Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta25 Samhain 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Conas aiseolas diúltach a thabhairt d’fhostaithe ar bhealach tuisceanach

Is féidir le haiseolas diúltach a thabhairt d’fhostaí a bheith dúshlánach ach is cuid thábhachtach den bhainistíocht a dhéantar ar fhostaithe í agus, go deimhin, is féidir an caidreamh idir tusa agus an fostaí a neartú ach an t-aiseolas a thabhairt i gceart. Coinnigh ort ag léamh chun fáil amach conas is féidir leat é sin a bhaint amach.

How to sensitively deliver negative feedback to employees

Léirigh meas

Tabhair aiseolas diúltach go príobháideach i gcónaí, agus bí cinnte go gcoinneoidh tú guaim ort féin agus go léireoidh tú go bhfuil bá agat leis an duine eile. Éist go gníomhach le dearcadh d’fhostaí, agus déan machnamh i ndáiríre ar an méid atá le rá aige nó aici. Glac d’am agus tú ag smaoineamh go cúramach ar do chuid freagraí sula labhróidh tú. Ní hamháin go bhfágfaidh sé sin gur fearr an glacadh a bheidh ag na fostaithe le do thuairimí, ach cothófar a bhfás gairmiúil freisin, mar go mbraithfidh siad go mbeidh ar a gcumas tabhairt faoi dhúshláin úra amach anseo gan bheith buartha go náireofar iad ná go gcothófar achrann.

Labhair go macánta díreach, ach ná bí géar ar an bhfostaí

Cé go bhféadfá a cheapadh gurbh fhusa a bheadh sé an buille a mhaolú trí aiseolas dearfach a thabhairt mar chúiteamh ar an aiseolas diúltach, ní maith an cur chuige é sin san fhadtréimhse. Bheadh seans ann mar sin go mbeadh tuiscint mhíchruinn ag na fostaithe ar a gcuid feidhmíochta, agus dá bhrí sin go mbeadh mearbhall orthu agus go mbeidís trína chéile nuair nach mbeadh do chuid tuairimí dearfacha á léiriú sna measúnuithe a dhéanfar orthu ná sa dul chun cinn a dhéanfaidh siad ina bpost. Chun é sin a sheachaint, tabhair aiseolas spriocdhírithe a bhaineann go sonrach le hiompraíocht nó le garspriocanna áirithe. Ná déan ráitis ró-ghinearálta agus ná tabhair breithiúnais uileghabhálacha maidir le cumas nó intinn an fhostaí, toisc go bhféadfadh sé nó sí a bhrath go rabhthas ag piocadh air nó uirthi féin go háirithe.

Roghnaigh am cuí

Tabhair aiseolas diúltach go pras, ag am cuí. Fágfaidh sé sin gur féidir leis na fostaithe beart a dhéanamh láithreach chun a gcur chuige a athrú agus tuilleadh fadhbanna a sheachaint. Ina theannta sin, má fhanann tú ró-fhada d’fhéadfadh sé gur lú an tionchar a bheadh ag do chuid tuairimí, mar go bhféadfadh sé go mbraithfeadh do chuid fostaithe gur thángthas aniar aduaidh orthu ar bhealach nach bhfuil cóir, agus go mbainfí a n-aird de na cúraimí a bheadh idir lámha acu ag an am.

Aimsigh réitigh agus leag síos spriocanna réalaíocha

Chun féachaint chuige gur aiseolas cuiditheach a bheidh á thabhairt agat seachas aiseolas cáinteach, cuidigh le d’fhostaí réitigh a aithint ar fhadhbanna atá á lua agat agus leag síos spriocanna réalaíocha, sonracha maidir le feabhas a bhaint amach san am atá le teacht. Cuir in iúl go soiléir an fáth a bhfuil na hathruithe sin tábhachtach, agus an chaoi a gcuideoidh siad leis nó léi feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht fhoriomlán sa phost. Ina theannta sin, bí cinnte go socróidh tú dáta chun féachaint cén dul chun cinn a bhainfear amach. Ní hamháin go gcabhróidh sé sin lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas leanúnach ar fheidhmíocht do chuid fostaithe, ach beidh sé ina chabhair freisin i dtaobh an bhraistint a bheith acu gur cás leat an dul chun cinn a dhéanfaidh siad ina ngairm.

Ar mhaith leat tuilleadh comhairle maidir lena chinntiú go mbeidh d’fhostaithe sona sásta? Féach ár n-alt maidir le Conas a bheith i do dhea-fhostóir’.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas a bheith i do dhea-fhostóir

 

Tuilleadh eolais:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.