Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta5 Eanáir 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Na cúig leid is fearr uainn d’fhostóirí agus iad ag filleadh ar an ionad oibre

Tráth a bhfuil rialacha agus rialacháin éagsúla fós i bhfeidhm ag teorainneacha mar gheall ar COVID-19, is tábhachtach an rud é duitse i do ról mar fhostóir a chinntiú go mbeidh tú ullamh agus daoine ag filleadh ar an ionad oibre. Seo iad ár gcúig nod is fearr chun fáilte a chur roimh do chuid fostaithe agus iad ag filleadh go sábháilte.

Our top 5 tips for employers returning to the workplace
EURES

1. Cuir an t-ionad oibre in oiriúint

Sula dtabharfaidh tú cuireadh don fhoireann filleadh ar an ionad oibre, breathnaigh ar leagan amach agus eagrú na hoibre chun scaipeadh víreas ar nós COVID-19 a laghdú. B’fhéidir go mbeadh gá le níos mó spáis idir stáisiúin oibre, le sceideal rialta glantacháin chríochnúil, agus le comharthaí lena chur in iúl do na baill foirne cé na bearta is féidir leo a dhéanamh chun aireachtáil níos sábháilte agus chun iad féin a chosaint.

Bhí go leor eagraíochtaí ag brath ar ardáin ar líne chun cumarsáid a dhéanamh le comhghleacaithe agus chun comhoibriú leo, agus mar sin beidh ar eagraíochtaí machnamh a dhéanamh anois ar na bealaí nua oibre sin agus iad a chur san áireamh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh cluasáin nó spásanna príobháideacha ag teastáil le haghaidh glaonna agus cruinnithe ar líne.

2. Féach ar bhealaí chun ionfhabhtú a chosc

Spreagann an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) daoine chun feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí a bhaineann le hionfhabhtú a leathadh agus maidir le bealaí a chur chun cinn chun an leathadh sin a chosc.

Más rud é gur cuireadh cleachtais nua i bhfeidhm ag an obair, cinntigh go gcuirfear ionchais maidir le sláinte agus sábháilteacht in iúl go soiléir roimh an bhfilleadh ar an obair agus lena linn ionas nach mbeidh mearbhall ar na fostaithe. Is compordaí agus is sábháilte a mhothóidh na baill foirne má chuirtear comharthaí in airde faoi phrótacail nua ghlantacháin, faoi chórais sealaíochta deisce, faoi chlúdaigh aghaidh a úsáid agus faoi bheartais nua eile.

3. Tabhair faoin bhfilleadh ar an obair de réir a chéile

D’fhéadfadh sé go raibh na fostaithe ag obair ó áiteanna éagsúla le bliain go leith anuas, agus d’fhéadfadh sé go mbainfear siar astu nuair a fhillfidh siad ar an ngnáthionad oibre. Chun freastal ar an athrú mór ar a ngnáthaimh laethúla, smaoinigh ar iarraidh ar na baill foirne cuairt a thabhairt ar an ionad oibre de réir a chéile chun deis a thabhairt dóibh iad féin a chur in oiriúint dó agus dul i dtaithí arís ar an timpeallacht nua. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin tosú le lá amháin ag an obair in aghaidh na seachtaine agus lá eile a chur leis gach cúpla mí.

Ní hamháin go gcuirfidh sé sin ar chumas na mball foirne an t-aistear chun na hoibre agus abhaile a bheith ina chuid dá saol arís, ach fágfaidh sé am acu freisin chun cúraimí ar nós cúram leanaí a eagrú thart timpeall ar an sceideal nua.

4. Bíodh plean agat!

Bhí an-chuid neamhchinnteachta ann le linn na paindéime, ach is féidir buairt agus imní ag an obair a laghdú ach plean a bheith ann chun bainistiú a dhéanamh ar ráigeanna amach anseo agus ar éigeandálaí sláinte eile. Ba cheart duit aghaidh a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a gcuirfear an gnólacht in oiriúint agus a leanfaidh sé ar aghaidh ag feidhmiú má bhíonn líon níos lú oibrithe ar fáil mar gheall ar fhadhbanna sláinte nó srianta taistil áitiúla. Ina theannta sin, ba cheart treoirlínte a bheith sa phlean maidir le saoire bhreoiteachta agus maidir le faisnéis agus tacaíocht a mbeidh fáil ag na baill foirne orthu.

Nuair a bheidh plean i bhfeidhm agat, déan cinnte é a chomhroinnt le gach duine sa ghnólacht. Ar an gcaoi sin, cuirfear leis an muinín a bheidh ag daoine as an eagraíocht, agus beidh an plean ina chúnamh maidir le freagra a thabhairt ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag fostaithe.

5. Dírigh aird ar an tacaíocht atá ar fáil

Tar éis na paindéime, seans nach mbeidh an t-ionad oibre ag feidhmiú ar an gcaoi chéanna a mbíodh sé roimhe sin, agus fágfaidh sé sin go mbeidh a lán ceisteanna ag na fostaithe. Agus athruithe oibríochtúla á gcur in iúl agat, smaoinigh ar dheiseanna a thabhairt do na baill foirne ceisteanna a chur agus faisnéis iontaofa a rochtain. D‘fhéadfadh siad a gcuid ceisteanna a chur ar bhaill foirne shinsearacha nó ar an rannóg acmhainní daonna, nó d’fhéadfaí iad a chur go príobháideach i nglao teileafóin duine le duine.

Bealach eile chun baill foirne a spreagadh i ndiaidh na géarchéime sláinte – a d’fhág a lán daoine ag aireachtáil scoite uaigneach – is ea dea-chleachtais folláine a chur chun cinn.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi fhilleadh ar an ionad oibre tar éis na paindéime, féach ar Ár gcúig nod is fearr d’fhostaithe agus iad ag filleadh ar an ionad oibre.

 

Naisc ghaolmhara:

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

Ár gcúig nod is fearr d’fhostaithe agus iad ag filleadh ar an ionad oibre

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.