcthaí fostaithe amháin – ní mór duit freisin gníomhú dá réir. Nuair a chuireann comhghleacaí moladh nó trácht cuiditheach faoi do bhráid, bí cinnte go ndéanfaidh tú obair leantach leo maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag gníomhú dá réir. Más rud é, ar an taobh eile, go ndéanann siad moladh nach n-aontaíonn tú leis, ná bí dímheasúil leo. Ina ionad sin, mínigh go cuiditheach an fáth go mbraitheann tú gur cheart cur chuige eile a ghlacadh, agus bí oscailte chun éisteacht le tuilleadh smaointe nó soiléirithe.
Cuir aiseolas rialta ar fáil
Ná fan go dtí an próiseas measúnaithe foirmiúil chun aiseolas a thabhairt do d’fhoireann. Ina ionad sin, tabhair aiseolas go pras, ag am iomchuí agus go príobháideach, más gá. Fágfaidh sé sin gur féidir leis na fostaithe beart a dhéanamh láithreach chun a gcur chuige a athrú. Má fhanann tú ró-fhada gan aon rud a rá, gach seans nach mbeidh mórán tionchair ag an aiseolas orthu. Tá sé sin fíor go háirithe má tá dearcadh diúltach acu, toisc go bhféadfadh baill foirne a bhrath gur caitheadh go héagórach leo, agus beidh siad neamhairdeallach ar na cúraimí atá idir lámha acu ag an am dá bharr.
Bí trédhearcach
Uaireanta, d’fhéadfadh sé a bheith míchompordach topaicí íogaire a phlé le do bhaill foirne – cuir i gcás cealú bónais a rabhthas ag súil go mór leis, mar shampla, nó athrú mór ar chleachtais oibre. Mar sin féin, déanfar dochar don chaidreamh eadraibh má chuireann tú siar é nó má sheachnaíonn tú é a dhéanamh, agus cuirfidh sé isteach ar an muintearas a bhraithfidh do chuid fostaithe i d’eagraíocht. Ina áit sin, bí ionraic maidir le d’ionchas gnó, cibé an bhfuil sé maith nó olc, agus coinnigh d’fhostaithe ar an eolas faoi aon athruithe atá le teacht a d’fhéadfadh tionchar a imirt orthu.
Tabhair ceannaireacht le dea-shampla
Ní maith le duine ar bith fimíneach. Mura gcreideann tú go fírinneach i do threoracha ná i do chomhairle féin, conas is féidir le d’fhoireann déanamh amhlaidh? Chun cineálacha ar leith iompair a spreagadh i measc do chuid fostaithe, cloígh leis an gcaighdeán céanna tú féin agus cloígh leis i ngach gné de do chuid oibre.
Taispeáin meas
Ní dócha go spreagfar riamh fostaí chun leanúint orthu de bheith ag obair go dian mura n-aithnítear a n-iarrachtaí ar an gcéad dul síos. Ina ionad sin, léirigh go bhfuil meas agat orthu trí aird ball foirne eile a tharraingt ar a n-éachtaí sonracha agus iad a mholadh, agus tréaslú leo don obair mhaith atá déanta acu. Ina theannta sin, bí cinnte go gcuirfidh tú dreasachtaí trédhearcacha airgeadais agus gairme ar fáil mar luach saothair.
Is féidir leis an ngá atá le haiseolas a chur ar fáil é a dhéanamh deacair caidreamh dearfach a bheith agat le fostaithe. Foghlaim conas aiseolas diúltach a thabhairt d’fhostaithe ar bhealach tuisceanach chun bheith in ann obair go tairbhiúil le d’fhoireann.
Naisc ghaolmhara:
Conas aiseolas diúltach a thabhairt d’fhostaithe ar bhealach tuisceanach
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 23 Feabhra 2023
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles