Séanadh
Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.
Scagadh de réir
Nuacht (339)
RSS
Tapaigh an deis chun páirt a ghlacadh in imeachtaí scileanna agus iad a chur chun cinn freisin ar fud na hEorpa le linn na Bliana Eorpaí um Scileanna!
Tá fógartha ag an gCoimisiún Eorpach gurb í 2023 Bliain Eorpach um Scileanna, bliain ina dtugtar tús áite do scileanna. Mar chuid di, tá curtha le chéile aige sraith speisialta uirlisí chun cabhrú le geallsealbhóirí ar fud na hEorpa a n-imeachtaí agus a gcaidreamh leis na meáin a chur chun cinn.

Deich rud ba chóir do gach meantóir maith a dhéanamh
Chun bheith i do mheantóir maith san ionad oibre, ní leor é go bhfuil tú go maith sa phost atá agat. Anseo ag EURES, tá roinnt leideanna ullmhaithe againn chun cabhrú leat caidreamh torthúil a chruthú le do mheantaí.

Mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z san ionad oibre:
Is cuid mhór d’fhórsa oibre na hEorpa iad na mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z, agus tá scileanna agus tréithe uathúla ag an dá ghrúpa araon. Foghlaim tuilleadh faoina gcur chuige i leith a bheith ag obair ionas gur féidir leat fostaithe ón dá dhéimeagrafach sin a earcú, a choinneáil agus a bhainistiú ar shlí níos fearr.

Comhoibriú a thugann torthaí: Conas muinín a chothú i measc d’fhostaithe
Nuair a bhíonn muinín ag fostaithe as a gcomhghleacaithe, is féidir leo feidhmiú agus comhoibriú ar shlí níos fearr ach a fhios a bheith acu go bhfuil tacaíocht bhuanseasmhach acu uathu siúd atá timpeall orthu. Ach conas is féidir leat cabhrú le muinín a chothú i measc d’fhoirne? Táimid anseo chun cabhrú leat!

#Road2FairTransport: Feasacht a ardú ar chearta agus oibleagáidí tiománaithe agus oibreoirí
In 2022, d’eagraigh an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) an feachtas #Road2FairTransport chun tiománaithe agus oibreoirí a chur ar an eolas faoin reachtaíocht shóisialta AE is infheidhme san earnáil iompair de bhóthar.

Cúig phost gairme a bhfuil éileamh orthu le haghaidh 2023
Bíonn go leor daoine den tuairim go dteastaíonn céim ollscoile uathu chun post maith a fháil a bhfuil pá fiúntach ag dul leis ach ní fíor sin i gcónaí. Sa domhan seo a bhíonn ag athrú agus ag forbairt i gcónaí, is mór ag fostóirí scileanna praiticiúla gairme. Seo cúig phost gairme a bhfuil éileamh orthu in 2023.

Cuidíonn EURES le cuardaitheoir poist as an tSlóvaic obair oilte a fháil san Fhionlainn
Fuair Alexandra Mikulášová obair ag gníomhaireacht earcaíochta na Fionlainne, Econia. Tá rath ar an gcomhpháirtíocht idir EURES na Fionlainne agus Econia ó 2014 i leith.

Conas ardú pá a iarraidh ar d’fhostóir
Bíonn an-chuid fostaithe míchompordach faoi ardú pá a iarraidh ar a bhfostóir. Mar sin féin, má tá tú tar éis éirí braon de do ról, má bhí dea-fheidhmíocht leanúnach agat agus tú ina bhun nó má ghlac tú cúraimí a bhí os cionn do ghráid pá, níl sé ach cothrom go bhfaighfeá cúiteamh as do chuid oibre.

Post á lorg agat? Roinneann TUI Musement a chuid comhairle
Mar chuid de shraith nua, táimid ag labhairt le fostóirí Eorpacha chun an chomhairle is fearr atá acu do chuardaitheoirí poist a fháil. San alt seo, labhraímid le Joëlle Sabiti, ón gcomhlacht turasóireachta TUI Musement.

Conas is féidir le tréimhse oiliúna thar lear cabhrú leat tús a chur le do ghairm bheatha
An céimí thú a fuair céim le gairid atá ag streachailt le haistriú ó shaol an mhic léinn go dtí an saol gairmiúil? Anseo in EURES, creidimid nach bhfuil aon bhealach níos fearr chun é sin a dhéanamh ná le tréimhse oiliúna thar lear. Léigh ar aghaidh le fáil amach conas is féidir léi sin cabhrú leat do ghairm bheatha a thosú.