Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta21 Meitheamh 2017An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Aontaí post: an leas is fearr a bhaint as do chuid ama

Tá aonach post ar mhaith leat freastal air aimsithe agat agus tá an próiseas clárúcháin curtha i gcrích agat (más gá!) Cad é an chéad chéim eile? D’fhéadfadh go mbeifeá den tuairim gur leor é freastal ar an imeacht ach, dá mba mhaith leat an leas is fearr a bhaint as aonach post agus do chuid ama a úsáid go héifeachtach, d’fhéadfadh gurbh fhearr pleanáil roimh ré a dhéanamh...

Job fairs: making the most of your time

Faigh amach cé a bheidh ann

Tríd is tríd, déanann aontaí post an liosta de na taispeántóirí a bheidh i láthair a fhoilsiú roimh an imeacht. Más eol duit cad iad na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a bheidh ann, beidh tú in ann a aithint cé hiad na daoine ar mhaith leat labhairt leo agus plean gníomhaíochta a cheapadh dá réir. B’fhearr é sin a dhéanamh más imeacht mór é mar nach dóigh go mbeidh go leor ama agat labhairt le gach duine. Dea-bhealach chun na freastalaithe a roinnt ina bhfreastalaithe ar mhaith leat bualadh leo go cinnte agus ina bhfreastalaithe a mbuailfeá leo dá mbeadh an t-am agat is ea iad a chur in ord tosaíochta.

Bí gléasta go maith

Cé go gceapfá gur cuma cén dóigh a bhfuil tú gléasta, is cuid thábhachtach í den dóigh a gcuireann tú tú féin i láthair. Tá tábhacht leis an gcéad imprisean. I ndeireadh na dála, is dóigh go mbuailfidh an lucht earcaíochta leis na céadta duine óg cosúil leat féin ar an lá. Níor mhaith leat gur ar dhroch-chúiseanna a chuimhneofaí ort! Smaoinigh ar na héadaí a bheadh ort le haghaidh agallamh poist agus ní rachaidh tú ar strae.

Déan cóipeanna de do CV

Is dóigh nach mbeidh ach 10 nóiméad nó mar sin agat chun labhairt le fostóir féideartha. B’fhearr duit, dá bhrí sin, rud a mbeifeá in ann é a thabhairt dóibh a bheith agat. Cé gur fíorúsáideach atá cártaí gnó, is fearr CV mar go dtugtar i bhfad níos mó faisnéise ann faoi na scileanna agus faoin taithí atá agat agus faoi na dóigheanna ar féidir leat cur leis an gcuideachta. Déan cinnte de go bhfuil go leor cóipeanna le scaipeadh agat agus nach bhfuil do CV rófhada ná róghairid mar nach mbeadh aon fhostóir féideartha ag iarraidh 10 leathanach a léamh chun a fháil amach cé atá ionat agus cad iad na scileanna atá agat!

Smaoinigh faoina bhfuil á lorg ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí

Tá siad ag lorg fostaithe inniúla nua a chuirfidh breisluach lena gcuideachta. Cé gur tábhachtach atá na scileanna agus an taithí a léirítear ar do CV, tá tábhacht leis an imprisean a thugann tú go pearsanta freisin. Uasmhéadófar a tharraingtí atá tú mar fhostaí féideartha má dhéanann tú meangadh gáire, má bhreathnaíonn tú ar dhaoine sa tsúil, má léiríonn tú go soiléir go bhfuil spéis agat sa chuideachta (agus go bhfuil eolas agat uirthi) agus má chuireann tú tú féin i láthair go muiníneach.

Smaoinigh ar a bhfuil uaitse

Cén fáth a bhfuil tú ag freastal ar an aonach post? An ann do phost sonrach atá tú ag iarraidh a fháil nó an ann do chuideachta ar mhaith leat a bheith ag obair inti? An bhfuil spéis agat ina fháil amach cé na deiseanna eile a d’fhéadfadh bheith ann? Nó an gceapann tú gur rud ba cheart duit a dhéanamh é freastal ar aonach post? Má smaoiníonn tú go hionraic ar do spreagadh, cabhrófar leat do chuid ama a dhíriú agus tú ann. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh go dtabharfadh sé sin spreagadh duit, i gcás na cúise deireanaí go háirithe, cur chuige níos éifeachtaí a ghlacadh.

Cén áit ar féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil?

Pointe tosaithe iontach is ea Laethanta Fostaíochta Eorpacha. Leis na haontaí earcaíochta sin, a chuirtear ar siúl ar líne agus ar an láthair araon, tugtar cuardaitheoirí poist agus gnólachtaí le chéile cúpla uair sa mhí (ar an meán) in áiteanna difriúla san Eoraip. Tá sé éasca clárú le haghaidh imeachta. Is féidir déanamh amhlaidh trí láithreán gréasáin Laethanta Fostaíochta Eorpacha.

Lasmuigh den Eoraip, reáchtálann an tAonach Domhanda Gairmeacha roinnt Aontaí Idirnáisiúnta Gairmeacha gach bliain. Reáchtáiltear na himeachtaí sin ar líne, rud a fhágann gur féidir le daoine óga ar fud an domhain iad a rochtain.

Tá aontaí post agus líonrú fite fuaite ina chéile. Déan cinnte de, dá bhrí sin, go léann tú an bhuntreoir maidir le líonrú uainn chun leideanna iontacha a fháil faoi conas líonrú éifeachtach a dhéanamh.

 

Naisc ghaolmhara:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aontaí Idirnáisiúnta Gairmeacha

An bhuntreoir maidir le líonrú

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Drop’pin@EURES

Aimsigh Comhairleoir EURES

Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

EURES ar Google+

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Laethanta Fostaíochta/Imeachtaí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.