Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta4 Deireadh Fómhair 2017An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Coinnigh an Dáta Saor: An tSeachtain um Scileanna Gairme

Fógra do dhaoine ar mian leo tabhairt faoi ghairm mar phríomhchócaire taosráin, feidhmeannach díolacháin nó ríomhchláraitheoir. Is cuma cé acu atá tú ag tosú do ghairme nó ag iarraidh do ghairm a aistriú, aimsigh tuilleadh faisnéise faoin oiliúint a bheidh ag teastáil uait chun an post foirfe duit a fháil an fómhar seo – fiú mura mbíonn tú cinnte go fóill faoin gconair ba mhaith leat a leanúint.

Save the Date: Vocational Skills Week
Vocational Skills Week

Toisc gur éirigh leis an gcéad imeacht dá leithéid riamh anuraidh, cuirfear an tSeachtain um Scileanna Gairme de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar siúl arís eile i mí na Samhna i mbliana, rud a mbeidh comhdhálacha, laethanta oscailte, comórtais agus a lán eile i gceist leis.

Is é aidhm an imeachta, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil ó 20 Samhain go dtí 24 Samhain, ná cumhacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a thaispeáint agus léargas a thabhairt ar an dóigh a bhféadann siad cabhrú le duine comhtháthú, muinín a mhéadú agus gairm níos sásúla a fháil.

Trí shraith gníomhaíochtaí a reáchtáil i dtíortha AE agus i dtíortha comhpháirtíochta sna seachtainí roimh an bpríomhimeacht, beidh rannpháirtithe in ann labhairt le saineolaithe faoi chúrsaí saincheaptha, faoi fhoghlaim obairbhunaithe, faoi chúrsaí oiliúna, faoi phrintíseachtaí agus faoi oiliúint ar an láthair oibre. Is nithe iad sin lena gcuirtear an teoiric agus an cleachtas le chéile agus lena gcuirtear ar chumas na rannpháirtithe a lánacmhainn a bhaint amach.

Bhí comórtas EuroSkills in Gothenburg, an tSualainn, i measc na ngníomhaíochtaí a bhí ar siúl le linn na Seachtaine um Scileanna Gairme anuraidh. Le linn an chomórtais sin, chuaigh daoine faoi bhun 25 bliana d’aois in iomaíocht lena chéile i dtascanna praiticiúla a bhaineann leis na réimsí seo: an t-iompar agus an lóistíocht; an déantúsaíocht agus an innealtóireacht; teicneolaíocht na foirgníochta agus na tógála; na healaíona cruthaitheacha agus an faisean; agus an teicneolaíocht faisnéise agus an chumarsáid.

Chomh maith leis sin, reáchtáil Cedefop – an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna comórtas grianghrafadóireachta ar líne. Coinnigh súil amach le haghaidh tuilleadh sonraí faoin gclár i mbliana.

Tugtar cuireadh do gach duine chun páirt a ghlacadh ann, lena n-áirítear foghlaimeoirí, tuismitheoirí, cuideachtaí, eagraíochtaí gnó, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, cumainn ghairmiúla, comhairleoirí gairmthreorach, údaráis phoiblí agus an tsochaí i gcoitinne.

Cruthaítear deiseanna i roinnt mhaith réimsí le gairmoiliúint, lena n-áirítear deiseanna san eolaíocht, san innealtóireacht, sa chúram sláinte agus san airgeadas san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Tugtar deiseanna léi do gach duine, beag beann ar a n-aois agus ar a bhforbairt ghairmiúil. Is é an toradh atá uirthi go bhfuil rannpháirtithe níos infhostaithe agus ullmhaithe le haghaidh post ar fud an domhain. Ina theannta sin, cuirtear feabhas le foghlaim ar feadh an tsaoil ar chuimsiú sóisialta, ar an éagsúlacht agus ar shaoránacht ghníomhach.

 

Naisc ghaolmhara:

Láithreán gréasáin na Seachtaine Eorpaí um Scileanna Gairme

Láithreán gréasáin chomórtas EuroSkills

Cedefop – an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna

Cad is gairmoideachas agus gairmoiliúint ann agus cén fáth a bhfuil siad tábhachtach?

 

Léigh tuilleadh:

Aimsigh Comhairleoir EURES

Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

EURES ar Google+

Ábhair
  • Laethanta Fostaíochta/Imeachtaí
  • Óige
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.