Tar éis do Amandine céim Mháistreachta a bhaint amach sa bhliain 2019, thosaigh sí ag cuardach poist. Cé gur ghlac an t-antraipeolaí páirt i gclár malartaithe Erasmus+ sa Phortaingéil agus i gcúrsa oiliúna ar Oileán Mhuirís, thuig sí go tapa nach raibh sé éasca deiseanna a aimsiú. Chinn sí clárú le Actiris, an tSeirbhís Fostaíochta Phoiblí a bhainistíonn seirbhísí EURES sa Bhruiséil, an Bheilg.
Soláthraíonn Actiris deiseanna i dtíortha eile
Ghlac Amandine páirt i seisiún faisnéise ginearálta faoi na seirbhísí éagsúla a sholáthraíonn Actiris, lena n-áirítear cur i láthair ar chúrsaí oiliúna thar lear. D’fhiafraigh sí di féin, “cén fáth nach mbainfinn triail as?” Thosaigh Amandine ag forbairt “projet professionel” (conair ghairmiúil aonair) di féin, ar uirlis í a úsáideann Actiris chun cabhrú le cuardaitheoirí poist a gconair ghairme a phleanáil agus deiseanna oiriúnacha poist agus cúrsa oiliúna a aimsiú. Thosaigh sí ag déanamh iarratas ar phoist éagsúla ansin agus tairgeadh cúrsa oiliúna trí mhí di le comhlachas i Maidrid.
Ba ghá di a pleananna a athrú de dheasca COVID-19
Bhog Amandine go príomhchathair na Spáinne chun tús a chur lena cúrsa oiliúna i mí Feabhra 2020. Ar an drochuair, tháinig COVID-19 chun cinn san Eoraip tamaillín ina dhiaidh sin. Cosúil le cuid mhór daoine eile, ba ghá do Amandine a pleananna a athrú.
D’fhág sí Maidrid agus í leath bealaigh tríd an eispéireas agus ba ghá di an chuid eile dá conradh a chur i gcrích ón mbaile sa Bhruiséil. Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag déanamh iarratas ar phoist nua sa Bhruiséil. Cé go raibh na cáilíochtaí cuí aici, fuair sí amach go raibh sí san iomaíocht le hiarrthóirí seanchleachtaithe i bpróisis iomaíocha iarratais.
Bhain Amandine triail eile as… agus d’aimsigh sí post atá foirfe di
Tar éis cúpla mí, b’eol do Amandine nach raibh sí ag iarraidh a pleananna bunaidh chun obair i dtír eile a thréigean. Chinn sí iarratas eile a dhéanamh agus chuaigh sí i dteagmháil an athuair lena Comhairleoir de chuid EURES ag Actiris i mí Mheán Fómhair.
Beag beann ar an bpaindéim reatha, fuair Amandine a lán tairiscintí ó fhostóirí i dtíortha amhail an Spáinn, Málta agus an Phortaingéil. Cé go raibh obair chianda á tairiscint ag cuid mhór díobh, bhí fonn uirthi obair i dtír eile arís.
Ar deireadh, rinne sí agallamh le comhlachas LADT in Valencia le haghaidh post ina ndéanfadh sí taighde ar spórt, inscne agus treoshuíomh gnéasach. Bheadh an post sin foirfe di. Bhí an-spéis ag Amandine sa ról agus, tar éis di dul i bhfeidhm ar na hagallóirí, tairgeadh an post di.
Beag beann ar na deacrachtaí a chruthaigh COVID-19, bhí Amandine in ann aistriú go Valencia le déanaí chun tús a chur lena cúrsa oiliúna. Cónaíonn sí le daoine eile i dteach idirnáisiúnta sa chathair anois agus tá áthas uirthi blaiseadh eile a fháil de chónaí i dtír eile.
Fiú amháin i gcomhthéacs leanúnach COVID-19, léiríonn eispéireas Amandine go mbíonn baill foirne idirnáisiúnta á lorg ag fostóirí ar fud na hEorpa go fóill.
Más spéis leatsa freisin post a aimsiú i dtír eile, téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES inniu chun a fháil amach conas is féidir leis/léi cabhrú leat an deis cheart a aimsiú.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi scéal Amandine san alt seo (i bhFraincis) ar láithreán gréasáin Actiris.
Naisc ghaolmhara:
Déan teagmháil le Comhairleoir EURES
Alt: "Amandine a fait le pari du stage à l’étranger"
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 26 Aibreán 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Treochtaí earcaíochta
- Scéalta ratha
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Professional, scientific and technical activities