Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta30 Aibreán 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Sé leid chun an chonair ghairme cheart a aimsiú

Nuair a chuireann tú tús le do ghairm, bíonn sé deacair fios a bheith agat maidir le cén bealach is fearr le glacadh. Seo iad na sé leid is fearr uainn chun cabhrú leat an chonair ghairme cheart a aimsiú.

Six tips for finding the right career path
Shutterstock

1. Smaoinigh ar do chuid spriocanna

Smaoinigh ar a bhfuil uait i ngairm. D‘fhéadfadh ról ar leith a bheith i gceist le sprioc ghairme – b’fhéidir gur mhian leat i gcónaí a bheith i do mhúinteoir, mar shampla – nó éacht ar leith, amhail cáilíocht mar innealtóir nó do bhialann féin a bhunú. B’fhéidir go bhfuil rud nach bhfuil chomh sonrach sin i gceist: b’fhéidir gur mhaith leat a bheith i ngairm a bhaineann le cabhrú le daoine eile nó le rud éigin cruthaitheach a dhéanamh? Trí spriocanna a bheith agat beidh treoir agat maidir le conair ghairme a aimsiú.

2. Bíodh do láidreachtaí féin ar eolas agat

Mura bhfuil aon spriocanna soiléire ar intinn agat, ná bíodh imní ort – níl a fhios ag gach duine cén ghairm is fearr le leanúint. Smaoinigh ar do láidreachtaí féin ar dtús. An ‘duine do dhaoine’ thú nó an oibríonn tú ar bhealach níos fearr leat féin? An bhfuil tú inniúil le focail nó an fearr leat uimhreacha? An mbeadh post gníomhach, fisiciúil oiriúnach duit, nó arbh fhearr leat bheith i do shuí ag deasc in oifig? D’fhéadfaí ceisteanna simplí mar seo cabhrú leat tuiscint a fháil ar na poist a d’fhéadfadh a bheith ann duit.

3. Féach ar an margadh fostaíochta

Má tá tú oscailte do roghanna éagsúla, d’fhéadfadh sé cabhrú leat freisin roinnt taighde a dhéanamh ar an margadh fostaíochta. Cad iad na hearnálacha ina mbeidh oibrithe ag teastáil uathu sna blianta amach romhainn agus cad iad na scileanna a bheidh de dhíth orthu? Ar an mbealach seo, is féidir gairm a aimsiú a thabharfaidh a lán deiseanna suimiúla duit, is dócha. Ina dhiaidh sin, is féidir leat díriú ar na scileanna cearta agus ar an taithí cheart a fháil chun go mbeidh tú níos infhostaithe. Cuimhnigh go bhfuil an oiread sin ról féideartha ar fáil, cuid mhór acu nár chuala tú trácht orthu riamh!

4. Déan iarracht pleanáil roimh ré, céim ar chéim

Más eol duit cá bhfuil tú ag iarraidh dul le do ghairm bheatha, beidh sin ina chabhrú leat bealach garbh a phleanáil chun é sin a bhaint amach. Smaoinigh ar na poist ar an leibhéal iontrála a thabharfaidh an taithí is ábhartha duit agus na cinn is mó dá bhfuil tú cáilithe. D‘fhéadfadh cáilíocht acadúil nó gairmcháilíocht a bheith ag teastáil maidir le roinnt post, ach d’fhéadfadh oiliúint ar an láthair oibre a bheith i gceist le cinn eile.

Cé go bhfuil pleanáil roimh ré ina cabhrú leat, ná cuir brú ort féin do ghairm iomlán a bheith pleanáilte amach agat. Tógtar gairmeacha céim ar chéim. Mar sin, smaoinigh ar gach deis poist mar dheis chun scileanna ‘inaistrithe’ a fhoghlaim agus a fhorbairt, ar scileanna iad is féidir leat a chur i bhfeidhm ar róil eile amach anseo.

5. Ná bíodh aon eagla ort an chonair ghairme a athrú

D’fhéadfá triail a bhaint as post nó as earnáil ar leith agus a fháil amach nach é sin an ceann duitse. I gcás mar sin, ná bíodh eagla ort athmhachnamh a dhéanamh ar do chuid pleananna. Cé go mbíonn cobhsaíocht inár ngairmeacha ag teastáil ón gcuid is mó againn, ní mór dúinn in amanna triail a bhaint as roinnt post éagsúil chun teacht ar an gceann ceart. Is gnách freisin dúshlán nua a iarraidh uaireanta. Mura bhfuil tú ag baint suilt as do chuid oibre, ná bíodh eagla ort do bhealach a athrú chun teacht ar an gconair ghairme cheart.

6. Tabhair tosaíocht do shásamh poist

Cuid an-tábhachtach den saol oibre is ea an spreagadh. B‘fhéidir gur duine thú a smaoiníonn ar spriocanna maidir leis ‘an scéal ar fad’ i do ghairm, nó b’fhéidir go dtagann do spreagadh i ndúshláin bheaga laethúla. Is é an rud is tábhachtaí a choinneáil ar d’intinn ná cad is mian leat ó do ghairm agus iarracht a dhéanamh post a aimsiú a fhágann go mbíonn tú sásta ar bhonn laethúil.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.