Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta19 Bealtaine 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas a bheith táirgiúil agus tú ar thuras oibre

Tá taithí againn go léir ar an bhfadhb áirithe seo – téimid ar thuras oibre ar feadh cúpla lá agus nuair a thagaimid ar ais bíonn an bosca isteach líon lán de ríomhphoist neamhléite agus de thascanna ar feitheamh. Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat a bheith táirgiúil agus tú ar thuras oibre.

How to stay productive when travelling for work

Coinnigh liosta mionsonraithe de rudaí atá le déanamh

Agus tú ar thuras oibre, ag aistriú ó eitilt go chéile agus ag tógáil tacsaithe, is furasta dearmad a dhéanamh ar thascanna tábhachtacha. Déan liosta de gach rud is gá duit a dhéanamh le linn do thurais oibre agus roimhe chomh maith. Ar an gcaoi sin, beidh tú in ann a bheith cinnte nach bhfuil tasc ar bith caillte agat.

Fág freagrachtaí faoi do chomhghleacaithe

Níl faic cearr le hiarraidh ar chomhghleacaí leat roinnt de do chuid tascanna a ghlacadh agus tú ar do bhoinn. Ná déan dearmad eolas mionsonraithe a thabhairt do do chomhghleacaithe, áfach, ionas go mbeidh a fhios acu cad atá le déanamh agus tú ag imeacht. Is féidir difríocht mhór a dhéanamh do d’ualach oibre trí thascanna simplí a tharmligean le duine de do chomhghleacaithe.

Bain an tairbhe is mó de shosanna beaga

Fiú má bhíonn an clár le haghaidh do thurais oibre lán go béal, seans maith go fóill go mbeidh sos éigin agat. D’fhéadfadh sé sin a bheith ag críochfort an aerfoirt, ar an gcóiste nó le linn sosanna lóin idir cruinnithe. Bain úsáid as an am sin chun do ríomhphoist a sheiceáil agus chun fanacht in uachtar ar na tascanna leanúnacha. Is féidir leat go leor rudaí a dhéanamh le linn sosanna 15-30 nóiméid, rud a laghdóidh go mór d’ualach oibre nuair a bheidh tú ar ais ag an obair.

Ionchais a bhainistiú

Ná bíodh aon leisce ort fainic a chur ar do chomhghleacaithe ná ar do chliaint go mbeidh tú ag taisteal agus, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain theoranta ar do ríomhphoist agat. Bíodh a fhios acu nach féidir leo a bheith ag súil le freagra tapa uait agus tú ar shiúl ón oifig. Ná déan dearmad teachtaireacht á rá go bhfuil tú imithe ón oifig a chur ar siúl ina chuirtear in iúl cathain a bheidh tú ar shiúl ón oifig agus dáta do fhillte.

Ná dearmad do ghléasanna oibre

Bí cinnte go bhfuil na gléasanna go léir is gá agat chun go mbeidh tú in ann do phost a dhéanamh go cianda, cuir i gcás fóin oibre agus leabhair nótaí. Gach seans nach mbeidh do ríomhaire glúine uait don turas, ach beidh sé sin áisiúil go leor nuair a bheidh ort obair a dhéanamh ón óstán, mar shampla.

Socraigh teorainneacha soiléire

Má bhíonn tú ag déanamh cathaoirleacht ar do chruinnithe oibre, bí cinnte go socróidh tú amchláir agus cláir oibre shoiléire ina leith. Is féidir cruinnithe oibre neamhstruchtúrtha a reáchtáil go furasta ar feadh i bhfad níos faide ná mar is gá. Má shocraítear teorainneacha soiléire do do chruinnithe oibre, méadófar do tháirgiúlacht leis – rud a chabhróidh leat an leas is fearr is féidir a bhaint as do thuras.

Cuir am ar leataobh chun do scíth a ligean

Ar ndóigh, ní féidir leat a bheith ag obair an t-am ar fad. Is féidir le turais oibre a bheith an-tuirsiúil toisc go mbíonn taisteal agus tuirse aerthurais i gceist leo go minic. Bí cinnte am a chur ar leataobh chun do scíth a ligean. Tar éis an tsaoil, is é an bealach is fearr chun bheith táirgiúil i gcónaí do scíth a ligean go héifeachtach.

Is mothúchán neamhdhóthanachta é siondróm an phasadóra a théann i bhfeidhm ar go leor daoine, fiú nuair a bhíonn rath orthu ina réimse. Is féidir leis dul i gcion ar dhaoine sa chaoi go mbraitheann siad nach bhfuil a rath tuillte acu agus nach bhfuil siad chomh cumasach céanna le daoine eile. Seo conas déileáil leis.

 

Naisc ghaolmhara:

Ceithre riail órga chun déileáil le siondróm an phasadóra san ionad oibre

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.