Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta8 Aibreán 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Conas a d’fhéadfaí difear a dhéanamh don saol oibre sa bhliain 2021 de bharr na paindéime

De bharr phaindéim COVID-19, tá ár saol ag athrú ar go leor bealaí, go háirithe san obair. Tá an ghéarchéim sláinte ag déanamh difear do sceidil, uirlisí, timpeallachtaí agus tosaíochtaí i saol na hoibre. Léigh ar aghaidh chun a fháil amach cad iad na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an obair sa bhliain 2021.

How the pandemic might affect the world of work in 2021
EURES

Socruithe solúbtha oibre ar bhonn níos leithne                                                                      Ceann de na dúshláin ba mhó a tháinig as an bpaindéim ba ea an t-aistriú tobann chuig obair ón mbaile. Is cuma cé acu a bhí siad réidh leis an aistriú nó nach raibh, bhí ar eagraíochtaí dul i muinín na cianoibre lom láithreach. Cé gur tháinig obair ón mbaile chun cinn mar ghnás nua, chonacthas athrú freisin sna huaireanta oibre a bhíothas ag obair. In amanna, bhí tuismitheoirí ag iarraidh obair a dhéanamh agus freagrachtaí cúram leanaí a chomhlíonadh ag an aon am amháin agus bhí tuismitheoirí eile ag tosú a gcuid oibre ag am níos luaithe sa lá nó ag críochnú a gcuid oibre ag am níos déanaí sa lá chun freastal ar ghnáthamh nua. Breathnaíodh le bliain anuas na buntáistí a ghabhann le socruithe solúbtha oibre, lena n-áirítear cothromaíocht fheabhsaithe oibre is saoil agus táirgiúlacht mhéadaithe. Cé go n-athosclófar oifigí nuair a bheidh sé sábháilte déanamh amhlaidh, táthar ag súil leis go leanfaidh a lán eagraíochtaí le roghanna cianoibre agus solúbtha a thabhairt dá mbaill foirne, fiú mura mbeidh ach lá amháin nó dhá lá sa tseachtain i gceist leo.

Comhoibriú leantach ar líne                                                                                                   Ón gcéad lá den phaindéim amach, táthar ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an teicneolaíocht chun tabhairt faoi chianobair agus faoi chomhoibriú ar líne.  Mar thoradh air sin, cuireadh dlús leis an méid a bhíothas ag glacadh san áit oibre le teicneolaíochtaí difriúla de réir mar a thosaigh eagraíochtaí ag brath orthu chun go mbeadh siad in ann leanúint lena gcuid oibre i dtimpeallacht nua ar fad.  Bhíothas ag brath go mór ar ardáin chumarsáide amhail Zoom agus Microsoft Teams agus táthar ag breathnú orthu anois mar bhunriachtanas chun cumarsáid éifeachtach éifeachtúil a choinneáil ar bun idir comhghleacaithe, ranna agus gnólachtaí ar fud an domhain. Tá ag méadú ar na teicneolaíochtaí sin agus is dócha go mbeidh siad i mbun úsáide fós sa bhliain 2021.

Timpeallachtaí oibre níos sábháilte                                                                                        Is tábhachtaí san am i láthair ná am ar bith riamh an tsláinte agus an tsábháilteacht san áit oibre. Nithe ríthábhachtacha le linn na paindéime ba ea prótacail nua agus fheabhsaithe amhail lámha a ní go rialta, díghalrú agus glaineacht ghinearálta agus is dócha go gcloífear leo go ceann tamaill fós. D’fhéadfaí feabhas a chur ar an aeráil, ar cháilíocht an aeir agus ar an tslándáil chun fostaithe a chosaint ar rioscaí sláinte sa todhchaí. Beifear ag súil leis go soláthróidh a lán áiteanna oibre vacsaín in aghaidh COVID-19 dá gcuid fostaithe agus tá seans ann go mbeidh siad in ann leas a bhaint as an tairiscint sin chun oibrithe nua a mhealladh.

Díriú níos mó ar an meabhairshláinte                                                                                Táthar ag déanamh tagairt do phaindéim COVID-19 agus do na dúshláin a d’eascair aisti sa phlé atá ar bun le déanaí ar an meabhairshláinte. Bhí ar fhostaithe ar fud an domhain déileáil le cúram leanaí, leis an gcothromaíocht oibre is saoil agus le modhanna difriúla cumarsáide agus iad ag obair le linn na paindéime. Toisc gur dócha go mbeidh an rogha ann fós obair go cianda, tá seans ann go mbeidh ar fhostóirí obair go dícheallach chun teagmháil a choinneáil ar bun lena gcuid fostaithe, chun leanúint le dea-chultúr oibre a chothú agus chun tús áite a thabhairt d’fholláine na foirne.

Níl iontu sin ach ceithre bhealach a bhféadfadh go mbeadh cuma dhifriúil ar shaol na hoibre sa bhliain 2021 mar thoradh ar an bpaindéim.  Más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi thionchar COVID-19 ar an saol oibre, féach na hailt seo uainn: An dóigh ar féidir le fostóirí aghaidh a thabhairt ar an éagothroime inscne atá ann mar gheall ar COVID-19 agus Ceithre earnáil fostaíochta a bhfuil an-éileamh orthu mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

 

Naisc ghaolmhara:

Zoom

Microsoft Teams

An dóigh ar féidir le fostóirí aghaidh a thabhairt ar an éagothroime inscne a chruthaigh COVID-19

Ceithre earnáil fostaíochta a bhfuil an-éileamh orthu mar thoradh ar phaindéim COVID-19

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachtaNuacht/tuarascálacha/staitisticí
Cuid(eanna) gaolmhara
Maireachtáil & Obair
Earnáil
Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.